Socraítear le Plean Bainistíochta Bruscair uaillmhianach Fhine Gall don tréimhse 2025-2028 an treoirphlean le haghaidh bruscar a bhainistiú agus a chosc

Leagtar amach i bplean nua uaillmhianach an treoirphlean maidir le conas a dhéanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall bruscar a bhainistiú agus a chosc thar na trí bliana atá romhainn.

Fingal Litter Management Plan 2025-2028

Leagtar amach i bplean nua uaillmhianach an treoirphlean maidir le conas a dhéanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall bruscar a bhainistiú agus a chosc thar na trí bliana atá romhainn. Forbraíodh an Plean Bainistíochta Bruscair 2025-2028 tar éis comhairliúchán fairsing leis na Comhaltaí Tofa, le gnólachtaí agus grúpaí pobail sa limistéar áitiúil agus le príomh-gheallsealbhóirí, agus ba é an Comhairleoir Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, a sheol é.

Áirítear leis na príomhghnéithe den phlean nua: seirbhísí forfheidhmithe bruscair seacht lá; forfheidhmiú níos déine a dhéanamh ar fhíneálacha agus pionóis as bruscar a chaitheamh agus as dumpáil mhídhleathach, lena n-áirítear ionchúiseamh díreach i gcás athchiontóirí, e.g., comharthaíocht neamhúdaraithe; méadú sa líon Maor Bruscair, méadú sa líon patról siúil agus infheictheacht mhéadaithe na Maor Bruscair; méadú ar an idirghníomhaíocht le gnólachtaí; TCI a chur i bhfeidhm ar fud an chontae; agus feabhas a chur ar an nglanadh agus an chothabháil a dhéanann ár bhfoirne Oibríochtaí inár gcuid bailte, sráidbhailte, tránna agus páirceanna cheana féin.

Fingal Litter Management Plan 2025-2028

Féachann ár bhfeachtais, ár gcláir oideachais agus ár dtionscnaimh straitéiseacha leis na grúpaí sin a shlógadh. Tugaimid aitheantas agus tacaíocht d’iarrachtaí ríthábhachtacha na gCumann Áitritheoirí, na nGrúpaí Pobail, na gCoistí Scoileanna Glasa, agus na gCoistí Bailte Slachtmhara as a dtiomantas d’Fhine Gall a choinneáil saor ó bhruscar, agus geallaimid go leanfaimid den tacaíocht is gá a thabhairt dóibh.

Ag fáiltiú dó roimh an bplean nua, tacaíonn an Comhairleoir Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, leis an mbéim a chuirtear ar fhreagracht chomhroinnte: “Trí obair i gcomhar le cónaitheoirí, le scoileanna, le gnólachtaí agus le grúpaí pobail, is féidir linn Fine Gall atá níos glaine, níos sábháilte agus níos inbhuanaithe a chruthú do chách. Táim bródúil as tacú le plean a chuireann an t-oideachas, an forfheidhmiú agus rannpháirtíocht an phobail ina chroílár.”

Fingal Litter Management Plan 2025-2028

Tá an Plean Bainistíochta Bruscair nua ina fhreagra ar na príomhdhúshláin atá os comhair na Comhairle maidir le dul i ngleic lena bainistíocht bruscair agus dramhaíola sa chontae seo a bhíonn ag fás agus ag forbairt. Faoi láthair, caitheann an Chomhairle os cionn €10 milliún in aghaidh na bliana ar fhorfheidhmithe bainistíochta bruscair agus dramhaíola, agus níos mó ná 200 araid dlúthóra gréine, 895 araid chaighdeánacha sráide agus 33 stáisiún athlíonta uisce poiblí ann ar fud an Chontae.

Fingal Litter Management Plan 2025-2028

AnnMarie Farrelly, Chief Executive of Fingal County Council said: “This Litter Management Plan, the culmination of extensive cross-departmental and community collaboration, is an important call to action. We are committed to protecting the natural beauty of our environment, and we want to encourage everyone to play their part in helping us to achieve a greener and cleaner community for all”.  

The Fingal Environment team continues to lead the way in promoting positive behavioural change through innovative community initiatives. Projects such as the ‘Shore to Sea’ campaign and the Fingal Reusable Cup Project exemplify this commitment to sustainability and environmental stewardship.

Leanann foireann Comhshaoil Fhine Gall de bheith ar thosach an tslua maidir le dea-athruithe iompraíochta a chur chun cinn trí thionscnaimh nuálacha phobail. Tá tionscadail amhail an

feachtas ‘Ó Chladach go Muir’ agus Tionscadal Cupán In-athúsáidte Fhine Gall ina léiriú ar an tiomantas sin don inbhuanaitheacht agus don mhaoirseacht chomhshaoil. Is féidir amharc ar an bPlean Bainistíochta Bruscair 2025-2028 ina iomláine agus é a íoslódáil anseo: Plean Bainistíochta Bruscair- Comhairle Fhine Gall

Fingal Litter Management Plan 2025-2028