Cabhraigh le Todhchaí an Iompair Pobail i bhFine Gall a Mhúnlú
Cuir do Thuairimí in Iúl maidir le Leathnú Charr Pobail Fhine Gall
Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag iarraidh ar chónaitheoirí, ar ghrúpaí pobail agus ar eagraíochtaí áitiúla a dtuairimí a chur in iúl maidir le leathnú Charr Pobail Fhine Gall amach anseo.
Is ionann Carr Pobail Fhine Gall agus seirbhís iompair pobail lena dtacaítear le daoine a mbíonn deacracht acu seirbhísí agus gníomhaíochtaí bunriachtanacha a rochtain mar gheall ar roghanna teoranta iompair. Leis an scéim, cabhraítear le daoine coinneáil nasctha, neamhspleách agus gníomhach laistigh dá bpobal trí rochtain a thabhairt ar choinní, seirbhísí agus gníomhaíochtaí sóisialta a bhfuil tábhacht leo.
Triaileadh an scéim ar dtús i mBinn Éadair agus ar na Sceirí sa bhliain 2019 trí chomhpháirtíocht idir Comhairle Contae Fhine Gall, Nasc Áitiúil agus tiománaithe deonacha. Leantar leis an tseirbhís a oibriú go rathúil i limistéar na Sceirí, áit a gcabhraítear le daoine áitiúla na nithe seo a leanas a rochtain:
- Coinní liachta agus ospidéil
- Seirbhísí lia-chleachtóirí ginearálta agus seirbhísí cúram sláinte
- Áiseanna siopadóireachta agus baincéireachta
- Gníomhaíochtaí pobail agus sóisialta
- Seirbhísí bunriachtanacha áitiúla eile
Le Carr Pobail Fhine Gall, éascaíodh níos mó ná 1000 turas paisinéirí sa chéad sé mhí den bhliain 2026, rud a léiríonn a thábhachtaí atá an t-iompar pobaltreoraithe maidir le tacú le cónaitheoirí seirbhísí bunriachtanacha a rochtain agus coinneáil nasctha laistigh dá bpobal.
Dúirt an Comh. Tony Murphy, Méara Fhine Gall: “Is féidir le rochtain ar an iompar tionchar suntasach a imirt ar an gcumas a bhíonn ag duine páirt iomlán a ghlacadh i saol an phobail. Is cuma cé acu a bhíonn siad ag freastal ar choinne liachta, ag bualadh le cairde, ag glacadh páirt i ngníomhaíochtaí áitiúla nó ag baint leas as seirbhísí bunriachtanacha, cabhraíonn an t-iompar iontaofa le daoine coinneáil nasctha agus gafa. Molaim do gach duine páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo agus a gcuid léargas a chomhroinnt chun cabhrú le bonn eolais a chur faoi fhorbairt Charr Pobail Fhine Gall amach anseo.”
Cabhróidh an comhairliúchán le Comhairle Contae Fhine Gall pobail a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as an scéim a shainaithint, tuiscint níos fearr a ghnóthú ar phatrúin taistil áitiúla agus ar thurais áitiúla, agus a shuí cén spéis a d’fhéadfadh a bheith ag cónaitheoirí i dtacú leis an tseirbhís mar oibrithe deonacha.
Dúirt David Storey, Stiúrthóir um Chomhshaol, Gníomhú ar son na hAeráide, Taisteal Gníomhach agus Spórt i gComhairle Contae Fhine Gall: “Tá sé cruthaithe gur seirbhís luachmhar é Carr Pobail Fhine Gall, lena gcabhraítear le daoine cúram sláinte, seirbhísí pobail agus gníomhaíochtaí sóisialta a rochtain agus le bacainní iompair a laghdú an tráth céanna. Agus sinn ag déanamh breithniú ar an gcéad chéim eile d’fhorbairt na scéime, tá sé tábhachtach go gcluinfimis go díreach ó phobail áitiúla faoin áit a bhfuil an riachtanas ann agus faoi conas is fearr is féidir leis an tseirbhís tacú le cónaitheoirí.”
Cibé acu a úsáideann tú an t-iompar pobail, a thacaíonn tú le duine a úsáideann é, a dhéanann tú ionadaíocht d’eagraíocht pobail nó a bhféadfadh spéis a bheith agat in obair dheonach a dhéanamh, ba mhaith le Comhairle Contae Fhine Gall cluinstin uait. Cuir do thuairimí isteach roimh 5.00pm Dé hAoine an 28 Lúnasa 2026 agus cabhraigh le todhchaí an iompair pobail i bhFine Gall a mhúnlú.
Cluin go díreach ó thiománaithe deonacha faoina n-eispéiris agus iad ag tacú leis an scéim agus faoin tionchar dearfach a bhíonn aici ar phobail áitiúla. Amharc ar ár bhfíseán: https://youtu.be/WrQfzu7SU-o
Chun tuilleadh faisnéise a fháil agus chun an suirbhé comhairliúcháin a chomhlánú, téigh chuig Suirbhéanna | Tairseach Comhairliúcháin ar Líne Chomhairle Contae Fhine Gall