Glasbhealach nua €2.5m idir Baile Dúill agus Port Mearnóg oscailte go hoifigiúil

D'oscail Méara Fhine Gall, an Clr Eoghan O’Brien, an tionscadal nua glasbhealaigh siúil agus rothaíochta €2.5m idir Baile Dúill agus Port Mearnóg, an chéad chéim ríthábhachtach den Scéim iomlán Ghlasbhealaigh idir Cill Fhionntain agus Mullach Íde.

I gcuideachta leis an bPríomhfheidhmeannach, AnnMarie Farrelly, agus an Stiúrthóir Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh, Matthew McAleese, bhí oifigigh shinsearacha de chuid na comhairle ann, agus comhairleoirí áitiúla ó choiste Ceantair Bhinn Éadair-Mullach Íde, chomh maith le hionadaithe ón Údarás Náisiúnta Iompair agus an t-innealtóir comhairleach Atkins.

Tá an glasbhealach seo atá 1.8km ar fad agus a bhfuil radhairc iontacha uaidh amach ar an gcósta suite i bPáirc an Ráschúrsa, chun ligean do rothaithe agus do choisithe araon taisteal tríd an bpáirc comhthreomhar le bóthar an Chósta a nascann Baile Dúill le Port Mearnóg. 

Is é Atkins a dhear an bealach, atá comh-mhaoinithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair, agus an timpeallacht chósta ar leith curtha san áireamh agus éiceolaíocht an cheantair curtha san áireamh sa dearadh, agus is é Murphy International a rinne an obair tógála. Tá raon rothar trí mhéadar ar leithead ann agus cosán dhá mhéadar ar leithead, atá scartha óna chéile le ciumhais féir 2.4 méadar ar leithead, agus codanna gearra de chosáin comhroinnte ag baill áirithe ar fad an bhealaigh.

Táthar tar éis tús a chur leis an obair dhearaidh agus leis an obair phleanála ar an gcéad chéim eile den tionscadal cheana féin, lena ndéanfar an fhéarbhealach le Cill Fhionntain agus le Mullach Íde, trí shráidbhaile Phort Mearnóg

Portmarnock to Baldoyle Greenway

Ag deireadh, beidh nasc déanta ag Glasbhealach Chill Fhionntain go Mullach Íde le Féarbhealach Broadmeadow ar thug an Bord Pleanála cead pleanála dó an mhí seo caite agus lena ndéanfar nasc idir Mullach Íde agus Domhnach Bat trasna an tarbhealaigh iarnróid. Tá an dá thionscadal seo mar chuid den tionscadal suaitheanta, Bealach Cósta Fhine Gall lena soláthrófar bealach siúlóide agus rothaíochta cósta d’ardchaighdeán, a bheidh sábháilte agus báúil don chomhshaol chomh maith, agus a bheidh ag dul ó Chill Fhionntain go Baile Brigín.

Dúirt Méara Fhine Gall, An Clr. Eoghan O'Brien: “Tá an-áthas orm Glasbhealach Bhaile Dúill go Port Mearnóg a oscailt go hoifigiúil. Saoráid nua iontach do mhuintir na háite atá ann, agus do dhaoine a thugann cuairt ar an gceantar, chomh maith. Is é seo an chéad chuid a bheith déanta den bhealach a bheidh mar Ghlasbhealach Chill Fhionntain go Mullach Íde nuair a bheidh sé críochnaithe, lena ndéanfar ceangail leis le Bealach Broadmeadow, agus ag deireadh le Bealach Cósta Fhine Gall.

“Ón tráth ar cuireadh rochtain ar fáil ar, tá an-chuid siúlóirí agus rothaithe tar éis é a úsáid. Stráice bóthair atá ann nach raibh aon chosán ann roimhe seo, agus sin é an fáth gur éiligh na comhairleoirí áitiúla gurb é an stráice seo an chéad phíosa den bhealach rothar ó Chill Fhionntain go Mullach Íde le bheith curtha i gcrích, toisc gur píosa bonneagair an-tábhachtach a bhí in easnamh atá ann. "

 

Portmarnock to Baldoyle Greenway

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá an-áthas orm a bheith anseo don oscailt oifigiúil seo i ndáil le féarbhealach Phort Mearnóg go Baile Dúill.  Beimid ag dul i mbun comhairle le haghaidh an chéad chuid eile den ghlasbhealach seo, chun nasc a chur leis an chuid seo le Mullach Íde, trí shráidbhaile Phort Mearnóg, agus leis sin beidh an nasc idir Baile Dúill agus Mullach Íde críochnaithe go hiomlán. 

“Tá sé beartaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall infheistíocht mhór a dhéanamh i rotharbhealaí d’fhonn turasóirí a mhealladh agus, anuas air sin, chun iompar níos inbhuanaithe a chur ar fáil do mhuintir na háite anseo i bhFine Gall agus iad ag dul ar scoil agus chun oibre, agus go háiteanna eile chomh maith, go deimhin. 

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an ÚNI as an tacaíocht atá faighte uathu i dtaca leis an tionscadal seo, agus le Bonneagar Iompair Éireann chomh maith. Chabhraigh siad go mór linn chun na scéimeanna féarbhealaigh a phleanáil agus, chomh maith leis sin, thacaigh siad go mór leo agus chuir siad maoiniú caipitil ar fáil freisin.”

Portmarnock to Baldoyle Greenway

Dúirt an Stiúrthóir Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh, Matthew McAleese: “Is iontach an rud é seo mar bhall bonneagair nua gur cuid den Pháirc Ráschúrsa réigiúnach atá ann. Cuirfidh sé nasc leis an fhorbraíocht nua atáthar ag tógáil faoi láthair i dtailte de chuid Phleananna Ceantair Áitiúil Phort Mearnóg Theas agus de chuid Phlean Ceantair Áitiúil Bhaile Dúil Steach Póilín. Beidh sé mar chuid bheag de bhealach mór, Bealach Cósta Fhine Gal.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis Náisiúnta Iompair, Anne Graham: “Tá an-áthas orainn Glasbhealach Bhaile Dúill go Port Mearnóg a chómhaoiniú, tionscadal atá chun 1.8km de bhonneagar siúil agus rothaíochta ar ardchaighdeán a sholáthar. Is cuid lárnach de líonra rothaíochta Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath í an chuid seo den bhealach agus is cuid í den Chonair Chósta Thoir chomh maith, forbraíocht straitéiseach níos mó, a bheidh ag dul ó Dhomhnach Bat go dtí Dún Laoghaire, forbraíocht lena gcuirfear nasc idir an-chuid daoine agus deiseanna fostaíochta agus oideachais agus lena gcuirfear leis an méid atá á tairiscint ag Cuan Bhaile Átha Cliath mar cheann scríbe don áineas.”

Dúirt Stiúrthóir Sinsearach na bPáirceanna Kevin Halpenny: “Is sampla an-mhaith é an tionscadal Glasbhealaigh seo den Bhonneagar Glas sa mhéid is go bhfuil ceangail déanta leis idir an chonair fiadhúlra agus an t-iompar inbhuanaithe. Leis an Fhéarbhealach seo, tugtar rochtain ar an gCrios Glas idir Port Mearnóg agus Baile Dúill ar bhealach atá deartha go cúramach agus ar bhealach a dtugtar aitheantas don fhíoras go dtéann sé trí Limistéar Caomhnaithe Speisialta. "