Ceiliúrann Féile Staire Fhine Gall Deich mBliana na Fionnachtana

Agus í ag teacht ar ais don deichiú bliain sa bhliain 2026, beidh clár leathnaithe imeachtaí saor in aisce á thairiscint ag Féile Staire Fhine Gall ina dtarraingeofar aird ar na daoine, na háiteanna agus na scéalta a mhúnlaigh Fine Gall, Éire agus an domhan mór.

19 free events across the county's library network and heritage venues

Beidh Féile Staire Fhine Gall ag ceiliúradh a deichiú bliain trí chlár leathnaithe imeachtaí a bheidh ar siúl ón Satharn an 26 Meán Fómhair go dtí an Domhnach an 11 Deireadh Fómhair 2026, agus 19 n-imeacht saor in aisce sceidealaithe ar fud líonra leabharlann agus ionaid oidhreachta an chontae. 

Buaicphointe na féile i mbliana is ea Lá na Staire ag an Leabharlann, a bheidh ar siúl Dé Sathairn an 3 Deireadh Fómhair i Leabharlann Carnegie, an tSráid Thuaidh, Sord. I bhfianaise Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, déanfar le linn roinnt cainteanna iniúchadh ar na naisc stairiúla atá ag Éirinn leis an Eoraip agus leis an Aontas Eorpach. 

Agus tréimhse deich mbliana a caitheadh ag ceiliúradh stair áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta á comóradh, tá raon éagsúil topaicí sa chlár, lena n-áirítear dul as radharc do Agatha Christie, rannpháirtíocht na hÉireann i Réabhlóid Mheiriceá, na naisc atá ag muintir Kennedy le hÉirinn, na cumhachtaí idirbheartaíochta a bhí ag Éamon de Valera, Éire tar éis Chonradh Angla-Éireannach 1921, stair an fhaisin agus an stair shóisialta, dialanna Eleanor Cobbe Corbally, Daonáireamh 1926, taighde ar stair theaghlaigh, Cuan Bhaile Brigín, Teach agus Diméin Chionn Iúir, an tSeanscoil i gCluain Saileach, agus Dúnmharuithe La Mancha i Mullach Íde.

External shot of Carnegie Library in Swords

Reáchtálfar dhá cheann de thurais threoraithe oidhreachta le linn na féile freisin. Óstálfaidh Cumann Oidhreachta Chluain Saileach agus Bhaile an Phóirtéaraigh turas amháin Dé Domhnaigh an 4 Deireadh Fómhair, agus óstálfaidh Turasóireacht an Rois turas eile Dé Domhnaigh an 11 Deireadh Fómhair. 

Tá na himeachtaí uile saor in aisce, cé go moltar áirithint a dhéanamh roimh ré toisc go bhféadfadh an líon áiteanna a bheith teoranta. Tá an clár iomlán ar fáil ar líne ag www.fingal.ie/fingallibraries, agus tá cóipeanna clóite de bhróisiúr na Féile Staire ar fáil freisin ó leabharlanna Fhine Gall. 

Seolfar Fingal Studies 7 le linn na féile freisin, agus é ar an eagrán is déanaí d’irisleabhar staire áitiúla Fhine Gall. Tá an t-irisleabhar tiomnaithe d’oidhreacht shaibhir an chontae a chaomhnú agus a iniúchadh. Tá in imleabhar na bliana seo ailt ar Harry Reynolds, rothaí, ar Scoil Sheoirse, Baile Brigín (1859-2014), ar Dhúnmharuithe La Mancha ar chomóradh céad bliain na tragóide, ar Reilig Fhionntain, Cill Fhionntain, ar Aontas Dhlí na mBocht, Baile an Ridire, agus ar raon topaicí stairiúla eile.

 Athsheoladh Fingal Studies sa bhliain 2024 tar éis an t-irisleabhar a bheith as láthair le tréimhse naoi mbliana. Foilsítear é gach bliain anois, agus gach eagrán nua á eisiúint i gcomhthráth le Féile Staire Fhine Gall. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ag www.fingal.ie/fingalstudies.

Carnegie Library will host Festival of History events