Gnóanna Fhine Gall Á Spreagadh chun Dul Glas le Dhá Chlár Nua

Tá gnóanna beaga Fhine Gall á spreagadh chun a bheith níos inbhuanaithe i mbliana tar éis dhá chlár nua a sheoladh chun do ghnó a dhéanamh glas.

Is tionscnamh ó na hOifigí Fiontar Áitiúla (LEOanna) an clár ‘Green for Micro’ a seoladh an tseachtain seo mar chuid de Sheachtain na Fiontraíochta Áitiúla (LEW), le tacaíocht ó Fhiontraíocht Éireann, agus tá sé á rolladh amach go náisiúnta chun cabhrú le gnóanna beaga a ullmhú do gheilleagar ísealcharbóin, níos éifeachtaí ó thaobh acmhainní de sa todhchaí.

Le cabhair ó Chomhairleoir Glas, is féidir le gnóanna beaga le suas le deichniúr fostaithe comhairle agus tacaíocht theicniúil saor in aisce a fháil ar éifeachtúlacht acmhainní, conas a lorg carbóin a thuiscint níos fearr agus conas córas bainistíochta comhshaoil a chur i bhfeidhm chun costais a laghdú agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a ísliú.

Sheol An Tánaiste Leo Varadkar T.D. ‘Green for Micro’ go hoifigiúil ar lá oscailte Sheachtain na Fiontraíochta Áitiúla 2021 mar chuid d’imeacht ‘Spotsolais’ ar an gclár nua. Dúirt sé; “Táim an-sásta Seachtain na Fiontraíochta Áitiúla na bliana seo a sheoladh. Tá a fhios agam gur bhraith an bhliain atá imithe thart mar streachailt leanúnach do go leor gnóanna. Tá súil agam gur deis í an tseachtain seo sos a ghlacadh ó rudaí, machnamh a dhéanamh, líonrú agus fás. Is é téama na bliana seo ‘Ag Cur i gCrích É’. Bíonn ár nOifigí Fiontar Áitiúla ar fud na tíre ann i gcónaí le cuidiú is cuma cén dúshlán atá roimh ghnó. Tá tionscnamh nua ‘Green for Micro’ á sheoladh agam freisin chun cabhrú le gnóanna beaga dícharbónú agus a bheith níos inbhuanaithe. Ní hamháin gurb é an rud ceart é do ghnó a dhéanamh níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ach tá ciall mhaith ghnó leis freisin.”

I gcomhar leis an ‘Green for Micro’, sheol Comhairle Contae Fhine Gall (FCC) Tionscnamh Gnó Inbhuanaithe a bhfuil sé mar aidhm aige FBManna ar fud Fhine Gall a spreagadh chun glacadh le bearta inbhuanaithe ina ngnóanna, le sraith uirlisí agus acmhainní praiticiúla chun cabhrú leo. Cuimsíonn an tionscnamh seo mol acmhainne inbhuanaithe tiomnaithe do FBManna, chomh maith le comórtas chun gnóanna a spreagadh ar a n-aistear inbhuanaitheachta le deis chun Measúnú Inbhuanaitheachta & Plean Gníomhaíochta a bhuachan ó Réitigh Chomhshaoil Patel Tonra Teo. atá lonnaithe i mBaile Brigín.

Chuir Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy fáilte mhór roimh an aistriú mór i dtreo inbhuanaitheacht a spreagadh san earnáil tráchtála: Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta tacú le FBManna a bheith níos inbhuanaithe agus ceannaireacht a sholáthar ag leibhéal áitiúil agus réigiúnach chun spriocanna Gníomhaíochta um Athrú Aeráide a bhaint amach. Is féidir le díriú ar inbhuanaitheacht cabhrú le gnóanna a bheith níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní trí níos lú amhábhar, níos lú fuinnimh, agus níos lú uisce a úsáid.”

Ag labhairt dó faoi na tionscnaimh ghlasa do ghnóanna Fhine Gall, dúirt Ceann Fiontraíochta i bhFine Gall, Oisín Geoghegan: “Is deis iad na cláir nua seo do chomhlachtaí beaga an bealach a dhéanann siad gnó a athrú agus leas suntasach a bhaint as na hathruithe sin.  Beidh baint mhór ag comhlachtaí ag éirí níos inbhuanaithe leis an mbealach a dhéanfaimid gnó sa todhchaí agus más féidir le gnóanna na hathruithe sin a dhéanamh anois feicfidh siad na buntáistí amach anseo. Tá sé ag éirí níos lárnaí laistigh de ghnó go bhfuil comhlachtaí ag iarraidh oibriú le comhlachtaí a bhfuil inbhuanaitheacht ag croílár a gcuid oibre agus atá mar an gcéanna le custaiméirí. Cuirfidh an clár nua seo comhlachtaí ar an mbóthar ceart agus i go leor cásanna cuirfidh sé feabhas mór ar a mbunlíne, mar sin is cinnte go bhfuil glas don ghnó go maith don ghnó.” 

Chun tuilleadh a fháil amach faoin gclár nua ‘Green for Micro’ déan teagmháil le hOifig Fiontar Áitiúil Fhine Gall nó téigh chuig www.LocalEnterprise.ie/Green. Le haghaidh tuilleadh eolais ar an tionscnamh Gnó Inbhuanaithe Chomhairle Contae Fhine Gall, téigh le do thoil chuig: https://www.fingal.ie/sustainablebusiness