Fógraíonn Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall gradam stiúideo Chaisleán Ard Giolláin 2025-2026

Ardgillan Studio Space

Tá Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirtíocht le Caisleán Ard Giolláin, ag tairiscint spás stiúideo maoinithe d'ealaíontóirí gairmiúla ar feadh tréimhse bliana ag tosú 1 Deireadh Fómhair 2025. Cuimsíonn an Gradam Stiúideo clúdach iomlán ar chíos stiúideo, fóntais, agus costais riaracháin, ag tairiscint deis luachmhar d'ealaíontóirí a gcleachtas a fhorbairt i dtimpeallacht thacúil. 

Oscailte d'ealaíontóirí gairmiúla aonair, do chomhghleacaithe beaga, nó do ghrúpaí ealaíontóirí ag céim ar bith dá ngairm bheatha agus ag obair in aon fhoirm ealaíne, ní mór gur rugadh iarratasóirí nó iad ina gcónaí i limistéar riaracháin Fhine Gall faoi láthair chun a bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh. Tomhaiseann an stiúideo 5.7m x 4.7m agus tá sé ar an gcéad urlár den chaisleán. 

Tacaíonn Caisleán Ard Giolláin Teo. agus Comhairle Contae Fhine Gall faoi láthair le 15 spás stiúideo d'ealaíontóirí agus do dhearthóirí a bhfuil raon éagsúil cleachtas acu.  Cuireadh tús leis an tionscnamh in 2020. D'oscail Caisleán Ard Giolláin Dánlann Ard Giolláin i mí an Mhárta 2023, ag soláthar spás ealaíne comhaimseartha i bhFine Gall. Bíonn taispeántais, cainteanna ealaíontóra, ceardlanna agus imeachtaí ar siúl sa ghailearaí. 

Dúirt Oifigeach Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall, Sarah O'Neil nuair a fógraíodh an gradam seo, ‘Tá an chomhpháirtíocht leanúnach seo le Caisleán agus Gailearaí Ard Giolláin ag teacht lenár sprioc straitéiseach barr feabhais a chumasú ó Phlean Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall 2019-2025.  Ceadaíonn an spás stiúideo tiomnaithe d'ealaíontóirí saothar ardchaighdeáin a fhorbairt agus a tháirgeadh .'

Deir Genevieve Howard, ar bronnadh gradam stiúideo chaisleán Ard Giolláin uirthi in 2024, faoina tréimhse, 'Ba eispéireas bunathraithe í an chónaitheacht i gCaisleán Ard Giolláin i bhforbairt mo shaothair agus mo chleachtais ealaíne.  Thug an spás deis dom dul i ngleic le mo phróiseas ar bhealach dírithe agus thug timpeallacht álainn an chaisleáin inspioráid dhomhain agus treo nua spreagúil i mo chuid oibre.  Bhí an timpeallacht anseo an-tacúil, agus a bheith in ann dul i dteagmháil leis na healaíontóirí eile agus leis na daoine a oibríonn sa chaisleán.  Bhraith mé an-spreagtha le linn mo chuid ama .'

Maidir le Caisleán Ard Giolláin:

Tógadh Caisleán Ard Giolláin, teach mór tuaithe atá suite i mBaile Brigín, Contae Bhaile Átha Cliath Thuaidh, sa bhliain 1738 ag Robert Taylor, agus cuireadh a sciatháin thiar agus thoir leis ag deireadh na 1800idí. Tá an teach, ina bhfuil dhá stór thar íoslach a shíneann faoi na faichí theas, athchóirithe leis na seomraí urláir talún agus na cistineacha oscailte do chuairteoirí le haghaidh turais threoraithe. Tá gairdín róis, gairdín ballaí, agus gairdíní séasúracha ar na tailte fairsingeacha 200-acra freisin. 

Ba cheart d’ealaíontóirí ar mian leo a bheith san áireamh iarratas a dhéanamh trí scéala ríomhphoist a sheoladh chuig  [email protected]  : 

Chun tuilleadh faisnéise agus treoirlínte maidir le hiarratais a fháil, féach le do thoil:

www.fingalarts.ie

www.fingal.ie/arts

www.ardgillancastle.ie