Amnesty Oíche Shamhna Bliantúil ag Ionaid Athchúrsála 2020

Glacfar le hábhair indóite (leapacha, toilg, doirse adhmaid 7rl) saor in aisce ag Ionaid Athchúrsála Chomhairle Contae Fhine Gall do chónaitheoirí Fhine Gall ón gCéadaoin, 21 Deireadh Fómhair go dtí an Satharn, 31 Deireadh Fómhair, seachas an Domhnach agus Saoire Bainc.

Tá an Amnesty á leathnú le laethanta breise saor in aisce curtha leis mar bhealach chun tacú le pobail áitiúla. Cuirtear na laethanta breise san áireamh chun rochtain mhéadaithe a sholáthar don phobal ar na hionaid athchúrsála atá ag feidhmiú faoi phrótacail um Fhadú Sóisialta Covid le cead docht ar líon na gcarranna ag na hionaid ag aon am faoi leith.

Meabhraítear do dhaoine go gcaithfidh siad cloí le treoirlínte an Rialtais maidir le fanacht laistigh de 5 ciliméadar dá dtithe faoi na srianta nua Leibhéal 5 a thiocfaidh i bhfeidhm ag meánoíche Dé Céadaoin, 21 Deireadh Fómhair.

Tá Ionad Athchúrsála Chúil Mhín ar oscailt ó 9rn go 4in Luan go Satharn. Tá Ionad Athchúrsála an Inbhir ar oscailt ó 8rn go 8in Luan go hAoine agus 8rn go 6in ar an Satharn.

Ba chóir a THABHAIRT LE FIOS nach mbeidh an iontráil dheireanach chuig na hIonaid Athchúrsála idir na dátaí seo níos déanaí ná uair an chloig roimh an t-am dúnta mar gheall ar an líon mór feithiclí a bhfuil súil leo, is é sin 3in i gCúil Mhín agus 7in in Ionad Athchúrsála  an Inbhir agus 5in Dé Sathairn.

Cuirtear an tionscnamh seo ar fáil chun cuidiú le spásanna oscailte a chosaint trí dhiúscairt dramhaíola féideartha ar thinte cnámh áitiúla a laghdú. San am atá thart d’éirigh leis an tionscnamh seo an damáiste do spásanna oscailte poiblí agus glantacháin ina dhiaidh sin a laghdú.  

Beith ar chónaitheoirí ar mian leo leas a bhaint as an seirbhís seo cruthúnas seolta a sholáthar.

Tabhair le fios le do thoil nach gceadaítear do veaineanna móra nó d’fheithiclí tráchtála rochtain a fháil ar na hIonaid Athchúrsála gan socrú a dhéanamh roimh ré.