Dáileann Comhairle Contae Fhine Gall fearais céadfaí le haghaidh an Lae Dhomhanda um Fheasacht ar an Uathachas
Tá an Oifig Forbartha Pobail agus Ionchuimsithe tar éis feistis céadfaí nua a ullmhú chun an 19ú bliain den Lá Domhanda um Fheasacht ar an Uathachas a chomóradh Déardaoin an 2 Aibreán.
Tá an Oifig Forbartha Pobail agus Ionchuimsithe tar éis feistis céadfaí nua a ullmhú chun an 19ú bliain den Lá Domhanda um Fheasacht ar an Uathachas a chomóradh Déardaoin an 2 Aibreán. Chuir an fhoireann raon bréagán céadfaí agus rudaí céadfaí le chéile le haghaidh 10 n-ionad pobail ar fud an chontae. Tá na hionaid sin ag eagrú imeachtaí atá dírithe ar ionchuimsiú go gníomhach. Tógann na feistis nua ar na 10 bpaca céadfaí atá ar fáil cheana féin in ionaid roghnaithe.
Sna feistis céadfaí tá míreanna atá ceaptha chun tacú le rialúchán, le compord agus le folláine do leanaí agus d’aosaigh a bhfuil riachtanais próiseála céadfaí acu.
Tá an tionscnamh seo ag teacht le hoiliúint a sholáthair AsIAm do líonra Saoráidí Pobail Fhine Gall i mí an Mheithimh 2025.
Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall:
“Táim an-bhródúil, mar Mhéara, as bliain eile den Lá Domhanda um Fheasacht ar an Uathachas a cheiliúradh anseo i gComhairle Contae Fhine Gall. Tá pobail chomh héagsúil sin againn anseo ar fud Fhine Gall agus táimid tiomanta do thacú le folláine ina measc siúd go léir.
Molaim iarrachtaí ár bhfoirne go léir agus tá súil agam go mbainfidh ár n-ionaid phobail iomadúla úsáid as na feistis céadfaí iontacha seo.”
Dúirt John Quinlivan, Stiúrthóir um Fhorbairt Eacnamaíoch, Pobail agus Chultúrtha:
“Léiríonn ár dtacaíocht don Lá Domhanda um Fheasacht ar an Uathachas croímhisean na Roinne Pobail, is é sin, pobail nasctha, ionchuimsitheacha agus chumhachtaithe a thógáil ar fud Fhine Gall.
Déanann tionscnaimh den chineál seo fíordhifear. Cuireann siad in iúl go soiléir dár bpobail néara-éagsúla go bhfeicimid iad, go mbíonn meas againn orthu, agus go seasaimid leo.”
Le comóradh an Lae Dhomhanda um Fheasacht ar an Uathachas sa bhliain 2026, a bhfuil an téama “Uathachas agus an Daonnacht – Bíonn Tábhacht le gach Saol” aige, tarraingítear aird ar dhínit agus luach gach duine uathaigh mar chuid dár dtodhchaí dhaonna chomhroinnte agus dearbhaítear an dínit agus an luach sin.
Trí thacú leis an Lá Domhanda um Fheasacht ar an Uathachas, leanann Comhairle Contae Fhine Gall lena luachanna eagraíochtúla arb éard iad ionchuimsiú, meas agus folláine an phobail a chur chun cinn.