Tá céim mhór chun tosaigh tógtha ag forbairt Ghairdín Shackleton i gCluain Saileach agus an oscailt oifigiúil ag Méara Fhine Gall ar siúl níos luaithe inniu, an 17 Meán Fómhair.
Sheol an Comhairleoir Daniel Whooley, Leas-Mhéara Fhine Gall, an dara cuid de thionscadal na Stáisiún Aimsire do Scoileanna inné ag Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim Le Chéile an Rois agus Lusca nuair a bhronn sé ar Rang a Trí an chéad cheann de na stáisiúin aimsire uathoibríocha atá á leathadh amach ar bhunscoileanna ar fud Fhine Gall.
Sheol an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, Méara Fhine Gall, an cúigiú Féile Staire Dé Máirt an 14 Meán Fómhair agus beidh na cainteanna ar fad á gcur ar fáil ar chainéal YouTube agus ar ardáin meán sóisialta Leabharlanna Fhine Gall i rith sheachtain na Féile ón 25 Meán Fómhair go dtí an 2 Deireadh Fómhair.
Mar chuid de Sheachtain Gníomhaithe ar son na hAeráide Bhaile Átha Cliath, tá físeán réamheolais seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall do Thionscadal Keen to be Green Facilities Fhine Gall
Tá an-áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil tús á chur leis an bpróiseas foirmiúil pleanála don Tionscadal Forbartha atá beartaithe do Pháirc na hAille.
Tá an-áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil tús á chur leis an bpróiseas foirmiúil pleanála don Spás Súgartha Poiblí atá beartaithe do Leabharlann Bhaile Gháire, Baile Gháire, Co. Bhaile Átha Cliath.
Tá ríméad ar Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhar le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann Coimisiún Nua Scríbhneoireachta agus Scannán Coimisiúnaithe – A Burning Tide – a chur i láthair.
Beidh Seachtain Bhliantúil na Rothaíochta ar siúl den tríú bliain déag in Éirinn idir an 12 agus an 18 Meán Fómhair 2021. Is iontach an deis Seachtain na Rothaíochta ag daoine, gan bheann ar aois ná ar leibhéal gluaisteachta, le taitneamh a bhaint as an rothaíocht agus gnáthrud a dhéanamh de lúth na gcos a úsáid mar chuid dá ngnás taistil.