Spotsolas ar Thorthaí na cónaitheachta a bhí ag Maria McSweeney, Ealaíontóir, ag Teach Bád Loch Sionnaigh sa bhliain 2026
Ag deireadh Dhámhachtain Stiúideo Theach Bád Loch Sionnaigh i mbliana, bhuail an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, agus Sarah O’Neill, Oifigeach Ealaíon an Chontae, le Maria McSweeney, an t-ealaíontóir a fuair an dámhachtain, chun machnamh a dhéanamh ar thorthaí a cónaitheachta inar iniúchadh imeallbhord Fhine Gall.
Ag deireadh Dhámhachtain Stiúideo Theach Bád Loch Sionnaigh i mbliana, bhuail an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, agus Sarah O’Neill, Oifigeach Ealaíon an Chontae, le Maria McSweeney, an t-ealaíontóir a fuair an dámhachtain, chun machnamh a dhéanamh ar thorthaí a cónaitheachta inar iniúchadh imeallbhord Fhine Gall. Ba i gcuideachta leo a bhí roinnt daoine a chomhoibrigh le Maria ar na gnéithe taighde agus léiriúcháin dá tionscadal dar teideal ‘W(O)AR’, a bhí dírithe ar thábhacht chultúrtha, chomhshaoil agus stairiúil na feamainne i bhFine Gall.
Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Maria as an saothar as cuimse a d’fhorbair sí le linn a cónaitheachta agus as na naisc fhiúntacha a chothaigh sí laistigh den phobal áitiúil. Trí cheardlanna, comhráite agus gníomhaíochtaí comhoibríocha le leanaí scoile áitiúla agus le scoláirí Idirbhliana ó Fhine Gall, spreag sí fiosracht, cruthaitheacht agus léirthuiscint dár dtimpeallacht chósta i measc daoine óga.”
Dúirt Sarah O’Neill, Oifigeach Ealaíon an Chontae: “Trí thionscnaimh amhail an dámhachtain stiúideo seo, tá sé mar aidhm ag Comhairle Contae Fhine Gall deiseanna fiúntacha a sholáthar d’ealaíontóirí saothair uaillmhianacha mar seo a fhorbairt, agus deiseanna á gcruthú le haghaidh rannpháirtíocht an phobail ag an am céanna. Molaim Maria as a cuid tiomantais, dúthrachta agus cruthaitheachta agus táim ag súil lena fheiceáil conas a fhorbróidh a cleachtas ealaíne sa todhchaí.”
Bunaíodh Dámhachtain Stiúideo Ealaíontóra Loch Sionnaigh sa bhliain 2024 chun tacú le hamharc-ealaíontóir gairmiúil trí chistiú, am, spás agus acmhainní a sholáthar chun a c(h)leachtas cruthaitheach a fhorbairt mar fhreagairt do thimpeallacht chósta Fhine Gall, agus díriú á leagan ar an mbithéagsúlacht áitiúil, ar an éiceolaíocht áitiúil, agus ar an athrú aeráide.
Le linn na cónaitheachta, thum Maria, amharc-ealaíontóir lionsabhunaithe agus tumadóir scúba, í féin ag an teach bád, ar lena linn a d’iniúch sí todhchaí chultúrtha, stairiúil agus fhéideartha na feamainne. Le taighde agus rannpháirtíocht Maria, tarraingíodh aird ar insintí stairiúla a bhaineann leis an líne chladaigh seo. Leagadh díriú i bpríomhshnáithe dá cuid taighde ar na “Cogaí Feamainne”. Ba é a bhí iontu sin ná sraith coinbhleachtaí a tháinig chun cinn sna Sceirí, i mBaile Brigín agus i nDomhnach Bat le linn an naoú haois déag maidir leis na cearta bainte agus an luach eacnamaíoch a bhain le feamainn. Trí fheasacht chomhshaoil, cuimhne chultúrtha agus léirmhíniú ealaíonta a fhí le chéile, tarraingíodh aird sa saothar ar an gcaidreamh seanbhunaithe idir daoine agus acmhainní muirí, á chur i gcuimhne dúinn go bhfuil an cósta ina fhoinse slí maireachtála agus ina áit oidhreachta comhroinnte i gcónaí.
Le linn chéim an taighde dá cónaitheacht, chuaigh Maria i mbun dlúthchaidreamh le Cumann Staire na Sceirí, le Cumann Staire an Rois agus Loch Sionnaigh agus le roinnt ranna den Chomhairle, lenar áiríodh an Roinn Bithéagsúlachta agus an Roinn um Ghníomhú ar son na hAeráide, le hIonad Staidéir Áitiúil agus Cartlann Fhine Gall, agus le Teach an Droichid Nua, Domhnach Bat. Leis na teagmhálacha sin, tugadh léargas luachmhar, eolas áitiúil agus dearcthaí áitiúla ar na gnéithe éiceolaíocha, stairiúla agus cultúrtha den imeallbhord, a bhí mar bhonn eolais faoi fhorbairt a saothair.
Rinne Maria iniúchadh ar fheamainn agus chuir sí san áireamh í ina saothar ar an iliomad bealaí nuálacha agus tuisceanacha. Bhain sí triail as feamainn mar thopaic, agus mar ábhar agus mar phróiseas laistigh dá cleachtas freisin. Chomhoibrigh sí go fairsing leis an Dr Maeve Edwards, Bitheolaí Muirí, ón Irish Seaweed Consultancy chun ceilp a shaothrú, d’fhorbair sí scannáin a taifeadadh faoi uisce agus ar an talamh ag na suíomhanna a raibh baint acu leis na cogaí feamainne araon trí úsáid a bhaint as forbróirí scannán feamainnbhunaithe, tháirg sí dúch ó fheamainn ghualaithe a bailíodh feadh an imeallbhoird, agus bhain sí úsáid as feamainn chun raon éagsúil prátaí oidhreachta a leasú.
Mar chuid dá cónaitheacht, chuaigh Maria i dteagmháil le daltaí ó St. Brendan’s National School. Chomh maith leis sin, d’óstáil sí imeachtaí le haghaidh Sheachtain Bhaile Átha Cliath um Ghníomhú ar son na hAeráide agus le haghaidh Sheachtain Náisiúnta na Bithéagsúlachta. Áiríodh leo sin turas siúil oideachasúil feamainne a bhí faoi stiúir an Dr Maeve Edwards, ceardlanna éiceolaíocha priontála lúmain, an taispeántas W(O)AR, agus turas cois cladaigh inar iniúchadh speicis éagsúla chósta, rud ar éascaigh Lorraine Bull, Oifigeach Feidhmiúcháin Bithéagsúlachta Fhine Gall, é.
Trína saothar, d’éirigh le Maria an ealaín, an fheasacht chomhshaoil agus an oidhreacht áitiúil a nascadh ar bhealach a dtéann i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana. Tá sé beartaithe aici leanúint de smaointe agus taighde ar fheamainn a fhorbairt nuair a thosóidh sí a cónaitheacht atá le teacht ag Creative Spark, Dún Dealgan.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
www.fingalarts.ie www.fingal.ie/arts www.mariamcsweeney.com
Creidiúintí Íomhánna:
- Robert Coleman, cumadóir agus ealaíontóir fuaime; Sarah O’Neill, Oifigeach Ealaíon an Chontae; Maria McSweeney; an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall; Cathal Dowd Smith, Coimeádaí agus Staraí Ailtireachta ó Theach an Droichid Nua; Vera Stone, Maeve McNally agus Margaret McCann ó Chumann Staire Loch Sionnaigh agus an Rois.
- Cuardach feamainne le daltaí Rang 6 ó St. Brendan’s National School, Loch Sionnaigh.
- Under Observation – seat faoi uisce d’fheamainn ó scannán a chruthaigh Maria McSweeney i gcomhar leis an Dr Maeve Edwards ón Irish Seaweed Consultancy.
- Turas cois cladaigh le Lorraine Bull, Oifigeach Bithéagsúlachta Feidhmiúcháin Fhine Gall.