Fógraíonn Oifig Ealaíon Fhine Gall gurb í Nicole Manning faighteoir chónaitheacht stiúideo céimí MART don bhliain 2026.
Fógraíonn Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirt le MART Gallery & Studios, faighteoir chónaitheacht céimí MART Studios 2025–2026, mar atá Nicole Manning. Ealaíontóir amhairc a oibríonn trí mheán na péinte den chuid is mó is ea í.
Teideal íomhá: Nicole Manning, agus a saothar ealaíne timpeall uirthi.
Fógraíonn Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirt le MART Gallery & Studios, faighteoir chónaitheacht céimí MART Studios 2025–2026, mar atá Nicole Manning. Ealaíontóir amhairc a oibríonn trí mheán na péinte den chuid is mó is ea í.
Tá sé mar aidhm leis an deis seo tacú le forbairt ghairmiúil daoine ó limistéar Chomhairle Contae Fhine Gall a bhain céim amach le déanaí trí spás stiúideo lánchistithe a sholáthar thar 12 mhí ag tosú i mí Eanáir 2026. Soláthrófar léi timpeallacht fhoirfe le haghaidh tionscadail chruthaitheacha a fhorbairt agus le haghaidh cleachtas céimí a fhorbairt, mar aon le deis chun líonrú le healaíontóirí eile.
Clúdófar costais cíosa stiúideo, costais fóntas agus costais riaracháin chun cabhrú leis an am agus an spás chun a c(h)leachtas a fhorbairt a thabhairt don ealaíontóir, chomh maith le deiseanna chun caidreamh a dhéanamh le daoine cruthaitheacha eile. Ina theannta sin, glacfaidh an t-ealaíontóir is céimí páirt i dtaispeántas grúpa chun a s(h)aothar a thaispeáint ag seó bliantúil dámhachtainí taispeántais MART sa bhliain 2026. Soláthrófar táille ealaíontóra agus ábhar ó MART mar chuid dá shearmanas bliantúil dámhachtainí don fhaighteoir.
Tá an deis seo mar chuid de shraith tionscnamh atá ar bun ag Oifig Ealaíon Fhine Gall chun cleachtas gairmiúil na n-ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn a chur chun cinn agus chun tacú leis.
Dúirt Sarah O’Neil, Oifigeach Ealaíon Contae Chomhairle Contae Fhine Gall, an méid seo faoin dámhachtain: “Tá an fhíric go bhfuil dámhachtain céimí stiúideo MART ag leanúint ar aghaidh ina léiriú ar thiomantas leanúnach Chomhairle Contae Fhine Gall d’ealaíontóirí gairmiúla agus d’ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn. Táimid bródúil as dul i gcomhpháirt le MART an athuair ar an dámhachtain céimí seo. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Nicole as a bheith roghnaithe mar an faighteoir rathúil agus níl aon amhras orm ach go mbainfidh sí leas as an deis chun a gairm bheatha a chur ar aghaidh agus naisc a dhéanamh lena piaraí agus foghlaim uathu.”
Agus an dámhachtain á fáil aici, dúirt Nicole Manning, ealaíontóir: “Táim thar a bheith buíoch as an deis dul i bpáirt le MART mar Ealaíontóir Cónaithe Nua-Chéimí Fhine Gall, 2026. Beidh sé thar a bheith luachmhar spás tiomnaithe a bheith agam chun saothar nua a fhorbairt agus chun nascadh le pobal ealaíontóirí agus mé ag leanúint ar aghaidh ag forbairt mo chleachtais tar éis dom céim a bhaint amach. Táim ag tnúth go mór leis an mbliain atá romhainn agus leis an deis taispeántas a dhéanamh le MART.”
Maidir le Nicole Manning, ealaíontóir:
Ealaíontóir atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus a oibríonn trí mheán na péintéireachta den chuid is mó is ea Nicole Manning. Nuachéimí de chuid an Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha (2024) is ea Nicole, áit ar bhain sí céim Comhonóracha amach i bPéintéireacht agus Oideachas sa Mhínealaín. Agus é spreagtha ag an mbaint idir an intinn agus an corp agus an t-idirghníomhú idir an ghné fhisiciúil agus an ghné shíceolaíoch, déantar iniúchadh ina saothar ar an léiriú seachtrach ar shuaitheadh inmheánach laistigh d’eispéireas an duine. Agus é fréamhaithe ina heispéireas mar dhuine a fhulaingíonn pian ainsealach boilg, díríonn an saothar nuadhéanta de chuid Nicole ar an gcaoi a dtagann an tráma i láthair laistigh den chorp.
Trí úsáid a bhaint as scuabobair gothaí casta chun radharc na stéigeacha a léiriú, déanann sí iniúchadh ar an gcaoi ar féidir le híomhánna siombalacha agus aircitíopúla an t-eispéireas casta atá i gceist le duine a bheith ag maireachtáil agus galar dofheicthe air nó uirthi a insint. Feidhmíonn frámaí leapa Victeoiriacha, coirp chasta agus ainmhithe mar mheafar agus mar alter ego laistigh dá pictiúir phéinteáilte. Tá sé mar aidhm lena saothar an phian inmheánach a aistriú ina foirm infheicthe.
Tar éis a seó céime dar teideal “To continue to live even when you don’t have the Stomach for it” (2024), dámhadh cónaitheacht stiúideo bliana di ag Stiúideonna Ché Mhic Fhlannchaidh (2024-2025) i nDroichead na hInse, Baile Átha Cliath, mar aon le háit ar an gClár Forbartha Gairmiúla agus Meantóireachta ‘Superprojects’ do nuachéimithe. I mí Lúnasa 2025, dámhadh ‘Dámhachtain Cónaitheachta Stiúideo Fhine Gall | Draíocht’ di, rud as ar tháinig meantóireacht chistithe le Sharon Murphy. Faoi láthair, tá sí ag tabhairt faoi chónaitheacht ealaíontóra ag RAMA, atá lonnaithe i gceantar tuaithe na Portaingéile díreach taobh amuigh de Liospóin, a mhairfidh ó mhí Dheireadh Fómhair go mí na Nollag.
Maidir le MART:
Bhunaigh Ciara Scanlan agus Matthew Nevin MART Studios & Gallery sa bhliain 2007. Is é an aidhm ná deiseanna a chur ar fáil do dhaoine cruthaitheacha ag gach céim dá ngairm. Faoi láthair, tá MART Studios ar cheann de na príomhspásanna oibre inbhuanaithe don phobal cruthaitheach i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh, agus sé stiúideo ag éascú saothar ildisciplíneach ealaíne agus breis agus 150 ball. Leis na spásanna sin, cuirtear fás pobal ealaíne agus rannpháirtíocht ealaíne chun cinn.
Beidh Nicole Manning ag taispeáint a saothair ag seó dámhachtana bliantúil MART ón 31 Eanáir go dtí an 14 Feabhra 2026. Sa sárthaispeántas sin, tarraingítear aird ar shaothar triúir ealaíontóirí iontacha atá ag teacht chun cinn agus a roghnaíodh trí chomhpháirtíochtaí leanúnacha MART agus trína chláir dámhachtainí, a sholáthraíonn tacaíocht agus infheictheacht ríthábhachtach d’ealaíontóirí luathghairme. Seó Dámhachtainí MART 2026 – MART Gallery & Studios
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
www.fingalarts.ie
www.fingal.ie/arts
www.mart.ie
Maidir le | Ealaín Nicole Manning