Baintear na Réamhrabhaidh ar fad ó thránna Fhine Gall.

In Anailís ar Shamplaí Uisce Snámha do gach trá de chuid Fhine Gall ó shamplaí a tógadh an 5 & 6 Lúnasa, chomhlíon na torthaí ó na tránna uile an caighdeán aicmithe “Sármhaith” le haghaidh Uiscí Snámha, ach amháin Port Reachrann 'Go Maith'.

Claremont Beach

Tar éis dul i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), bainfidh Comhairle Contae Fhine Gall fógraí Réamhrabhaidh (Comhairle Gan Snámh) ó na tránna go léir. 

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi thránna agus faoi uisce snámha, féach Tránna agus Uisce Snámha.

Chun faisnéis a fháil faoi Ghardaí Tarrthála an tseachtain seo, féach Gardaí Tarrthála a Sholáthar.

Is féidir le daoine den phobal cáilíocht an uisce ag aon cheann de na huiscí snámha a ndéantar faireachán orthu in Éirinn a sheiceáil roimh ré trí shuíomh Gréasáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil a rochtain ag www.beaches.ie nó tríd an gclár fógraí ag bealach isteach gach trá a sheiceáil.

Chun amharc ar mhíniú ar na caighdeáin a úsáidtear chun torthaí uisce snámha a thuairisciú, téigh chuig https://www.fingal.ie/ga/monatoireacht-ar-chailiocht-uisce-snamha-ceisteanna-coitianta 

Faigh faisnéis faoi do thrá áitiúil i bhFine Gall anseo: