Déan iniúchadh ar Oidhreacht Fhine Gall le linn Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2022

Déanfaidh Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2022 ceiliúradh ar gach rud a bhaineann leis an oidhreacht ó Dé Sathairn, an 13 Lúnasa, go go dtí Dé Domhnaigh, an 21 Lúnasa 2022, agus beidh neart dá leithéid ar siúl i bhFine Gall.

Heritage Week Irish

Tá an t-eolas iomlan ar fáil ag www.heritageweek.ie nó ag www.fingal.ie/heritageweek2022

Déanfaidh Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2022 ceiliúradh ar gach rud a bhaineann leis an oidhreacht ó Dé Sathairn, an 13 Lúnasa, go go dtí Dé Domhnaigh, an 21 Lúnasa 2022, agus beidh neart dá leithéid ar siúl i bhFine Gall. Glac páirt i dtochailt an phobail, déan foghlaim faoi Oidhreacht Tuí Fhine Gall, tabhair cuairt ar Thúr Martello nó tóg óstán na bhfeithead! Is cuma cén fonn atá ort, trí fhreastal ar cheann d'iliomad na n-imeachtaí pearsanta, trí fhéachaint ar thionscadail dhigiteacha nó trí dhul amach agus iniúchadh a dhéanamh ar do cheantar áitiúil, séard atá á rá ná go bhfuil oidhreacht shaibhir thart orainn is féidir a cheiliúradh agus a fhiosrú.

Tugann an clár seo de chuid na Comhairle Oidhreachta, Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta, pobail, teaghlaigh, eagraíochtaí, institiúidí cultúrtha, lucht acadúil agus díograiseoirí le chéile chun an fheasacht a chothú ar luach na hoidhreachta agus chun tacú lena caomhnú. Baineann téama na bliana 2022 le dul i ngleic leis an oidhreacht chun domhan níos athléimní a chruthú, lena bhfeabhsófar an inbhuanaitheacht agus an bhithéagsúlacht.

Osclófar clár Fhine Gall le seoladh Iniúchadh Oidhreacht Dhomhnach Bat-Port Reachrann ag Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony ag Caisleán Stella, Port Reachrann Dé Sathairn an 13 Lúnasa ó 2in go 3in. Cuirtear fáilte roimh chách teacht isteach chun taitneamh a bhaint as an ócáid agus beidh sólaistí beaga chomh maith le cóipeanna saor in aisce den iniúchadh ar fáil.

Ag tógáil ar rath séasúir tochailte an phobail sna blianta thart, tá Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall agus an seandálaí Christine Baker ag tabhairt faoi thochailt eile ag dún chósta Dhroim Manach le foireann seandálaithe gairmiúla agus oibrithe deonacha ón bpobal áitiúil agus níos faide i gcéin. Ag tosú ar an 17 Lúnasa, cuideoidh an tochailt le heolas a chur ar fáil amach anseo do bhainistíocht an tsuímh seandálaíochta seo ar ard-shuntas náisiúnta. Nocht séasúir na tochailte ar an suíomh go dtí seo fianaise ar an lonnaíocht, ar an trádáil, ar an mbás agus ar an adhlacadh mar a bhí siad san Iarannaois dhá mhíle bliain ó shin.

Reáchtálfaidh Leabharlanna Fhine Gall Ceardlanna na hOidhreachta agus Ceardlanna na mBeach i gcomhpháirtíocht leis an Ionad Athfhionnachtana do leanaí, áit ar féidir leo an bhithéagsúlacht agus na plandaí, na hainmhithe agus na héiceachórais iontacha inár dtimpeall a fhiosrú trí ghníomhaíochtaí spraíúla. Tiocfaidh baill de chumainn staire Fhine Gall agus de ghrúpaí na hoidhreachta le chéile i Mullach Íde ar an 17 Lúnasa chun cainteanna gairide a roinnt ar a gceantair áitiúla faoi seach.

Leanfaidh tionscadail na hOidhreachta Digití de chuid Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall, ar a bhfuil an-tóir orthu, i mbliana lena n-áirítear an Oidhreacht ó Thuas a dhíríonn ar Bhaile Brigín, Tionscadal Oidhreacht X na hAeráide atá ag scrúdú tionchar athrú na haeráide ar shuímh na hoidhreachta, agus eisiúint an fhíseáin álainn ar Oidhreacht Díon Tuí Fhine Gall.  Beidh turas ar thithe ceann tuí na Sceirí ar siúl freisin mar chuid de thionscadal na Tuí ar an 20 Lúnasa.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony, ‘Tá traidisiún saibhir na hoidhreachta nádúrtha, tógtha agus cultúrtha ag Fine Gall agus is deis í Seachtain na hOidhreachta ceiliúradh a dhéanamh ar an obair iontach atá á dhéanamh ag pobail Fhine Gall agus ag Oifig Oidhreachta Fhine Gall chun a leithéid a chaomhnú agus a chur chun cinn. Mholfainn do gach duine teacht chuig ócáid ​​atá ar siúl in aice leat chun Oidhreacht Fhine Gall a cheiliúradh’.

Dar le Oifigeach na hOidhreachta Christine Baker, ‘Ní hamháin go gceanglaíonn ár n-oidhreacht le himeachtaí na laethanta fadó ach ceanglaíonn sí sinne lena chéile chomh maith. Tugann Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta deis iontach dúinn ionaid ár n-oidhreachta agus na scéalta lena mbaineann is ansa le gach pobal áitiúil againne a roinnt, a iniúchadh agus taitneamh a bhaint astu.

I measc na n-imeachtaí eile a bheidh ar siúl i bhFine Gall, tá Glantachán agus Siúlóid na hOidhreachta ar Inis Mac Neasáin, tae traidisiúnta an chruicéid  ag Club Cruicéid an Fhionnuisce, Cuairteanna ar Thúr Martello Tom agus Terry i bPort Reachrann, fairtheoireacht míolta móra le Whale Watch Ireland ag Ceann Bhinn Éadair, Cúram na gCrann le Easy Treesie Diméin Sheantraibh, turas allamuigh geolaíochta i Loch Sionnach, Ag Athcheangal leis an Dúlra i mBaile Breacáin agus mórán eile. Tá an t-eolas iomlan ar fáil ag www.heritageweek.ie nó ag www.fingal.ie/heritageweek2022

 

Digging Drumanagh