Suiteáil na leithreas poiblí nua i bPáirc na Mílaoise, Baile Átha Cliath 15.

Tá fíoráthas orainn fógra a thabhairt d’úsáideoirí Pháirc na Mílaoise faoi shuiteáil na leithreas poiblí nua atá le teacht sa pháirc, a bheidh suite ar theorainn an chlóis shúgartha, agus na oibreacha ag críochnú Dé Máirt an 16ú Márta.

Millennium Park Playground

Tá fíoráthas orainn fógra a thabhairt d’úsáideoirí Pháirc na Mílaoise faoi shuiteáil na leithreas poiblí nua atá le teacht sa pháirc, a bheidh suite ar theorainn an chlóis shúgartha. Is éard atá i gceist leis na hoibreacha ná an t-aonad coimeádáin atá ann faoi láthair a bhaint agus foirgneamh modúlach nua a shuiteáil san áit chéanna. Meastar go dtógfaidh sé thart ar 3 seachtaine na hoibreacha a chríochnú agus tá siad le tosú Dé Luain seo chugainn an 22ú Feabhra agus ag críochnú Dé Máirt an 16ú Márta. (Tabhair le fios le do thoil go bhfuil na dátaí a chuirtear ar fáil sceidealta ach go bhfuil siad faoi réir athraithe de réir mar a théann na hoibreacha chun cinn).

Chun sláinte agus sábháilteacht úsáideoirí uile na páirce a chinntiú, iarraimid ar úsáideoirí na páirce gach comharthaíocht eolais maidir leis na hoibreacha agus na bealaí rochtana do threalamh gléasraí gaolmhar a thabhairt faoi dheara le linn na n-oibreacha. Cé gur beag an cur isteach ginearálta a dhéanfar ar ghluaiseacht ghinearálta na páirce, ba cheart go mbeadh úsáideoirí na páirce ar an eolas faoi dhúnadh an chosáin ‘Siúlóid Choille’ ina iomláine ón bpríomhphointe rochtana carrchlóis go dtí an chéad acomhal cosáin eile i dtreo Bóthar an Gharráin. Beidh an beart seo i bhfeidhm dhá uair ar leithligh le linn na n-oibreacha – Dé Céadaoin an 24ú Feabhra agus Dé Máirt an 9ú Márta.

Ligfidh an líonra cosáin atá fágtha d’úsáideoirí páirce siúlóid lúibe iomlán den pháirc a dhéanamh tríd an gcosán laistigh den limistéar móinéir nádúrtha a úsáid. Molaimid d’úsáideoirí na páirce go léir a úsáideann an príomhphointe iontrála feithiclí amach ó Bhóthar Snugborough a bheith ar an eolas gurb é seo an pointe rochtana freisin don innealra gléasra agus do na feithiclí a bhaineann leis na hoibreacha. Tá sé tábhachtach freisin a bheith ag súil le moilleanna ag an mbealach isteach feithicle seo agus laistigh de limistéar an charrchlóis ag amanta áirithe le linn na n-oibreacha.

Dúnfar an clós súgartha go sealadach ar maidin Dé Máirt an 23ú go dtí thart ar 1in de réir mar a chuirfear ballaí clár sealadacha i bhfeidhm. Athosclóidh an clós súgartha ina dhiaidh sin agus fanfaidh sé ar oscailt ar feadh ré na n-oibreacha gan aon dúnadh breise beartaithe. Iarraimid ar thuismitheoirí agus caomhnóirí leanaí a úsáideann an clós súgartha a bheith aireach faoi na hoibreacha agus gan cur isteach ar bhealach ar bith ar an láithreán ná ar a ballaí clár.

Gabhaimid buíochas leat as do chomhoibriú agus táimid ag tnúth leis an saoráid nua seo a chur le Páirc na Mílaoise.