Scéim Deontais Spóirt don Aos Óg (Deontas Beag) Chomhairle Contae Fhine Gall 2020 - oscailte d’iarratais

Sheol Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall a Scéim Deontais Spóirt don Aos Óg 2020, le tacaíocht ó Spórt Éireann.  Tá sé mar aidhm ag an Scéim ligean do chlubanna an ceannach de threalamh breise a mhaoiniú

sports

Sheol Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall a Scéim Deontais Spóirt don Aos Óg 2020, le tacaíocht ó Spórt Éireann.  Tá sé mar aidhm ag an Scéim ligean do chlubanna an ceannach de threalamh breise a mhaoiniú agus beidh sí á seoladh go luath i mbliana chun ligean do Chlubanna Spóirt atá ag obair le daoine óga trealamh spóirt breise a cheannach a dteastaíonn uathu chun go gcomhlíonfaidh siad Treoirlínte Náisiúnta COVID 19

Tá an maoiniú oscailte d’eagraíocht dheonach spóirt a oibríonn le daoine óga atá lonnaithe i gceantar Fhine Gall. 

Trí phróiseas iarratais ar líne, is féidir le clubanna spóirt atá cleamhnaithe le Comhlacht Rialaithe Náisiúnta aitheanta nó le heagraíocht aitheanta míchumais, iarratas a chur isteach ar an deontas seo. Féadfaidh clubanna iarratas a chur isteach ar chúnamh deontais chun trealamh spóirt a cheannach nó le haghaidh gníomhaíochtaí a spreagfaidh nó a mhéadóidh rannpháirtíocht sa spórt. 

Beidh níos mó seans maoiniú a fháil ag iarratais ina gcruthaítear tionchar dearfach ar leibhéil rannpháirtíochta agus a léiríonn inbhuanaitheacht laistigh den chlub..

Ag labhairt faoin seoladh maoinithe dúirt Marion Brown, Príomhoifigeach Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall: “Cé go bhfuil sé dearfach agus spreagúil, is mór an dúshlán freisin é do chlubanna spóirt deonacha filleadh ar ghníomhaíocht tar éis srianta COVID-19 chun treoirlínte Náisiúnta COVID-19 a chomhlíonadh. Tá súil againn go gcuideoidh an deis maoinithe seo le clubanna déileáil leis na dúshláin sin."

Tá na sonraí iomlána ar fáil ar Fingal.ie anseo 

Is é 16:00 ar an Aoine 28 Lúnasa 2020 an spriocdháta d'iarratais chomhlánaithe.