Spraoi do Chách i bhFine Gall agus Seachtain na Rothar ag filleadh ón 13-21 Bealtaine

Two people standing with bikes and bike week sign

Seolann Comhairle Contae Fhine Gall, agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair, clár imeachtaí 2023 do Sheachtain Náisiúnta na Rothar.

Bíonn Seachtain na Rothar ar siúl i mí Bealtaine ón Satharn 13 go dtí an Domhnach 21, le himeachtaí éagsúla ag ceiliúradh áthas simplí na rothaíochta. Tá clár lán le himeachtaí seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall chun rothaithe a bhfuil taithí acu, teaghlaigh, scoileanna, daoine scothaosta agus daoine a bhfuil riachtanais bhreise acu a shásamh.

Duirt Méara Fhine Gall, An Clr. Howard Mahony, go bhfuil Seachtain na Rothar ag teacht chun cinn mar phríomhimeacht i bhféilire bliantúil imeachtaí Fhine Gall. “Tá an tSeachtain na Rothar is mó agus is fearr á phleanáil againn i mbliana agus cuirimid fáilte roimh chách teacht agus páirt a ghlacadh ann. Is cuma más duine nua thú le rothar meirgeach sa tseid, tuismitheoir gnóthach le páistí a bhfuil orthu siamsaíocht a chur ar fáil dóibh nó duine nach raibh in ann rothaíocht riamh mar gheall ar mhíchumas, tá rud éigin againn duit. Tá ár n-aonad Taisteal Gníomhach ag tnúth le seachtain an-ghnóthach amuigh sa phobal a thabharfaidh deis do gach duine taitneamh a bhaint as eispéireas dearfach rothaíochta agus mar sin tar isteach agus bí páirteach.”

Dúirt David Storey, Stiúrthóir Comhshaoil, Gníomhú ar son na hAeráide agus Taisteal Gníomhach de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall, gur rogha iontach é rothaíocht dóibh siúd ar spéis leo i dtodhchaí Fhine Gall. “Tá tionchar an-dearfach ar ár n-aeráid, ar do phobal agus ar do shláinte má roghnaíonn tú siúl nó rothaíocht fiú lá amháin sa tseachtain. Is é Seachtain na Rothar am iontach chun dul ar ais ar do rothar nó triail a bhaint as Taisteal Gníomhach don chéad uair. Ní gá duit smaoineamh ort féin mar rothaí le triail a bhaint as rothar!”

Beidh Comhairle Contae Fhine Gall ag obair le scoileanna ar fud an chontae chun páistí a spreagadh chun rothaíocht le linn Sheachtain na Rothar chomh maith le clár lán imeachtaí a reáchtáil don phobal i gcoitinne. Tá na himeachtaí ar fad saor in aisce agus oscailte do chách. I measc na n-imeachtaí beidh dhá lá spraoi teaghlaigh a bheidh ar siúl i mBaile Bhlainséir agus i Mullach Íde, lá rothaíochta ionchuimsitheach do pháistí agus do dhaoine fásta faoi mhíchumas coirp agus intleachta, rothaíocht sóisialta luí gréine i bPáirc an Fhionnuisce, ceardlanna BMX do bhunscoileanna agus mór-rothaíocht pobail ó Bhaile Dúill go Binn Éadair. Ní bhíonn áirithintí de dhíth ar fhormhór na n-imeachtaí agus tá sonraí maidir le pointí teagmhála agus amanna tosaithe le fáil ag www.fingal.ie/bikeweek  

Tá baint ag gach ceann de na 31 limistéar údaráis áitiúil le Seachtain na Rothar agus tá imeachtaí á n-eagrú i gcomhpháirt trí na húdaráis áitiúla agus comhpháirtíochtaí spóirt áitiúla.

Dúirt Anne Graham, Príomhfheidhmeannach an ÚNI: “Bhí rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus na comhpháirtíochtaí spóirt áitiúla iontach arís i mbliana agus tá sé iontach an oiread sin imeachtaí a fheiceáil ar siúl ar fud na tíre”.

“Tá rud éigin ann do chách i ndáiríre, ó na féilte rothaíochta teaghlaigh agus na rothaíocht pobail, go rothaíocht oidhreachta áitiúla agus glasbhealaí go himeachtaí scoile. Spreagfainn gach éinne a bheith páirteach.”