Tá iarratais ar an Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh i bhFine Gall ar oscailt
Tugtar cuireadh anois do ghrúpaí i bhFine Gall chun Léirithe Spéise a chur isteach don Scéim Bonneagair Caithimh Aimsire Lasmuigh (ORIS) 2026/2027. Tá an scéim ar an bhfód le 10 mbliana anuas anois, agus tá os cionn €150 milliún infheistithe aici go dtí seo i mbreis agus 2,000 tionscadal áineasa ag sléibhte, ag lochanna, ag aibhneacha, ag tránna, ag gormbhealaí, ag portaigh, ag siúlóidí foraoise, agus i gceantair ardtalún.
Tá leithdháileadh foriomlán €20 milliún ag scéim na bliana 2026-2027. Leis an scéim, tacaítear le tionscadail nua a fhorbairt agus le saoráidí áineasa lasmuigh atá ann cheana a chothabháil. Soláthraítear léi freisin tacaíocht spriocdhírithe le haghaidh bonneagar lasmuigh a dheisiú, a fheabhsú agus a chur chun cinn i gceantair thuaithe ar fud na hÉireann.
Dúirt an Comh. Tony Murphy, Méara Fhine Gall: “Is iad grúpaí áitiúla na daoine is eolaí ar a gceantair, agus ba mhaith linn a gcuid smaointe a chloisteáil faoi conas is féidir spásanna lasmuigh a fheabhsú agus faoi conas is féidir le gach duine taitneamh a bhaint astu. Molaim do phobail ar fud Fhine Gall an deis seo a thapú chun tionscadail a chur ar aghaidh a dhéanfaidh fíordhifear sa cheantar áitiúil – agus iad ag tacú le stíleanna maireachtála gníomhacha agus ag feabhsú na rochtana ar ár dtaitneamhachtaí nádúrtha áille do gach duine.”
Leis an scéim, tacaítear le raon leathan gníomhaíochtaí lasmuigh, lena n-áirítear an siúl, an fhánaíocht, an rothaíocht, an chadhcáil, agus an tsiúlóireacht. Cuirtear chun cinn léi úsáid inbhuanaithe a bhaint as taitneamhachtaí tuaithe, rud a spreagann stíleanna maireachtála sláintiúla agus gníomhacha, agus feabhas á chur freisin ar acmhainneacht eacnamaíoch agus turasóireachta na gceantar áitiúil do chónaitheoirí agus do chuairteoirí araon.
Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt Dara Calleary TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta: “Tá ríméad orm an pacáiste suntasach cistiúcháin seo a fhógairt, rud a leanfaidh de dhul chun tairbhe don earnáil áineasa lasmuigh. Ní hé amháin gur thacaigh na tionscadail a chuireamar i gcrích sna deich mbliana atá imithe thart lenár bhfolláine fhisiciúil agus mheabhrach, ach tháinig tairbhe eacnamaíoch astu i roinnt de na háiteanna is áille inár dtír freisin.”
Déanfaidh Coiste Áineasa Lasmuigh Contae Fhine Gall meastóireacht ar na Léirithe Spéise a bheidh curtha isteach ag grúpaí chun iarratas iomlán a fhorbairt.
Moltar do ghrúpaí pobail ar spéis leo iarratas a dhéanamh athbhreithniú a dhéanamh ar mhionsonraí na scéime agus a Léirithe Spéise a chur isteach faoin spriocdháta fógartha. Tá faisnéis iomlán faoi incháilitheacht, faoi chatagóirí cistiúcháin, agus faoin bpróiseas iarratais ar fáil ar shuíomh Gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall ag https://www.fingal.ie/outdoor-recreation-fingal
Bearta Scéim ORIS 2026/27:
| Beart | Tuairisc | Cistiú Uasta | Ráta Cabhrach | Dáta Deiridh |
| Beart 1 | Deisiú, forbairt, cur chun cinn agus margaíocht ar mhionscála | Suas go €40,000 | 90% | 31/07/2026, 5pm |
| Beart 2 | Deisiú/uasghrádú ar mheánscála, agus forbairt conairí/taitneamhachtaí nua | Suas go €200,000 | 90% | 30/09/2026, 5pm |
| Beart 3 | Deisiú/uasghrádú ar mhórscála, agus forbairt conairí/taitneamhachtaí straitéiseacha nua | Suas go €500,000 | 90% |
30/09/2026, 5pm
|
| Beart Forbartha Tionscadail | Forbairt mhionsonraithe tionscadail chun tograí a thabhairt chuig caighdeán atá oiriúnach d’iarratais ar Bheart 2 nó ar Bheart 3 | Suas go €100,000 | 90% |
31/07/2026, 5pm
|