Clár Corraitheach d’imeachtaí i bhFine Gall d'Oíche Chultúir 18 Meán Fómhair 2020

Tá áthas an domhain ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall clár corraitheach d’imeachtaí saor in aisce a fhógairt a bheidh ar siúl in áiteanna éagsúa i bhFine Gall chun Oíche Chultúir 2020 a cheiliúradh.

culture night 2020

Tá áthas an domhain ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall clár corraitheach d’imeachtaí saor in aisce a fhógairt a bheidh ar siúl in áiteanna éagsúa i bhFine Gall chun Oíche Chultúir 2020 a cheiliúradh. Is ócáid phoiblí náisiúnta bhliantúil í Oíche Chultúir a cheiliúrann cultúr, cruthaitheacht agus na healaíona. Ar feadh oíche amháin síneoidh eagraíochtaí ealaíon agus cultúir, caisleáin agus tithe stairiúla i bhFine Gall a n-uaireanta oscailte don phobal, ag cur béime ar éagsúlacht tallainne áitiúla agus áiseanna cultúrtha iontacha. Mar gheall ar na dúshláin a d’eascraigh as COVID-19 le déanaí, cuimsíonn clár na bliana seo imeachtaí digiteacha agus beo ar líne a bheidh ar siúl Dé hAoine 18ú Meán Fómhair 2020.  Is féidir le lucht leanúna de gach aois teacht ‘Le Chéile Trí Chultúr’ agus taitneamh a bhaint as réimse ceoil, filíochta, ceardlanna, turais agus cainteanna atá leagtha amach go sonrach d’Oíche Chultúir i bhFine Gall ar líne nó ag ionaid rannpháirteacha.

Ina measc siúd atá ag glacadh páirte i mbliana tá ionaid a osclaíodh le déanaí i mBaile Brigín agus Mullach Íde. Tabharfaidh Músaem Iarnród Mionsamhla an Casino i Mullach Íde ina bhfuil an bailiúchán íocónach Iarnród Mionsamhla Fry, sa teachín álainn nua-athchóirithe Casino turais féin-threoraithe saor in aisce agus óstálfaidh Institiúid Cheoil agus Amhrán na hÉireann, saoráid cheoil nua den scoth i mBaile Brigín, turais dá bhfoirgnimh stairiúla agus dá tob-shuiteálacha ceoil lena n-áirítear léirithe ó Sheaimpíní Ceathairéad Bearbóirí Náisiúnta na hÉireann, Lady Barbalade agus ensembles ceoil ón Afraic.

Cuirfidh leabharlanna Fhine Gall féile spreagúil ar líne ar fáil lena n-áirítear ceol ón LR Project agus Banna Práis Bhaile Bhlainséir agus tionscadail fhilíochta agus beochana ar líne ar féidir rochtain a fháil orthu trí chainéal YouTube Leabharlann Fhine Gall. Beidh deis ann múrphictiúr nua a fheiceáil i mBaile Brigín ag comóradh ‘Sack of Balbriggan’ a choimisiúnaigh Oifig Ealaíon Fhine Gall i gcomhpháirtíocht le Coiste Cuimhneacháin ‘Sack of Balbriggan’ agus thar a cheann. Reachtálfaidh Ár mBaile Brigín imeacht ar líne le healaíontóir Baile Brigín Thomas Brezing agus tá turais oidhreachta saor in aisce de Chaisleán & Gairdíní Mhullach Íde agus Teach & Feirm An Droichid Nua i nDomhnach Bat. Cuirfidh Réadlann DIAS Dhún Sinche oíche fhíorúil i láthair i measc na réaltaí lena n-áirítear turas fíorúil den réadlann agus cainteanna ‘Light-speed’ ar líne le réaltfhisiceolaithe mór le rá.

Ag labhairt dó faoin gclár dúirt Méara Fhine Gall an Comhairleoir David Healy: “Tá sé thar barr an réimse iontach imeachtaí beo agus ar líne atá á gcur i láthair i bhFine Gall don Oíche Chultúir a fheiscint. Cíbe más léirithe ceoil, filíocht, suiteálacha ealaíne, turais oidhreachta nó fiú réaltóireacht atá i gceist, tá deis ann do gach duine ‘Nasc a dhéanamh Trí Chultúr’ ar Aoine, 18ú Meán Fómhair.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach AnnMarie Farrelly: “Ba mhaith liom ár nOifig Ealaíon agus gach Roinn Fhine Gall a mholadh as freastal ar na dúshláin bainteach le Covid-19 agus as clár chomh cuimsitheach d’imeachtaí beo agus ar líne a chur le chéile don Oíche Chultúir agus tá ríméad orm gur féidir linn daoine a fháiltiú isteach inár réadmhaoin Oidhreachta ar an oíche.”

Dúirt Margaret Geraghty Stiúrthóir Seirbhísí Tithíochta agus Pobail:   “Tá ról an-tábhachtach ag an gcultúr agus na hEalaíona sa tsochaí agus chuaigh srianta Covid-19 go mór i bhfeidhm ar an earnáil.  Sa chomhthéacs seo tá mé thar a bheith sásta an clár iontach seo a d’Oíche Chultúir a chur i láthair a léireoidh go leor gnéithe den chultúr agus a thabharfaidh an deis do dhaoine dul i dteagmháil leis saor in aisce go pearsanta agus óna dtithe féin.”

 

Bígí linn le haghaidh na n-imeachtaí seo atá leagtha amach go speisialta agus go leor eile.  

Tá imeachtaí Oíche Chultúir saor in aisce ach d’fhéadfadh go mbeadh acmhainn teoranta ag roinnt ionad mar gheall ar shrianta reatha COVID-19 agus d’fhéadfadh go mbeadh áirithint roimh ré ag teastáil uathu. Cloífear le bearta um fhadú sóisialta le haghaidh imeachtaí/turais beo, de réir threoirlínte an rialtais maidir le COVID-19. Seiceáil le do thoil le hionaid sula bhfeastlaíonn tú mar tá imeachtaí beo faoi réir athraithe.

 

Féach www.fingalarts.ie/nuacht le haghaidh clár imeachtaí bunaithe i bhFine Gall nó íoslóidáil anseo agus don chlár iomlán náisiúnta féach www.culturenight.ie

 

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le do thoil le: r-phost: [email protected]    teil: 01 890 5733

 

 

 

Image removed.   Image removed.   Image removed.         Image removed.