Fógraíonn Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall faighteoir Dhámhachtain Stiúideo Chaisleán Ard Giolláin 2025-2026
Tá áthas ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirt le Caisleán Ard Giolláin, a fhógairt gurb í Maria Atanacković, amharc-ealaíontóir, faighteoir dhámhachtain stiúideo Chaisleán Ard Giolláin.
Leis an dámhachtain, tairgtear spás stiúideo cistithe d’ealaíontóirí gairmiúla ar feadh tréimhse bliana dar tosach an 1 Deireadh Fómhair 2025. Folaíonn an Dámhachtain Stiúideo clúdach iomlán na gcostas a bhaineann le cíos stiúideo, le fóntais agus le riarachán, agus deis ríluachmhar á tairiscint d’ealaíontóirí a gcleachtas a fhorbairt i dtimpeallacht thacúil.
Tá Ardgillan Castle Ltd. agus Comhairle Contae Fhine Gall ag tacú faoi láthair le 15 spás stiúideo d’ealaíontóirí agus do dhearthóirí a bhfuil raon éagsúil cleachtas acu. Cuireadh tús leis an tionscnamh sa bhliain 2020.

Spectra le Maria Atanacković
Ar fhógairt na dámhachtana seo, dúirt Sarah O’Neil, Oifigeach Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall: ‘Tá áthas orainn a fhógairt gurb í Maria Atanacković faighteoir dhámhachtain stiúideo Ard Giolláin dár gcuid. Leis an gcónaitheacht chistithe bhliana seo, tugtar deis d’ealaíontóirí gairmiúla a gcuid saothair a iniúchadh agus a bheachtú i dtailte stairiúla agus caisleán Ard Giolláin.’
Dúirt Maria Atanacković, faighteoir na dámhachtana stiúideo: ‘Tá ríméad orm an deis seo a fháil chun mo chleachtas a leathnú agus a fhorbairt. Tá sé beartaithe agam an t-am agus an spás tiomnaithe a úsáid chun an teanga amhairc gheoiméadrach atá forbartha agam trí dhéanamh priontaí a aistriú ina foirmeacha dealbhóireachta níos uaillmhianaí.’
Maidir leis an Ealaíontóir:
Ealaíontóir atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus a oibríonn i réimse an déanta priontaí, na cóimeála agus na dteicstílí is ea Maria Atanacković. Trí theibíocht agus trí thriail, cruthaíonn Maria saothair lena n-iniúchtar an spás, an comhdhéanamh agus an fhoirm.
Rinne Maria staidéar ar Dhearadh Dromchla i gColáiste Cumarsáide Londain agus tá cúlra i dteicstílí priontáilte aici. Chomh maith lena cleachtas stiúideo, is í an teagascóir priontála scáileáin ag Graphic Studio Dublin í agus d’oibrigh sí go forleathan mar éascaitheoir ealaíon, agus í ag stiúradh ceardlann agus cónaitheachtaí i scoileanna agus i suíomhanna pobail. Chun a scileanna déanta saothar digiteach a fhorbairt, tá Maria ina mac léinn faoi láthair ar an Dioplóma Gairmiúil sa Déanamh Saothar Digiteach leis an gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha agus le Creative Spark Enterprise Fablab.
Is ball stiúideo í de Graphic Studio Dublin agus ghlac sí páirt roimhe seo i roinnt cónaitheachtaí, amhail Féile Ealaíon an Chlocháin (2024), Draíocht (Márta 2025), agus Creative Spark (2025). Tá an chéad taispeántas aonair uaithi, dar teideal Navigating Space, ar siúl faoi láthair ag Draíocht, Baile Bhlainséir, go dtí an 20 Meán Fómhair 2025 agus beidh seó aonair eile aici, dar teideal Taobh le Taobh, i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, i mí Dheireadh Fómhair 2025.

I measc na dtaispeántas suntasach eile tá The Shape of Memory, taispeántas beirte le Tony O’Malley, péintéir Éireannach nach maireann, ag Graphic Studio Gallery (2025). I mí Feabhra 2025, bhí Maria ar dhuine de 22 ealaíontóir a roghnaíodh chun ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn ag Collect i Londain, le tacaíocht ó Chomhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann (DCCI). Roghnaíodh í freisin mar dhuine de 12 ealaíontóir chun ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn go hidirnáisiúnta ag Not About the Rain, in Klaipėda, an Liotuáin (Bealtaine 2025). Ba é Cultúr Éireann agus Bardas Chathair Klaipėda a chistigh an seó sin.
Tá aitheantas tugtha dá saothar le roinnt dámhachtainí. Ina measc sin tá Dámhachtain Stiúideo Dhéantóirí na Todhchaí de chuid DCCI, Dámhachtainí Lúfaireachta na Comhairle Ealaíon (2021, 2023), Sparánacht Ealaíontóra Fhine Gall (2023, 2024), agus an Dámhachtain Best in Show ón Taispeántas ‘Signal Open’ (2024). Tá coimisiúin faighte aici ó Mason Hayes & Curran, ó Óstán Leinster, agus ó Óstán Dean chomh maith.
Maidir le Caisleán Ard Giolláin:
Thóg Robert Taylor Caisleán Ard Giolláin, teach mór tuaithe atá suite i mBaile Brigín, Contae Bhaile Átha Cliath Thuaidh, sa bhliain 1738, agus cuireadh sciatháin thiar agus thoir an tí leis ag deireadh na 1800idí. An teach sin, ina bhfuil dhá stór os cionn an íoslaigh a shíneann faoi na faichí theas, athchóiríodh é agus tá seomraí agus cistineacha urlár na talún aige a bhíonn ar oscailt do chuairteoirí le haghaidh turais threoraithe. Tá garraí rósanna, garraí daingean agus garraithe séasúracha mar chuid de na tailte fairsinge 200 acra freisin.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
www.fingalarts.ie
www.fingal.ie/arts
www.ardgillancastle.ie