Cruthaím - Cruinniú na nÓg

Tapaigh do dheis agus bí i do réalt dod’ chontae fhéin do Cruinniú na nÓg 2021! Is é an spriocdháta do na hiarratais ná 21/4/21.

Cruthaim

Tapaigh do dheis agus bí i do réalt dod’ chontae fhéin do Cruinniú na nÓg 2021!

Tá ríméad ar Meangadh Fíbín, i gcomhar le Cruinniú na nÓg, TG4 agus Cúla4, a fhógairt go bhfuil clár/feachtas náisiúnta á sheoladh chun duine óg as gach contae in Éirinn agus duine amháin ón diaspóra a aimsiú le bheith páirteach i sraith físeán a dhéanfaidh ceiliúradh ar chruthaitheacht óige na hÉireann. 

Beidh deis ag na daoine óga a scéal pearsanta a insint, an caitheamh aimsire nó an ealaín a bhfuil siad paiseanta faoi a léiriú i sraith físeán atá físiúil agus spreagúil. Beidh an tsraith físeán seo le feiceáil ar TG4/Cúla4, ar mheáin shóisialta TG4 agus ar chainéal Youtube Cúla4 na laethanta roimh an gceiliúradh náisiúnta ‘Cruinniú na nÓg’ ar 12 Meitheamh. Deis iontach é seo do chruthaitheacht a léiriú don domhan mór agus an fáth a bhfuil tú chomh tógtha leis a roinnt leis an lucht féachana. 

Duine óg amháin as gach contae in Éirinn, atá idir 5-16 bliain d’aois, atá á lorg chun páirt a ghlacadh i gCruinniú na nÓg 2021. An bhfuil aithne agat ar dhuine óg atá paiseanta faoi ealaín, innealtóireacht, cócaireacht, códáil nó aon ábhar ealaíonta eile? Tá muid ag iarraidh do scéal a chloisteáil! 

Seol iarratas chuig  [email protected]  le grianghraf de do chuid oibre, físeán gearr (30’ sec) nó litir chun tú fhéin a chur i láthair. 

 

Is é an spriocdháta do na hiarratais ná 21/4/21.

Tuilleadh eolas faoi Meangadh Fíbín ag www.fibinmedia.ie

Tuilleadh eolas faoi polasaí um cosaint leanaí Meangadh Fíbín -https://bit.ly/3czWzfV

Spriocdháta De hAoine 21 Aibreán 2021

 

 

cruinniu