Cur i láthair Chomhairle na nÓg Fhine Gall Aibreán 2023

Comhairle na nOg April 23 with Mayor and CE

Thug Comhairle na nÓg Fhine Gall cur i láthair bríomhar ar an 5 Aibreán 2023 do Mhéara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly i Seomra na Comhairle i Sord.

Comhairle na nOg April 23 Council Chamber

Tháinig sé i ndiaidh a rannpháirtíochta in Expo náisiúnta na Comhairle i bPáirc an Chrócaigh an lá roimhe sin. Ina dhiaidh sin bhí seisiún Ceisteanna & Freagraí uair an chloig, arna éascú ag an Méara. I measc na n-ábhar a pléadh bhí cosaint an chomhshaoil agus athchúrsáil, cur chun cinn na bithéagsúlachta, saincheisteanna maidir le húsáid galtoitíní, an gá le níos mó tacaíochtaí teanga i scoileanna do thuismitheoirí leanaí nach as Éirinn ó dhúchas iad, agus an gá atá ann go mothódh daoine óga go n-éistear go cuí leo i dtimpeallachtaí scoile maidir le heispéiris ar chiníochas agus homafóibe.

Comhairle na nOg April 23

Is í Comhairle na nÓg an príomhfhóram i bhFine Gall do dhaoine óga chun a dtuairimí a thabhairt ar mhórcheisteanna imní, idir áitiúil agus náisiúnta agus chun páirt a ghlacadh sna fóraim chomhairliúcháin iomadúla a eagraíonn an t-údarás áitiúil. Tacaíonn Oifig Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall agus Foróige, an tseirbhís óige atá ag feidhmiú sa chontae, leis an gComhairle. D'éirigh go han-mhaith leis an ócáid seo, agus eagrófar seisiún eile den chineál céanna roimh dheireadh na bliana.

Comhairle na nOg April 23
Comhairle na nOg April 23