Tionscadal Forbartha Páirce Beartaithe do Shráidbhaile na hAille

Tá an-áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil tús á chur leis an bpróiseas foirmiúil pleanála don Tionscadal Forbartha atá beartaithe do Pháirc na hAille.

Naul Village Park Development

Tá an-áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil tús á chur leis an bpróiseas foirmiúil pleanála don Tionscadal Forbartha atá beartaithe do Pháirc na hAille.

Tá sé mar aidhm ag Rannán na bPáirceanna & an Bhonneagair Ghlais de chuid na Comhairle teacht ar chomhaontú le páirtithe leasmhara chun fís a sholáthar i dtaobh Páirc Sráidbhaile a fhorbairt a bheadh báúil le hoidhreacht chultúrtha, staire agus nádúrtha an tsuímh agus a bheadh ina léiriú uirthi sin. Beidh gnéithe éagsúla ag baint leis an bpáirc, mar a shonraítear thíos:

Spás na Slí Isteach

Is é seo an príomhbhealach isteach do choisithe agus an áit a théann tú isteach go dtí an pháirc ó Bhóthar Bhaile Brigín. Déanfar spás na slí isteach a phábháil le seiteanna cloiche nádúrtha le stiallacha a bheidh i gcodarsnacht leo scaipthe go neamhfhoirmeálta ar fud an chosáin. Tá sé beartaithe na stiallacha seo a ghreanadh le focail 'Sneachta na Cásca' - an fonn mall traidisiúnta ab ansa le Séamus Ennis.

Faiche an Bhaile

Déanfar pointe fócais d'fhaiche an bhaile a bheidh curtha in áit go straitéiseach, agus déanfar gnéithe eile a leagan amach mórthimpeall air. Cruthófar mórtas áite faoi leith sa spás seo, mar go mbeidh an séipéal agus an chill ar an taobh eile den bhóthar le feiceáil ó fhaiche an bhaile. Cuirfear crann mór san fhaiche a bheidh mar phointe fócais eile. Tagairt a bheidh ann don 'Crann Mór' a bhí i lár an bhaile le breis agus céad bliain, a bhí ina ghné sheasmhach do mhuintir an bhaile leis na glúinte.

Naul Playground

Clós Súgartha

Bainfear leas as téamaí ó oidhreacht shaibhir na hAille chun eolas a dhéanamh don chlós súgartha chun eispéireas súgartha a chruthú atá fréamhaithe go domhain i stair na háite. Téann stair an Chaisleáin Dhuibh (nó Caisleán Cruise mar a thugtar air freisin) siar go dtí an 12ú haois agus tá sé suite thart ar 100 méadar lastuaidh den chill. Is cuid thábhachtach d'oidhreacht na hAille é an caisleán agus tá sé beartaithe go ndéanfar tagairt dó i bhfoirm píosa trealaimh súgartha a bhfuil cuma túir caisleáin air. Ar an gcaoi chéanna, comhartha aitheantais d'oidhreacht an cheoil a chinntigh Séamus Ennis do na glúinte a bhí le teacht a bheidh sna píosaí trealaimh súgartha ceoil a bhíonn tarraingteach do chéadfaí leanaí agus don chruthaitheacht a bhíonn iontu go nádúrtha. Is í an fhís fhoriomlán don áit súgartha ná go gcuirfear ardluach súgartha agus uileghabhálacht ar fáil laistigh de shuíomh a bhainfidh leas as gnéithe den tírdhreach chun eispéireas atá i dtiúin leis an nádúr a chur ar fáil. Scaipfear gnéithe eiliminteacha amhail lomáin agus bolláin ar fud an chlóis súgartha, agus déanfar crainn agus plandaí clúdaithe talún a chur freisin chun tuilleadh béime a chur ar an aeistéitic nádúrtha. Anuas air sin, tá inspioráid á fáil ó oidhreacht staire na hAille chun téama an súgartha nádúir a threisiú, agus chuige sin, tá sé beartaithe go mbeidh réimse saindeiseanna súgartha ar fáil leis an mullóg féir. Ar taobh amháin tá sé nasctha le struchtúr súgartha an chaisleáin (atá mar thagairt é féin d'fhothrach an Chaisleáin Dhuibh atá le feiceáil ón gclós súgartha), ach tá titim géar ar an taobh eile go dtí an balla dreapadóireachta adhmaid, a thógann inspioráid ón logainm Gaeilge 'An Aill' - a bhfuil leagan Béarla 'Naul' curtha air'. Beidh an mhullóg suite in aice le gné eile den tionscadal - 'An Cairéal' - limistéar slogtha san fhaiche a bhfuil stoic crainn ann a bheidh ag feidhmiú mar dhroichid agus ag cur le spiorad na heachtraíochta san áit.

Áit Áineasa agus Aclaíochta

Is spás é an áit aclaíochta, a bheidh suite díreach ar an taobh ó dheas den chlós súgartha, a bheidh leagtha amach ar mhaithe le gníomhaíochtaí spóirt agus aclaíochta agus tá sé i gceist go ndéanfar freastal leis ar raon leathan aoisghrúpaí agus úsáideoirí. Cuimseofar trealamh aclaíochta d'úsáideoirí níos sine, trealamh callaistéinice do dhéagóirí agus do dhaoine fásta, agus leadóg bhoird do dhaoine de gach aois.

Naul Reflection Garden

Gairdín Machnaimh

Tá sé beartaithe go gcuirfear gairdín machnaimh sa chúinne thiar theas den suíomh. Féachfar leis an suíomh seo pointe fócais a dhéanamh de na seanfhoirgnimh agus na seanbhallaí atá mar chuid de theorainn na páirce. Tá sé beartaithe go mbeidh plandóirí ardaithe chun críocha gairneoireachta, binsí saincheaptha agus boird fichille sa ghairdín. Cuirfear spás ciúin ar fáil sa ghairdín don réimse caithimh aimsire sháimh seo, agus mar sin, is iontach an áit a bheidh ann chun scíth a ligean agus chun bualadh le daoine i suíomh breá.

Limistéar Páirceála agus Spás a bhFéadfaí Margaí Feirmeoirí a Chur ar Siúl ann

Tá sé i gceist leis na tograí tírdhreacha méadú a chur ar líon na spásanna páirceála atá ar fáil, de réir mar is cuí i gcomhthéacs scála an tsuímh. Tá an limistéar páirceála carranna le leagan amach chun féar treisithe a chur ann agus déanfar cinnte go seasfaidh sé an aimsir trí dhuchtú a chur isteach le go mbeifear ábalta carranna leictreacha a luchtú ann. Beidh socruithe páirceála agus rochtana ag comhlíonadh riachtanas maidir le sábháilteacht ar bhóithre. Cuirfear deis ar fáil le togra pháirc an bhaile chun corr-imeacht a eagrú, amhail margaí feirmeoirí ar dhá shuíomh sa pháirc. D'fhéadfaí stainníní margaidh a shuiteáil sa charrchlós atá beartaithe. Bheadh deis ann do dhíoltóirí stainníní a shocrú suas ag 'Spás na Slí Isteach' agus tairbhe a bhaint as bheith níos gaire do Bhóthar Bhaile Brigín agus na custaiméirí a d'fhéadfadh a bheith ag dul thar bráid.

Cuirfear spás pobail ilfheidhme lasmuigh ar fáil leis an Tionscadal Forbartha Páirce Beartaithe do Shráidbhaile na hAille a léireoidh oidhreacht ar leith an cheantair áitiuil agus a chuirfidh bithéagsúlacht agus inbhuanaitheacht chun cinn. Beidh páirc an tsráidbhaile atá beartaithe ina bhunghné de shráidbhaile na hAille, áit a chuirfidh le carachtar ar leith an tsráidbhaile agus ina mbeidh an pobal ar fad ábalta teacht le chéile d'imeachtaí agus ar mhaithe le taitneamhacht go ginearálta.

Tá rannpháirtíocht páirtithe leasmhara agus an phobail i gcroílár an tionscadail. Tionóladh cruinnithe eolais i mí Aibreáin agus i mí Iúil na bliana seo le hionadaithe áitiúla agus páirtithe leasmhara. I ndiaidh na gcruinnithe comhairliúcháin, rinneadh an t-aiseolas agus na tuairimí a fuarthas a bhreithniú go cúramach agus léirítear iad sa togra reatha. Ag cur tuilleadh leis na comhairliúcháin phoiblí a bhí ar siúl go dtí seo agus ar éirigh go maith leo, molann an Chomhairle don phobal aiseolas a thabhairt ar an bhForbairt Páirce beartaithe do Shráidbhaile na hAille le linn na tréimhse aighneachta an 14 Meán Fómhair go dtí an 27 Deireadh Fómhair mar atá sonraithe i gcuid 8 den iarratas pleanála atá faoi iamh agus atá ar fáil ag: nasc

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh "Áit iontach a bheidh sa Tionscadal Forbartha Páirce Beartaithe do Shráidbhaile na hAille don phobal teacht le chéile agus cuirfear áiseanna áineasa ar fáil do chách, idir shean agus óg, ó chlós súgartha spreagtha ag an Aill go dtí faiche an bhaile agus an gairdín machnaimh.

Is éard a dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: "Tá an-áthas orm go bhfuil Tionscadal Forbartha Páirce Beartaithe do Shráidbhaile na hAille anois ag céim fhoirmiúil phleanála na forbartha agus fáiltíonn an Chomhairle roimh ionchur leanúnach ón bpobal. Tá an fhorbairt Páirce seo ag leanúint de thiomantas na Comhairle áiseanna áineasa inbhuanaithe agus inrochtana a chur ar fáil atá deartha i gcomhairle le pobail áitiúla agus atá ag teacht le hoidhreachta na háite.