Tá dul chun cinn á dhéanamh ar phleananna le haghaidh feabhsuithe iompair nua ar an N3 idir an M50 agus Cluain Aodha

Tá Comhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirt le Comhairle Chontae na Mí agus le Bonneagar Iompair Éireann (TII), ag dul ar aghaidh leis an gcéad chéim eile de phleananna chun feabhas a chur ar an taisteal feadh an N3 idir an M50 agus Cluain Aodha. 

N3 M50

Tá dul chun cinn á dhéanamh ar phleananna le haghaidh feabhsuithe iompair nua ar an N3 idir an M50 agus Cluain Aodha

Tá Comhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirt le Comhairle Chontae na Mí agus le Bonneagar Iompair Éireann (TII), ag dul ar aghaidh leis an gcéad chéim eile de phleananna chun feabhas a chur ar an taisteal feadh an N3 idir an M50 agus Cluain Aodha. 

Is é is cuspóir don tionscadal go mbeidh gnáth-thurais laethúla feadh an bhealaigh ghnóthaigh sin níos sábháilte, níos tapa agus níos inbhuanaithe, agus go dtacófar le fás leantach sa limistéar ag an am céanna. Táthar ag féachaint sa tionscadal ar an mbealach is fearr chun seirbhísí bus níos tapa agus níos iontaofa a thabhairt isteach, mar aon le saoráidí siúil agus rothaíochta níos sábháilte agus níos tarraingtí, agus leanúint de thacú leis an sruth tráchta ar an mbealach gnóthach sin ag an am céanna. 

Tugtar Scéim Tosaíochta Bus agus Taistil Ghníomhaigh an N3-an M50 go Cluain Aodha ar an tionscadal, agus tá sé anois i gCéim 2: Roghnú Roghanna, ar lena linn a roghnaíodh an rogha roghnaithe éiritheach. Síneann an chuid sin den bhealach ó Acomhal 2 (Snugborough) go hAcomhal 4B (Cluain Aodha), agus clúdaíonn sí thart ar 5.4 ciliméadar de chonair an N3. Ceapadh ROD-AECOM, innealtóirí comhairleacha, chun na roghanna éagsúla a fhorbairt agus a mheasúnú mar chuid den chéim sin. 

Athbhreithníodh an scéim, atá mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta 2021–2030, sa bhliain 2023 agus rinneadh í a bheachtú ina dhiaidh sin chun tús áite a thabhairt don iompar inbhuanaithe agus d’inrochtaineacht fheabhsaithe feadh na conaire. 

Is é is aidhm do na feabhsuithe atá beartaithe: 

  • Turais bus a dhéanamh níos tapa agus níos iontaofa 
  • Saoráidí don siúl agus don rothaíocht a fheabhsú 
  • Feabhas a chur ar an tsábháilteacht ar bhóithre do gach úsáideoir 
  • Tacú le mórghréasán iompair níos inbhuanaithe agus níos athléimní 

Beidh an scéim nasctha freisin leis an mórghréasán BusConnects agus le tionscadail iompair eile sa limistéar.  

Beidh comhairliúchán poiblí ar an rogha roghnaithe éiritheach ar siúl ón 20 Aibreán go dtí an 18 Bealtaine 2026. Tugtar cuireadh do dhaoine den phobal athbhreithniú a dhéanamh ar na tograí agus a gcuid tuairimí a chur in iúl. Tá mionsonraí faoi na roghanna atá beartaithe, na léarscáileanna agus na líníochtaí agus faisnéis faoi conas aighneacht a dhéanamh ar fáil ar líne ag: https://consult.fingal.ie/browse 

Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin, reáchtálfar dhá imeacht phearsanta freisin, a mbeidh baill d’fhoireann an tionscadail ar fáil lena linn chun ceisteanna a fhreagairt agus chun na roghanna deartha a chur in iúl. Beidh na himeachtaí sin ar siúl ar na dátaí seo: 

  • An Mháirt an 28 Aibreán 2026 
    4.00pm – 7.30pm 
    Leabharlann Bhaile Bhlainséir, An tIonad Cathartha, Ionad Bhaile Bhlainséir, D15 RY73  
  • An Chéadaoin an 29 Aibreán 2026 
    4.00pm – 7.30pm 
    Oifigí Chomhairle Chontae na Mí, Bóthar Dhroim Rí, Dún Seachlainn, Co. na Mí, A85 XK20 

Moltar do gach duine a chónaíonn, a oibríonn, a thaistealaíonn nó a dhéanann gnó sa limistéar a dtuairimí a chur in iúl. Trí pháirt a ghlacadh, is féidir leat cabhrú leis an tslí a dtaistealóidh daoine feadh an N3 faoi láthair agus sa todhchaí a mhúnlú.