Borradh mór cistiúcháin do phobail Fhine Gall, agus €268,827 faighte ag 134 ghrúpa
Dámhadh €268,827 san iomlán i gcistiú caipitil do 134 chomhlacht ar fud Fhine Gall, a chuimsíonn grúpaí pobail agus eagraíochtaí pobail, faoin gClár Feabhsúcháin Áitiúil 2026, rud a chuirfear go mór le saoráidí áitiúla, le trealamh áitiúil, agus le seirbhísí áitiúla pobail.
Dámhadh €268,827 san iomlán i gcistiú caipitil do 134 chomhlacht ar fud Fhine Gall, a chuimsíonn grúpaí pobail agus eagraíochtaí pobail, faoin gClár Feabhsúcháin Áitiúil 2026, rud a chuirfear go mór le saoráidí áitiúla, le trealamh áitiúil, agus le seirbhísí áitiúla pobail. An clár, a riarann Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Fhine Gall é le tacaíocht ó Chomhairle Contae Fhine Gall, tacaíonn sé le heagraíochtaí pobail agus deonacha maidir le feabhas a chur ar na seirbhísí agus na saoráidí a sholáthraíonn siad, go háirithe i bpobail faoi mhíbhuntáiste ar fud limistéir thuaithe agus uirbeacha Fhine Gall.
Dúirt an Comhairleoir Tony Murphy, Méara Fhine Gall: “Leanann an Clár Feabhsúcháin Áitiúil le fíordhifear a dhéanamh do ghrúpaí pobail ar fud Fhine Gall. Leis an gcistiú seo, tacófar le grúpaí feabhas a chur ar a saoráidí agus trealamh riachtanach a cheannach, rud a chuirfidh ar a gcumas leanúint le seirbhísí luachmhara a sholáthar laistigh dá bpobail. Cuireann dúthracht agus tiomantas na n-oibrithe deonacha sa phobal luach ollmhór le saol an phobail ar fud Fhine Gall, agus is mór ag Comhairle Contae Fhine Gall a gcuid iarrachtaí, agus tá meas ag an gComhairle orthu.”
Tá roinnt gairdíní pobail tar éis cistiú a fháil.
Leis an gcistiú, beidh grúpaí in ann tabhairt faoi thionscadail chaipitil bheagscála, saoráidí pobail a uasghrádú, agus trealamh riachtanach a cheannach. Cabhróidh na feabhsuithe sin le hinrochtaineacht a mhéadú, le héifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, agus le cumas na n-eagraíochtaí chun freastal ar riachtanais a bpobal a neartú. Bhí spéis as cuimse sa scéim ann fós i mbliana, agus 183 iarratas faighte ó eagraíochtaí pobail agus deonacha ar fud Fhine Gall. Tar éis próiseas measúnaithe mionsonraithe, ceadaíodh cistiú do 134 ghrúpa.
Dúirt Dara Calleary TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus an tAire Coimirce Sóisialaí: “Is suntasach atá an difear a dhéanann an Clár Feabhsúcháin Áitiúil, agus tugann sé deis do ghrúpaí pobail an obair ríluachmhar a dhéanann siad thar ceann daoine eile a dhéanamh i limistéir áitiúla ar fud na tíre.”
Leanann an Clár Feabhsúcháin Áitiúil le ról tábhachtach a imirt maidir le tacú le heagraíochtaí pobail, agus é ag cabhrú leo feabhas a chur ar bhonneagar áitiúil, seirbhísí a leathnú, agus difear dearfach a dhéanamh do shaol na gcónaitheoirí ar fud Fhine Gall.
Tá clubanna spóirt, lena n-áirítear clubanna cruicéid, tar éis cistiú a fháil ón gClár Feabhsúcháin Áitiúil.
Le cistiú an Chláir Feabhsúcháin Áitiúil na bliana seo, tacófar le raon éagsúil eagraíochtaí pobalbhunaithe ar fud Fhine Gall, lena n-áireofar clubanna spóirt, seirbhísí óige, grúpaí daoine scothaosta gníomhacha, eagraíochtaí tacaíochta míchumais agus sláinte, coistí Bailte Slachtmhara, ionaid phobail, cumainn cónaitheoirí, grúpaí ealaíon agus oidhreachta, eagraíochtaí ilchultúrtha, agus tionscnaimh faoi stiúir oibrithe deonacha.
Rinne John Quinlivan, Stiúrthóir Seirbhísí um Fhorbairt Eacnamaíoch, Pobail agus Chultúrtha, comhghairdeas leis na faighteoirí. Dúirt sé: “Tá áthas orm a fheiceáil go bhfuil an cistiú seo á leithdháileadh ar an oiread sin eagraíochtaí pobail fiúntacha ar fud Fhine Gall. Tá na grúpaí sin i gcroílár ár bpobal, agus iad ag soláthar deiseanna le haghaidh rannpháirtíochta, ionchuimsithe agus folláine. Cabhróidh an Clár Feabhsúcháin Áitiúil le cur lena gcumas chun seirbhísí áitiúla tábhachtacha a sholáthar agus feabhas a chur ar na saoráidí a mbíonn cónaitheoirí ag brath orthu.”
Tá liosta iomlán de na grúpaí rathúla i bhFine Gall a ceadaíodh le haghaidh cistiúcháin faoin gClár Feabhsúcháin Áitiúil 2026 ar fáil anseo.