Cuir fáilte roimh an Oidhreacht le linn na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta i bhFine Gall

Féachtar leis an méid daoine agus is féidir a mhealladh chun baint a bheith acu leis an oidhreacht le linn Sheachtain Náisiúnta Oidhreachta na bliana 2021.

National Heritage Week in Fingal

Féachtar leis an méid daoine agus is féidir a mhealladh chun baint a bheith acu leis an oidhreacht le linn Sheachtain Náisiúnta Oidhreachta na bliana 2021. Táimid ag iarraidh ceangal a dhéanamh le grúpaí nó le daoine aonair ina bpobal a bhféadfadh sé nach n-airíonn siad go bhfuil baint acu le hoidhreacht an cheantair agus táimid ag iarraidh léargas a fháil ar ghnéithe den oidhreacht áitiúil nach nglactar san áireamh nó nach ndéantar a chomóradh go minic. Is le gach duine an oidhreacht.  Beidh réimse mór imeachtaí ar bun ar fud Fhine Gall le linn na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta a bheidh ar siúl ó Dé Sathairn an 14 go dtí Dé Domhnaigh an 22 Lúnasa.

Mura bhfuil agat ach cúpla nóiméad is féidir leat cluas a thabhairt do cheann de na scéalta ó Oidhreacht Fhine Gall: Cainteanna dhá nóiméad. Arna chomhordú ag an Oifigeach Oidhreachta, Christine Baker, roinnfidh raon d'fhoireann Chomhairle Contae Fine Gall a mbíonn baint acu le hoidhreacht i gcaitheamh a gcuid oibre, gearrscéalta ina léirítear chomh saibhir agus chomh iléagsúil is atá oidhreacht Fhine Gall, cibé más faoin gcruthaitheacht agus oidhreacht é nó faoi chuirtíní stairiúla Theach Newbridge é. An bhfuil imní ort faoi thionchair athraithe aeráide ar ár n-oidhreacht? Is féidir leat beart dearfach a ghlacadh agus a bheith páirteach inár dtogra eolaíocht an tsaoránaigh - Oidhreacht X Aeráid.  

Christine Baker

Tá roinnt imeachtaí don tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta eagraithe ag Leabharlanna Fhine Gall do chách, idir shean agus óg, imeachtaí amhail ceardlanna beo ar líne le Fiona Fitzsimons ar thaifid teaghlaigh a chaomhnú, fíricí meidhreacha, ceardaíocht agus scéalta faoi Chloigthithe agus na Lochlannaigh sna ceardlanna Dig It Kids.  Tabharfaidh an cartlannaí Karen de Lacey caint ar líne ar an stair a bhaineann le Reilig Fhionntáin agus an fhorbairt a rinneadh uirthi thar na mblianta agus déanfaidh an Dr. Maebh O'Regan oidhreacht Éireannach mhuintir Brontë a scrúdú.

Rinne grúpaí oidhreachta, lucht eagraithe, teaghlaigh agus pobail tograí a fhorbairt a bhaineann lenár n-oidhreacht thógtha, cultúir agus nádúrtha, is féidir na tograí sin a fháil ar líne agus ag imeachtaí ar féidir freastal orthu i gcásanna ar leith (agus gach réamhchúram sláinte poiblí comhlíonta). Bí i do bhleachtaire Crann ag Farmleigh; tabhair faoi shiúlóid Bhithéagsúlachta i mBinn Éadair; tabhair cuairt ar gheallta Schiff farraige Sceithrí; faigh amach faoi Rock of Ages i Loch Sionnaigh; faoi leac uaighe ón 18ú haois san Aill, faoi scéalta an Chúil Shoird nó faoin té a bhunaigh Mother’s Union.

St Fintans

Is éard a dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, “Is iontach an t-am é an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta chun idirghníomhú le gnéithe éagsúla den Oidhreacht atá againn agus leis na himeachtaí iléagsúla iontacha atá ar fáil ar líne agus ar féidir freastal orthu anseo i bhFine Gall agus iad a cheiliúradh. Tá neart ar bun a tharraingeodh daoine nua i dtreo na hoidhreachta, na daoine a bhfuil sé i gceist ag an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta teagmháil a dhéanamh leo i mbliana.”  

Is éard a dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, "Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh leis na grúpaí áitiúla agus le foireann Chomhairle Contae Fhine Gall as na tograí nuálacha seo a fhorbairt don tSeachtain Oidhreachta. Tá saibhreas ar leith oidhreachta tógtha, nádúrtha agus cultúir i bhFine Gall ar féidir sult a bhaint aisti agus tá an Chomhairle tiomanta í a chosaint agus a chaomhnú do na glúnta atá le teacht."

'Ní hamháin go mbaineann an ceangal atá againn leis an oidhreacht le himeachtaí a tharla san am atá caite ach dá chéile freisin' a dúirt Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall, Christine Baker 'Is iontach an deis í an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta le sult a bhaint as ár n-oidhreacht, as na háiteanna agus as na scéalta lena mbaineann tábhacht do na pobail áitiúla agus mholfainn do chách súil a chaitheamh ar an oidhreacht atá ina gceantar féin agus sult a bhaint aisti'.

 Tá sonraí fógartha ag an gComhairle Oidhreachta maidir le Gradaim Sheachtain Náisiúnta Oidhreachta na bliana 2021, a thabharfaidh aitheantas do na tograí oidhreachta a chuirfear os comhair an phobail le linn Sheachtain Náisiúnta Oidhreachta na bliana seo. Tugann gradam an chontae aitheantas don togra oidhreachta is fearr i ngach contae. Beidh duais freisin ann do Laoch na hOidhreachta, daoine nua na hOidhreachta, Oidhreacht a roinnt, Oidhreacht do gach aoisghrúpa, Oidhreacht Uisce, Leanbh Fiáin. Déanfar rannpháirtí ar bith a éiríonn leo togra oidhreachta a uaslódáil ar láithreán gréasáin na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta faoi Dé Luain an 30 Lúnasa 2021 a bhreithniú do Ghradam na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta. 

Tá rud éigin ar siúl le linn Sheachtain Náisiúnta Oidhreachta 2021 a fheilfidh do chách. Chun tuilleadh sonraí a fháil maidir le tograí agus imeachtaí a bheidh ar siúl i bhFine Gall agus níos faide ó bhaile téigh chuig  Seachtain Oidhreachta i bhFine Gall agus https://www.heritageweek.ie/
 

Heritage Week