Comhpháirtithe Páircíní: Molann Comhairle Contae Fhine Gall ar ghnóanna iarratas a dhéanamh
Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag iarraidh ar “Chomhpháirtithe Páircíní” iarratas a dhéanamh ar an sráid-dreach atá acu faoi láthair a athrú go spás fáilteach agus tarraingteach pobail trí pháircíní nua a sholáthar lasmuigh de ghnóanna oiriúnacha i bhFine Gall.
Tá iarratais ar oscailt go dtí 5 i.n. 30 Deireadh Fómhair agus ba cheart do pháirtithe leasmhara a bhfuil suim acu ann foirmeacha iarratais comhlánaithe a sheoladh chuig
Iompaíonn páircíní roinnt spás páirceála ar an sráid (seachas spás inrochtana, spás aoisbháúil agus bá lódála) ina spás oscailte poiblí chun freastal ar itheachán agus suíocháin bhreise. Is bealach cost-éifeachtúil iad chun sráideanna níos beoga a chruthú, tacú le gnóanna áitiúla, agus spás fáilteach a sholáthar do chónaitheoirí agus do dhaoine a bhíonn ag dul thar bráid chun bia a ithe agus a scíth a ligean.
Chríochnaigh Comhairle Contae Fhine Gall píolótach le páircíní i gcroílár Sord le déanaí agus é mar aidhm aige tacú le gnóanna áitiúla tríd an sráid-dreach atá ann cheana a athrú go spás fáilteach pobail. Cuireadh fáilte roimh an tionscnamh le daoine ag tapú an deis chun taitneamh a bhaint as béile agus iad ag leanúint treoirlínte reatha an rialtais.
Dúirt Emer O’Gorman, Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta, Fiontraíochta agus Turasóireachta ag Comhairle Contae Fhine Gall: “Táimid ag lorg grúpaí gnóanna atá suite cóngarach dá chéile, ar nós bialanna agus caiféanna ar an sráid chéanna, a bhfuil páirceáil acu lasmuigh dá n-áitribh chun iarratas a dhéanamh ar an tionscnamh seo. Táimid ag iarraidh an spás poiblí atá ar fáil dúinn i bhFine Gall a úsáid chun tacaíocht a chur ar fáil do ghnóanna chun fanacht oscailte agus chun áit shuaimhneach a sholáthar do chónaitheoirí agus cuairteoirí le hithe.”
Tá an páircín, a chuireann spás itheacháin agus suíocháin bhreise ar fáil, dírithe ar dhaoine a spreagadh ar ais go lár an bhaile agus treoir sláinte poiblí á comhlíonadh. Beidh na páircíní seo i bhfeidhm ar feadh bliana ar dtús agus ansin déanfar iad a mheas le breithniú ar cheart iad a choinneáil i bhfeidhm ar feadh bliana eile.
Dúirt an Comhairleoir Tony Murphy, Cathaoirleach an Choiste um Beartas Straitéiseach um Fhorbairt Eacnamaíochta, Fiontraíochta agus Turasóireachta do Chomhairle Contae Fhine Gall: “Mholfainn do ghnóanna atá in ann iarratas a dhéanamh ar an tionscnamh seo é sin a dhéanamh. Is tosaíocht dúinn tacú le gnóanna áitiúla agus muid ag dul i ngleic leis an streachailt leanúnach le Covid-19 agus cuidíonn tionscnaimh chruthaitheacha mar seo leo siúd atá srianta ina gcuid oibríochtaí faoi láthair chun leanúint ar aghaidh.”