Seoladh Leabhair - Dé Céadaoin 4 Márta 6.30 p.m. i Leabharlann Dhomhnach Bat

Portrane House

Seolfaidh Méara Fhine Gall, An Comhairleoir Eoghan O'Brien, dhá leabhar nua leis an údar áitiúil Gerard Ronan go hoifigiúil Dé Céadaoin 4 Márta ag 6.30 p.m. i Leabharlann Dhomhnach Bat. Is iad na leabhair nua ná 'Margaret Evans – Poet of Portrane' agus 'Sophia Parnell-Evans – Feminism, Politics and Farming in 19th Century Portrane'.

Scríobh Gerard Ronan na leabhair faoi Margaret agus Sophie Evans tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar na cúinsí a bhain le tógáil an Chloigthí i bPort Reachrainn.

Tá na leabhair seo á bhfoilsiú i gcomhar le Comhairle Contae Fhine Gall.

Is státseirbhíseach ar scor 60 bliain d'aois é Gerard Ronan a bhfuil trí leabhar scríofa aige roimhe seo: 'The Round Towers of Fingal' agus 'William Kelly of Portrane', a foilsíodh i 2019, agus 'The Irish Zorro', a foilsíodh mar leabhar faoi chlúdach crua i 2004. Bhí sé ar cheann de na príomhrannpháirtithe i gclár faisnéise National Geographic i 2011 a bhí bunaithe den chuid is mó ar an leabhar sin. Bhí an clár sin ina chuid den tsraith theilifíse Mystery Files TV.  Bíonn an clár faisnéise á athchraoladh ó am go ham fós ar na cainéil teilifíse de chuid National Geographic agus Smithsonian. Bhí ‘The Irish Zorro’ ar chlár raidió ‘The Book on One’ de chuid RTÉ faoi dhó chomh maith,  den chéad uair ón 6ú go 10ú Nolliag 2004 agus den dara huair ón 17ú go 21ú Bealtaine 2010, agus bhí sé ar chlár faisnéise Newstalk ar 2ú agus 3ú Meitheamh 2019.

Taobh amuigh de scríbhneoireacht, caitheann sé a chuid ama ag taisteal, ag fánaíocht agus ag oibriú go deonach mar chóitseálaí lúthchleasaíochta. Is maith leis taisteal chuig réigiúin iargúlta nó shléibhtiúla den domhan. Le dhá bhliain anuas, thaisteal sé ar fud na hIaráine, na Graonlainne Thiar, na Tibéide agus thaisteal sé chuig an ngleann Ait Bougmez sa Mharacó nárbh fhéidir é a bhaint amach go dtí le déanaí. Tá cónaí ar i nDomhnach Bat.

Dúirt an Leabharlannaí Feidhmiúcháin Sinsearach Helen O'Donnell "gur cuí é go bhfuil na leabhair seo faoi bheirt Éireannach mná as an ngnáth á seoladh sa tseachtain chéanna le Lá Idirnáisiúnta na mBan, a ndéanfar comóradh air i mbliana Dé Domhnaigh 8 Márta."

 

MARGARET EVANS (1750-1846) - Poet of Portrane

Gabhadh Hampden Evans ó Theach Phort Reachrainn as ardtréas mar gheall ar a ról in éirí amach 1798. Bhí pionós an bháis i ndán dó go dtí gur tugadh faoiseamh ó bhreith báis dó agus díbríodh as an tír é ar feadh a saoil. Bhí ar a bhean chéile (Margaret) agus a iníonacha é a leanúint. Chaith siad 12 bhliain dheacair ag bogadh ón nGearmáin go dtí An Fhrainc agus ó theach ar cíos go teach eile ar cíos, go dtí gur ligeadh dóibh filleadh ar Éirinn. Bhí Margaret Evans scartha óna mic agus a deirfiúracha, agus níor mhór di cairde nua a fháil i gcathracha nua, áit a raibh dearcthaí i leith fhuascailt na mban i bhfad níos forásaí ná mar a bhí i gcathair a breithe. Cuireann a cuid filíochta smaointe mná in iúl gur bhean í Margaret a raibh sé deacair uirthi a bheith buíochas as a raibh aici mar gheall ar athlonnú leanúnach a leanaí agus básanna a leanaí. Chuaigh sí sa tóir ar an gcineál sóláis agus tacaíochta mothúchánaí nárbh fhéidir léi a fháil óna fear céile ina cairdeas le mná eile, sa Bhíobla agus i smacht intinne na filíochta. Scríobhadh na dánta, beagnach go hiomlán, chuig mná eile nó ar son mná eile. Ní hamháin gur léiriú iad na dánta ar a gean ar a leanaí agus a cairde ban, ach is léiriú iad ar ról ríthábhachtach na filíochta i saol na mban san ochtú agus an naoú haois déag. Tugann a cuid dánta léargas ar leith dúinn ar shaol agus deoraíocht na bProtastúnach, agus ar theaghlach na nÉireannach Aontaithe a raibh cáil mhaith orthu.

 

SOPHIA PARNELL-EVANS (1780-1853) - Feminism, Politics and Farming in 19th Century Portrane

Ba í Sophia Parnell-Evans an t-aon iníon a bhí ag an Ridire John Parnell agus ba í seanaintín Charles Stewart Parnell. Bhí sí i gceannas ar ghnó mór feirmeoireachta ar éirigh go maith leis tráth nach raibh ach líon an-bheag ban ag déanamh a leithéid. Bhuail sí le dhá Bhanríon, iarbhean chéile Napoleon agus ba chara í leis an feimineach radacach Margaret King. Ba chara í leis na teaghlaigh Darwin agus Condorcet. Ba iníon nó deirfiúr í de chuid triúr de na polaiteoirí dá linne ba mhó a raibh clú orthu, agus ba bhean chéile duine eile de na polaiteoirí sin í chomh maith.Ba smaointeoir radacach agus liobrálach í féin. Bhunaigh sí dhá bhunscoil i nDomhnach Bat agus thacaigh sí le tionchair an Ghorta Mhóir ina ceantar féin a mhaolú. Thug sí maoiniú agus spreagadh do thrialacha talmhaíochta de chuid William Kelly as Port Reachrainn. Cuireadh athbheochan faoin traidisiún tógála cloigthithe, nach rabhthas ar siúl ar feadh seacht gcéad bliain roimhe sin, nuair a thóg sí cloigtheach agus dealbh bhrád i gcuimhne ar a fear céile dílis, an Teachta Parlaiminte George Evans. Rinneadh tagairt di fiú sa leabhar "Finnegan's Wake" le Joyce mar an cleasaí "seanaintín Sophy" ós rud é gur sheanaintín Charles Stewart Parnell í. Tá an dealbh bhrád a rinne sí dá fear céile, a bhí sa chloigtheach ar dtús, i ngairdín gharnia a fir chéile sa Bhreatain Bheag Thuaidh.

 

 

Portrane Round Tower