Tá saothar ealaíne nua lena gceiliúrfar saol agus laethanta Harry Reynolds ar a bhealach go Baile Brigín.

Táthar tar éis John Kindness, ealaíontóir Éireannach cáiliúil, a choimisiúnú chun saothar ealaíne poiblí nua a chruthú mar chuid d’fhorbairt Bhóthar Anraí Mhic Raghnaill. 

Harry Reynolds Cyclist image

Táthar tar éis John Kindness, ealaíontóir Éireannach cáiliúil, a choimisiúnú chun saothar ealaíne poiblí nua a chruthú mar chuid d’fhorbairt Bhóthar Anraí Mhic Raghnaill. Leis an saothar, dar teideal Harry’s Wall, ceiliúrfar saol agus oidhreacht an rothaí áitiúil mór le rá ar a dtugtar ‘The Fingal Flyer’.
Iarradh ar an ealaíontóir taighde a dhéanamh ar smaointe le haghaidh saothair ealaíne poiblí uathúla do Bhaile Brigín, ar baile atá i mbéal forbartha é, agus chuir an pobal fáilte chroíúil roimh a chuid coincheap le linn roinnt cuairteanna ar an láithreán agus le linn roinnt láithreoireachtaí.
Cuirfear tús leis an tógáil cloiche nua an fómhar seo le cúnamh ó Fhoireann Oibríochtaí Chomhairle Contae Fhine Gall. Ina dhiaidh sin, tosóidh John ag obair ar na tíleanna agus ar an bpróiseas rannpháirtíochta pobail chun an tionscadal a chur i gcrích in earrach/samhradh na bliana 2026.
Tá saothar ealaíne ceann scríbe eile le suiteáil ar an láithreán nua ar Shráid na Cé mar chuid den Chlár Athghiniúna ‘Ár mBaile Brigín’.
Beidh an saothar suite gar do Thimpeallán Bhóthar Anraí Mhic Raghnaill (Coill Hampton) áit a ndéanfaidh Jack Cripps, máistirthógálaí cloiche, cuid den bhalla agus den ráille atá ann cheana a athshamhlú mar bhalla cloiche. Beidh sraith codanna cuasaithe ríspéisiúla arna gcruthú ag John Kindness le feiceáil ar an mballa sin, ina mbeidh tíleanna ceirmeacha bácáilte agus painéil theilgthe i stíl iontaise. Leis na dearaí sin, inseofar scéalta éagsúla ó shaol agus amanna Bhaile Brigín le linn ghairm cháiliúil Harry agus léireofar a láithreacht mharthanach sa bhaile.
Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Tá sé tábhachtach go mbeadh an deis ag bailte áitiúla ar nós Bhaile Brigín a stair áitiúil agus a scéalta áitiúla a cheiliúradh go huathúil trí shaothair ealaíne chomh maith seo. Leis an saothar seo, spreagfar tuilleadh rannpháirtíochta leis na rotharbhealaí nua agus cabhrófar le beocht a chur sa cheantar do chónaitheoirí agus do chuairteoirí araon.”
Dúirt Caroline Cowley, Leas-Oifigeach Ealaíon um Ealaín Phoiblí i bhFine Gall: “Cuireann John an oiread sin taithí agus flaithiúlachta leis an bpróiseas atá i gceist le saothar mar seo a fhorbairt – idir sceitsí áille a chomhroinnt agus éisteacht dáiríre le barúlacha ón bpobal áitiúil. Is mór againn go mbeidh sé ag soláthar ceardlann freisin chun a thaispeáint don phobal conas a dhéantar an saothar, chomh maith le máistir-rang a sholáthar d’ealaíontóirí Bhaile Brigín ar a chleachtas. Táimid an-tógtha faoi na heilimintí sin go léir a thabhairt isteach i gcur i gcrích an tsaothair seo.”
 

Press Shot John Kindness

Maidir leis an ealaíontóir:
Is fearr aithne ar John Kindness as a shaothar íocónach comhfhorbartha áite i mBéal Feirste – ‘An tIasc Mór’ – rud lena n-insítear stair cheantar na ndugaí agus a bhíonn ag mealladh aird na ndaoine sa lá atá inniu ann fós. Tá sé ina phearsa shuntasach i mBailiúchán Ealaíne Poiblí Chomhairle Contae Fhine Gall freisin, agus roinnt dá líníochtaí agus dá shaothar dealbhóireachta agus clóite ar taispeáint go bródúil in Áras an Chontae, Sord.
Ag déanamh machnamh dó ar an saothar beartaithe, phléigh John an cur chuige a ghlac sé i leith na deise seo: “Cé go bhfuil aithne ag gach duine i mBaile Brigín ar Bhóthar Anraí Mhic Raghnaill, is beag duine a bheidh ar an eolas faoin bhfear ar ainmníodh é ina dhiaidh. Cé nach é cúram an ealaíontóra é saol duine a dhoiciméadú, is féidir le healaíontóir rud éigin a chumadh lena gcruthófar íomhá in intinn daoine – agus lena spreagfaí iad chun tuilleadh faisnéise a fháil, b’fhéidir.
Déantar an méid sin leis an bportráid thraidisiúnta, má bhreathnaítear go maith air, agus is amhlaidh ar bhealaí áirithe is cineál portráid de Harry Reynolds é an rud atá deartha agamsa. Beidh roinnt íomhánna ann a tógadh ó thaifid ghrianghrafadóireachta de Harry agus é ar a rothar. Na daoine sin a bhfuil aithne acu air, cuimhneoidh siad air as a chuid buanna rothaíochta, ach ba é a bhí in Harry freisin ná amhránaí ceoldrámata, snámhaí cumhachtach, agus dlúthchara le Oliver Gogarty. Tá sé le feiceáil ina lán gearrthóga nuachtáin – mar rothaí buaiteach, mar dhuine a d’argóin ar son neamhspleáchas na hÉireann, mar laoch i dtimpiste báite, agus mar chosantóir i gcúirt póilíní (as rothaíocht gan soilse). 
Thosaigh sé seo ar fad le moladh go suiteálfaí dealbh timpealláin. Nuair a bhuail mé le daoine den phobal a bhí ag brú an tionscadail chun cinn, áfach, chomhaontaíomar go léir go mbeadh an láthair seo ró-dhorochtana. Bhí mé ag iarraidh rud éigin níos dlúthphearsanta a chruthú – rud a tharraingeodh daoine níos gaire os a chomhair ionas go bhféadfadh siad na mionsonraí a scrúdú.
Briseann Harry’s Wall isteach i mballa atá ann cheana le cuid thraidisiúnta chloiche a fheidhmeoidh mar chuimhneachán modhúil ar Harry. Ó chian, feicfear poncanna de dhathanna difriúla i measc na gcloch agus, ar scrúdú níos géire a dhéanamh orthu, feicfear gur eilimintí ceirmeacha éagsúla iad sin – in earraí cruachré terracotta, gorma agus bána, agus i dtíleanna faoisimh ísil. Tógfaidh Jack Cripps, saor cloiche, an chuid balla, agus fágfaidh sé bearnaí a mbeifear in ann earraí ceirmeacha a chur isteach iontu. Beidh mé ag obair le Gus Mabelson, saineolaí ceirmeachta, chun na tíleanna agus na heilimintí eile a chruthú. Bácálfar na comhpháirteanna uile ag ardteochtaí ionas go mbeidh siad in ann seasamh in aghaidh gach dála aimsire.”