Fógraíonn Oifig Ealaíon Fhine Gall, i gcomhpháirt le Age & Opportunity agus le hIonad Tyrone Guthrie, faighteoirí Chónaitheacht Tyrone Guthrie d’Ealaíontóir atá os cionn 50 bliain d’aois don bhliain 2026

D’fhógair Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirt le Age & Opportunity agus le hIonad Tyrone Guthrie, beirt a bhfuil cónaitheacht Fhine Gall faighte acu don bhliain 2026; Emma Fitzpatrick, amharc-ealaíontóir, agus Deborah Grimes, scríbhneoir.

Le cónaitheacht Fhine Gall, tugtar deis d’amharc-ealaíontóir gairmiúil agus do scríbhneoir gairmiúil atá os cionn 50 bliain d’aois a chleachtas nó a cleachtas a fhorbairt, trí am agus spás a chruthú inar féidir leis nó léi smaoineamh, machnamh a dhéanamh agus saothar nua a fhorbairt. Tá sé mar aidhm ag na cónaitheachtaí seo ealaíontóirí níos sine ag aon chéim dá ngairm atá ag obair sa litríocht agus sna hamharc-ealaíona a cheiliúradh agus a chothú. Gheobhaidh na faighteoirí rathúla cónaitheacht dhá sheachtain, lena n-áireofar stipinn bheag. 

Beidh an chónaitheacht ar siúl in Ionad iomráiteach Tyrone Guthrie. Is eagraíocht trasteorann í a thairgeann am ar shiúl ón mbaile, spás chun obair, agus deiseanna comhoibrithe agus líonraithe d’ealaíontóirí, rud a éascaíonn forbairt a gcleachtais ar fud na bhfoirmeacha ealaíne uile.

Is é Age & Opportunity an eagraíocht náisiúnta atá ag obair chun feabhas a chur ar fholláine do dhaoine breacaosta trí rannpháirtíocht sna healaíona, trí rannpháirtíocht chruthaitheach, trí rannpháirtíocht sa spórt agus i ngníomhaíocht fhisiciúil, trí fhorbairt phearsanta, trí chomhoibriú pobail agus trí shaoránacht ghníomhach.

Dúirt Síle Stewart, Leas-Oifigeach Ealaíon do Chomhairle Contae Fhine Gall: “Leis an gcomhpháirtíocht iontach seo le Age & Opportunity, tugtar cónaitheacht uathúil d’ealaíontóirí Fhine Gall atá os cionn 50 bliain d’aois chun gur féidir leo a gcuid saothair agus cleachtas a fhorbairt i suíomh álainn Ionad Tyrone Guthrie. Tabharfaidh an chónaitheacht seo an t-am agus an spás do gach duine díobh chun díriú ar a gcuid cleachtais.”

Dúirt an Dr Tara Byrne, Bainisteoir Clár Ealaíon ag Age & Opportunity, “Tá rath agus bláth ar an gcruthaitheacht i bhFine Gall go fóill, agus tá sé ríthábhachtach go dtabharfaí deiseanna d’ealaíontóirí atá os cionn 50 bliain d’aois chun fás, chun cruthú agus chun aitheantas a fháil dá gcuid oibre. Tá bród orainn tacú le healaíontóirí atá ag an gcéim sin dá ngairm agus cabhrú lena chinntiú go mbíonn a gcuid saothair infheicthe agus go mbíonn meas uirthi i gcónaí.”

Dúirt Deborah Grimes, “Táim an-bhuíoch d’Ealaíona Fhine Gall as an deis seo. Is mór an bronntanas é am a chaitheamh ag Ionad Tyrone Guthrie, agus táim ag tnúth le mé féin a thumadh isteach i mo thionscadail sa suíomh cruthaitheach an-uathúil sin.” 

deborah grimes

Dúirt Emma Fitzpatrick: “Táim fíorbhuíoch gur roghnaíodh mé do Dhámhachtain Cónaitheachta Chomhairle Contae Fhine Gall, Age & Opportunity agus Ionad Tyrone Guthrie 2026. Is bronntanas sárluachmhar d’aon ealaíontóir é an t-am agus an spás tiomnaithe seo a bheith aige nó aici chun saothar nua a fhorbairt ar shiúl ó éilimh an ghnáthshaoil laethúil. Táim ag tnúth go háirithe le hobair sa stiúideo priontaí agus mé féin a thumadh isteach i dtimpeallacht álainn stairiúil Eanach Mhic Dheirg. Gabhaim buíochas ó chroí le gach duine a raibh ról acu sa dámhachtain seo a chruthú agus as an tacaíocht leantach a thugann siad d’ealaíontóirí atá os cionn 50 bliain d’aois.” 

emma fitzpatrick

Nótaí don Eagarthóir

Maidir leis na hEalaíontóirí:

Is déantóir priontaí mínealaíne Éireannach atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath í Emma Fitzpatrick. Ina cuid saothair, déanann sí iniúchadh ar thírdhreach, ar am agus ar láithreacht an duine trí mhonachló agus trí eitseáil, fréamhaithe i dtírdhreacha iargúlta nádúrtha chósta thiar na hÉireann. Tá sí ina ball de Black Church Print Studio, Baile Átha Cliath, agus de Leicester Print Workshop, an Ríocht Aontaithe.

Chuir sí taispeántais i láthair in áiteanna éagsúla ar fud na Ríochta Aontaithe agus, níos déanaí fós, in Éirinn, lenar áiríodh na háiteanna seo a leanas: Woolwich Contemporary Print Fair; Bankside Gallery; Royal Society of British Artists; Royal West of England Academy; Society of Women Artists; Ty Pawb; Tarpey Gallery; Fondúireacht Ealaíon Bhaile an Ghleanna; agus an tAcadamh Ibeirneach Ríoga, Baile Átha Cliath.

Fuair sí deontais ó Chomhairle Ealaíon Shasana agus, le déanaí, bronnadh Deontas Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin le haghaidh Forbairt Ghairmiúil sna hEalaíona 2026 uirthi ionas go bhféadfadh sí a cuid scileanna eitseála a fhorbairt. Bhí ról lárnach ag na cónaitheachtaí a bhí aici ag Ionad Ealaíon Chill Rialaig agus ag Brisons Veor maidir lena rannpháirtíocht le tírdhreach iargúlta agus le marc-chruthú. Tá sceitseáil lasmuigh ina cuid dhílis dá próiseas oibre. Bhunaigh sí Craobh Leicester de Urban Sketchers, ar pobal líníochta domhanda í, agus cuireann a líníocht shuíomhbhunaithe go díreach le hobair stiúideo.

Deborah Grimes:

B’ionann Lá Breá Chuige (TG4/ROSG), gearrscannán Gaeilge, sa bhliain 2014 agus an chéad iarracht a rinne Deborah i réimse na scríbhneoireachta scripte. Sa bhliain 2019, stiúir sí gearrscannán Béarla dar teideal The Yellow Dress, a taispeánadh ag breis agus 50 féile idirnáisiúnta agus a bhuaigh roinnt gradam. Sa bhliain 2020, fuair sí cistiú forbartha scripte ó Fhís Éireann dá script scannáin dar teideal Oileán, ar dhráma stairiúil é. Faoin am sin, áfach, thosaigh sí ar an script a athshamhlú ina húrscéal. Ag tógáil air sin, scríobh Deborah The Promised Land mar úrscéal agus, an samhradh seo caite, thosaigh sí ar script scannáin a scríobh dó tar éis é a roghnú ag Stowe Story Labs. 

I measc na dtionscadal eile dá cuid tá Noah’s Return, a cóiríodh ina úrscéal agus a bhfuil sé beartaithe script scannáin a dhéanamh de, agus A Becoming in Paris, an chéad saothar ficsin uaithi atá suite i bPáras agus a bhfuil súil aici é a fhorbairt ina shraith theilifíse. Tá Ceiliúradh, gearrscript Ghaeilge, á fhorbairt ina phíosa amharclainne faoi láthair.

Maidir le Age & Opportunity 

Is é Age & Opportunity an eagraíocht náisiúnta atá ag obair chun feabhas a chur ar fholláine do dhaoine breacaosta trí rannpháirtíocht sa spórt agus i ngníomhaíocht fhisiciúil, trí rannpháirtíocht sna healaíona, trí rannpháirtíocht chruthaitheach, trí fhorbairt phearsanta, trí chomhoibriú pobail agus trí shaoránacht ghníomhach. Tá sé mar aidhm againn sochaí a chruthú inar féidir le gach duine breacaosta a bheith gníomhach, infheicthe, cruthaitheach, ceangailte agus muiníneach faoin aosú.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

Ealaíona Fhine Gall | Comhairle Contae Fhine Gall

Ealaíona Fhine Gall | Baile

Baile - Age & Opportunity

Baile - Tyrone Guthrie