An Seirbhís phíolótach “Carr Pobail” seolta ag gComhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirtíocht le Local Link agus GoCar

Tá Comhairle Contae Fhine Gall tar éis an tseirbhís píolótach ‘Carr Pobail’ a sheoladh ar an Trá Theas sna Sceirí, i gcomhpháirtíocht le Local Link agus GoCar.

Go Car launch in Skerries 2

Is í an tseirbhís Carra Pobail an chéad seirbhís dá leithéid le bheith curtha i bhfeidhm ag aon údarás áitiúil in Éirinn agus tá sé i bhfeidhm i mBinn Éadair agus sna Sceirí anois. Táthar tar éis dhá Fheithicil leictreacha a chur ar fáil don r-Thionscnamh seo ina bhfuil le brath an tiomantas atá ann i bhFine Gall don Ghníomhú ar son an Athraithe Aeráide. 

Tá tiománaithe deonacha tar éis glacadh leis ar bhealach atá an-dearfach sna Sceirí agus i mBinn Éadair araon atá sásta a gcuid ama a chur ar leataobh chun cabhrú leo siúd sa phobal a bhfuil sé ag teastáil uathu.

Tá an taisteal pobail áitiúil ina dheis ríthábhachtach do go leor daoine nach mbíonn ag tiomáint, ligtear dóibh dul amach mar gheall air, teacht ar áiseanna áitiúla agus leanúint le bheith mar chuid den phobal áitiúil. Is minic nach mbíonn daoine in ann deis a bhaint as a leithéid de sheirbhís, cuir i gcás iadsan atá ina gcónaí faoin tuath nó nach bhfuil aon seirbhís bus áitiúil ar fáil dóibh, nó iadsan a bhfuil an gluaisteacht choirp laghdaithe mar chosc orthu gan an iompar poiblí a úsáid.  Beidh an tseirbhís nua seo “Carr Pobail” fíorluachmhar chun freastal ar a gcuid riachtanas siúd agus chun cuidiú linn aghaidh a thabhairt ar an eisiamh sóisialta.

Is é ráiteas misin an Chláir Iompair Tuaithe ná “córas iompair phoiblí pobalbhunaithe d'ardchaighdeán a sholáthar i gceantair thuaithe na hÉireann lena dtabharfar freagra do na riachtanais áitiúla” agus tá sé mar cheann de na príomhthosaíochtaí atá ann aghaidh a thabhairt ar an eisiamh sóisialta tuaithe agus ar an gcomhtháthú seirbhísí iompair tuaithe agus seirbhísí iompair phoiblí eile a chur ar fáil. Tá sé mar aidhm ag Seirbhís Carr Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall cabhrú leo siúd a bhfuil fadhbanna soghluaiseachta acu freastal ar choinní Ospidéil nó Sláinte, agus ar ghníomhaíochtaí sóisialta freisin.

Go Car Skerries 3

Dúirt Méara Fhine Gall, An Clr. Eoghan O’Brien: “Tá lúcháir orm go bhfuil Comhairle Contae Fhine Gall ar thús cadhnaíochta agus seirbhís Carranna Pobail curtha i bhfeidhm do mhuintir na Sceirí agus do mhuintir Bhinn Éadair. Beidh an tseirbhís seo fíorluachmhar do chónaitheoirí áitiúla a bhfuil fadhbanna soghluaiseachta acu agus is céim chun tosaigh fíordhearfach í atá déanta ag an gComhairle i gcomhpháirtíocht le Local Link agus le Go Car.”  

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá an-áthas orm a bheith ann ag seoladh na ‘Seirbhíse Carr Pobail’ agus é a fheiceáil dom féin, seirbhís a mbeidh ról lárnach aici chun freastal ar riachtanais daoine nach bhfuil aon seirbhís bus acu nó a bhfuil a gcumas soghluaisteachta ag dul i léig, rud a d'fhéadfadh a bheith ag cur cosc orthu an iompar poiblí a úsáid. Tá sé tábhachtach go gcuirtear seirbhísí ar fáil chun cuidiú linn dul i ngleic leis an eisiamh sóisialta agus chun rochtain a chur ar fáil ar áiseanna áitiúla. Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall tacú leis an tionscnamh seo i gcomhpháirtíocht le Local Link agus GoCar.”

Dúirt Louise Edmonds, Bainisteoir Chlár Aoisbhá Fhine Gall: “Tá áthas ar Aoisbh Fhine Gall a bheith ag obair i gcomhar le chéile le coiste Bhaile Aoisbhá na Sceirí chun aghaidh a thabhairt ar chuid de na riachtanais iompair a bhíonn ag daoine ina gceantar féin.

Dúirt Miriam McKenna ó Local Link: “Tá Local Link an-tógtha leis an Tionscnamh Carranna Pobail nua seo agus táim ag tnúth go mór le bheith ag obair i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Fhine Gall agus GoCar.  

Dúirt Colm Brady, Stiúrthóir Bainistíochta, Grúpa Soghluaisteachta Europcar Ireland: "Táimid ag súil go mór le bheith ag obair i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Fhine Gall ar mhaithe leis an tseirbhís nuálach luachmhar seo. Tá Grúpa Soghluaisteachta Europcar tiomanta don soghluaisteacht oscailte do chách, agus mar sin tá áthas orainn an tseirbhís GoCar a úsáid chun tacú le scéimeanna pobail amhail an ceann seo. "

Más ball thú atá ag iarraidh suíochán a chur in áirithe sa Charr Pobail, cuir glaoch ar Local Link ar 046 9074830 nó cuir ríomhphost chuig [email protected]