Seachtain Oidhreachta 2021 i bhFine Gall

Féachtar leis an méid daoine agus is féidir a mhealladh chun baint a bheith acu leis an oidhreacht le linn Sheachtain Náisiúnta Oidhreachta na bliana 2021. Táimid ag iarraidh ceangal a dhéanamh le grúpaí nó le daoine aonair ina bpobal a bhféadfadh sé nach n-airíonn siad go bhfuil baint acu le hoidhreacht an cheantair agus táimid ag iarraidh léargas a fháil ar ghnéithe den oidhreacht áitiúil nach nglactar san áireamh nó nach ndéantar a chomóradh go minic. Is le gach duine an oidhreacht. Chun tuilleadh sonraí a fháil maidir le tograí agus imeachtaí a bheidh ar siúl i bhFine Gall agus níos faide ó bhaile téigh chuig https://www.heritageweek.ie/

Breathnaigh ar ár bpreasráiteas anseo.

heritage week

Oidhreacht Fhine Gall: Cainteanna Dhá Nóiméad

Roinnfidh raon d'fhoireann Chomhairle Contae Fine Gall a mbíonn baint acu le hoidhreacht i gcaitheamh a gcuid oibre, gearrscéalta ina léirítear chomh saibhir agus chomh iléagsúil is atá oidhreacht Fhine Gall, ó chuirtíní stairiúla Theach Newbridge go cruthaitheacht agus oidhreacht fite fuaite ina chéile.

Karen de Lacey - Cartlanna Fhine Gall, Loscadh Stáisiúin an Gharda Cósta i bhFine Gall. https://www.youtube.com/watch?v=hITeKlu-ILs 

Fionnuala May – Ailtire an Chontae, Cuirtíní Theach Newbridge.  https://www.youtube.com/watch?v=3pUJsJojM6g 

Tricia Matthews - Éire Ildánach agus Oidhreacht. https://youtu.be/8tGfS4fAmoU 

Christine Baker – Oifigeach Oidhreachta, An Ghné Seandálaíochta a Bhaineann leis na Nithe Beaga. https://youtu.be/Z57n5d1lWuw

Caroline Cowley – Comhordaitheoir Ealaíne Poiblí, The Perishable Picnic. https://youtu.be/aMPwNwkCpto

Bríd Ryan - Obair Caomhnúcháin agus Athchóirithe ag an Casino, Mullach Íde – Áit Nua don Mhionsamhail d'Iarnród Fry. https://youtu.be/4kWK7LEmV1M

Brian O’Connor – Túr Stella & Séipéal Naomh Caitríona, Port Reachrann. https://youtu.be/iq50ciLj1zc

Bernie Kelly – Oifigeach Gaeilge, Is cuid lárnach dár n-oidhreacht chultúrtha é ár dteanga dhúchais a cheiliúradh / Celebrating our native language - Irish - a central part of our culture. https://youtu.be/8VQMsqIk3Mw

Duncan Henderson - Caisleán Ard Giolláin– Oidhreacht  Fite Fuaite sa Chruthaitheacht. https://youtu.be/vVu8DcYD8oI

Helena Bergin - Oifigeach Caomhnaithe Ailtireachta, Oidhreacht Ailtireachta Fhine Gall a Chosaint. https://youtu.be/zU69TtpQh4Y

 

 

Heritage Map

Oidhreacht X Aeráid Fhine Gall

Is deis atá i dTogra Oidhreacht X Aeráid Fhine Gall don phobal a gcuid a dhéanamh i dtaobh monatóireacht a dhéanamh ar shuíomhanna oidhreachta atá i mbaol de bharr athrú aeráide (féach https://www.fingal.ie/fingal-cultural-heritage-climate-change-risk-asse…) Togra eolaíocht an tsaoránaigh a bheidh sa chéad chéim eile chun monatóireacht a dhéanamh ar riocht shuíomhanna oidhreachta Fhine Gall. Is féidir le duine ar bith páirt a ghlacadh - ní gá go mbeadh eolas ná oiliúint roimh ré agat! Seo leat agus caith súil ar an méid atá i gceist - nó faigh tuilleadh amach faoi athrú aeráide agus faoi oidhreacht chultúrtha. Dé Máirt an 17 Lúnasa ag 11am. Cláraigh ag https://www.eventbrite.ie/e/fingal-heritage-x-climate-citizen-science-event-tickets-164126114627

Fingal Heritage X Climate project

Tá roinnt imeachtaí don tSeachtain Oidhreachta eagraithe ag Leabharlanna Fhine Gall do chách, idir shean agus óg.

Spléachadh ar Reilig Fhionntáin, Cill Fhionntain

Rianóidh Cartlannaí Contae Fhine Gall Karen de Lacey stair agus forbairt Reilig Fhionntáin i gCill Fhionntain, ó fhothrach Theampall Fhionntáin agus an tobar beannaithe go dtí forbairt na reilige í féin - caithfear súil ar scéalta chuid de na daoine atá curtha sa reilig, go háirithe iadsan a bhfuil a scéal ligthe i ndearmad. Léireofar an chaoi le clár adhlactha a úsáid sa chaint ar líne seo ó buried.Fingal.ie ar mhaithe le stair theaghlaigh. Biedh an caint seo ar fáil ar Youtube gan mhoill  eolas ó  [email protected]

St Fintan's

Na Deirfiúracha Brontë (Imeacht Beo) le Maebh O'Regan

Oidhreacht Éireannach mhuintir Brontë - caint ina n-insítear an scéal a bhaineann le cúig bhall déag a thug fear Charlotte Brontë, Arthur Bell Nicholls, ar ais ó Hworth go Beannchar tar éis dá bhean bás a fháil. Bhí gúna pósta Charlotte, Portráid an Philéir, deasc Emily etc i measc na mball sin. Tuairim is 40 nóiméad ar fad a bheidh an léacht agus beidh an t-óstach breá sásta ceisteanna faoi mhuintir Brontë a fhreagairt nuair a bheidh sé thart. An 19 Lúnasa ag 7.00pm Cláraigh ag

https://www.eventbrite.ie/e/bronte-sisters-with-dr-maebh-oregan-tickets-154686446325

Dig it Kids

Glac Páirt i gCeardlanna Dig It Kids
Díreofar ar theacht na Críostaíochta go hÉirinn agus ar fhorbairt na gClogtheach i gceann de na ceardlanna. Cé a thóg iad? Céard le haghaidh a tógadh iad? Díreofar ar na Lochlannaigh in Éirinn sa dara ceardlann. An robálaithe foréigneacha amháin a bhí iontu?  Cén tionchar a bhí acu ar Éirinn? 1.5 uair a mhairfidh gach ceardlann agus beidh neart fíricí meidhreacha, ceardaíocht agus scéalta iontu. Déanfaimid Long Fhada sa cheardlann faoi luathré na Críostaíochta in Éirinn (cuirfear liosta den trealamh ceirde agus na teimpléid ceirde chugat ar ríomhphost nuair a chláraíonn tú). De hAoine, an 20 Lúnasa ag 11.00am agus Dé Sathairn, an 21 Lúnasa ag 3.00pm Cláraigh ag https://digitkids.ie/book-online-courses/

National Heritage Week

Ginealas (Imeacht Beo) le Fiona Fitzsimons as Enelcann

Bí i dteannta Fiona Fitzsimons as Enelcann do cheardlann bheo ar líne ar thaifid teaghlaigh a chaomhnú. Tabharfaidh Fiona comhairle maidir leis na bealaí is fearr chun taifid stairiúla a chaomhnú sa bhaile, taifid amhail grianghraif, páipéir nuachta agus déantáin chun a chinntiú go gcosnaítear na hacmhainní luachmhara sin do na glúnta atá le teacht. Dé hAoine, an 20 Lúnasa ag 7.00pm Cláraigh ag https://www.eventbrite.ie/e/155692248707

Other events

Rinne grúpaí oidhreachta, lucht eagraithe, teaghlaigh agus pobail tograí a fhorbairt a bhaineann lenár n-oidhreacht thógtha, cultúir agus nádúrtha, is féidir na tograí sin a fháil ar líne agus ag imeachtaí ar féidir freastal orthu i gcásanna ar leith (agus gach réamhchúram sláinte poiblí comhlíonta). Bí i do bhleachtaire Crann ag Farmleigh; tabhair faoi shiúlóid Bhithéagsúlachta i mBinn Éadair; tabhair cuairt ar gheallta Schiff farraige Sceithrí; faigh amach faoi Rock of Ages i Loch Sionnaigh; faoi leac uaighe ón 18ú haois san Aill, faoi scéalta an Chúil Shoird nó faoin té a bhunaigh Mother’s Union. Tá rud éigin ann a fheilfidh do chách. Chun tuilleadh sonraí a fháil maidir le tograí agus imeachtaí a bheidh ar siúl i bhFine Gall agus níos faide ó bhaile téigh chuig https://www.heritageweek.ie/