Leabharlann athchóirithe Bhaile Dúill ag athoscailt don phobal

Tá Leabharlann Bhaile Dúill athoscailte don phobal tar éis oibreacha athchóirithe suntasacha le míonna anuas.
D’athoscail Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh, an leabharlann go hoifigiúil inniu. Bhí Stiúrthóir Eacnamaíochta, Fiontraíochta, Turasóireachta agus Forbartha Cultúrtha Chomhairle Contae Fhine Gall, John Quinlivan, agus Leabharlannaí an Chontae, Betty Boardman, i láthair leis an Méara.
Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh: “Tá áthas orm Leabharlann Bhaile Dúill a athoscailt. Tá áis níos fearr agus níos nua-aimseartha curtha ar fáil mar gheall ar na hoibreacha athchóirithe a fhreastalóidh ar phobal Bhaile Dúill sna blianta atá amach romhainn”.
Dúirt Stiúrthóir na hEacnamaíochta, Fiontraíochta, Turasóireachta agus Forbartha Cultúrtha, John Quinlivan: “Tá áthas an domhain orainn Leabharlann Bhaile Dúill a athoscailt, ní hamháin leis na feabhsuithe ar an leabharlann ach mar cheann de na chéad fhoirgnimh phoiblí i stoc na Comhairle a ndearnadh dícharbónú orthu trí iarfheistiú le teaschaidéal. Is céim thábhachtach í seo ar ár dturas chun deireadh a chur le breoslaí iontaise de réir a chéile i gcomhréir le Straitéis Ghníomhaíochta Aeráide na hEarnála Poiblí agus Plean Gníomhaíochta Aeráide Fhine Gall”.
Dúirt Leabharlannaí an Chontae, Betty Boardman: “Chruthaigh athchóirithe ar Leabharlann Bhaile Dúill timpeallacht inrochtana, chompordach le haghaidh foghlama agus litearthachta san aois dhigiteach. Léiríonn an gairdín céadfach nua tiomantas Leabharlanna Fhine Gall don chuimsiú agus do riachtanais gach cuid den phobal a chomhlíonadh.”
I measc na n-athchóirithe tá seomraí ríomhaireachta uasghrádaithe agus limistéir dheasca nua le soláthairtí cumhachta le haghaidh taighde agus staidéir; suíocháin phóca nua agus limistéir suí neamhfhoirmiúla le haghaidh léitheoireachta agus scíthe; limistéar léitheoireachta leabharlainne do pháistí, seomra gníomhaíochta agus deasca chun foghlaim shóisialta a chur chun cinn; agus gairdín céadfach nua le haghaidh súgartha agus foghlama chuimsitheach.
Áirítear leis na hoibreacha sraith feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh freisin. Chomh maith le suiteáil teaschaidéal, tá uasghrádú déanta ar saisfhuinneoga adhmaid chun leibhéil chompord a fheabhsú mar aon le héifeachtúlacht fuinnimh. Cuireann painéil gréine FV atá suiteáilte ar spás oiriúnach ar an díon le fuinneamh in-athnuaite ar an láthair.
Tá an tseirbhís Mo Leabharlann Oscailte i Leabharlann Bhaile Dúill ar siúl arís anois, rud a thugann rochtain do chustaiméirí ar sheirbhísí leabharlainne ó 8rn go 10in, seacht lá in aghaidh na seachtaine. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Leabharlann Bhaile Dúill trí ríomhphost: <
[email protected]
> nó ar an teileafón ag 01 890 6793.

Renovations include upgraded computer rooms and new desk areas with power supplies for research and study; new pocket seating and informal seating areas for reading and relaxation; a children’s library reading area, activity room and desks to promote social learning; and a new sensory garden for inclusive play and learning.
The works also include a suite of energy efficiency improvements. As well as the installation of a heat pump, sliding timber sash windows have been upgraded to improve comfort levels along with energy efficiency. Solar PV panels installed on suitable roof space contribute to renewable energy on site.
The My Open Library service in Baldoyle Library has now resumed, providing patrons with access to library services from 8am to 10pm, seven days a week. Baldoyle Library can be contacted by e mail: [email protected] or telephone 01 890 6793.

