Am sonrach do dhaoine leochaileacha i bpáirceanna Bhaile Átha Cliath

Tá an tréimhse idir  1.30pm – 3.30pm sonraithe ag ceithre Údarás Áitiúil i mBaile Átha Cliath do Dhaoine Leochaileacha 

Cocooner

NUASHONRAITHE: Dé Máirt 5pm: Carrchlóis le hoscailt chun freastal ar Dhaoine Leochaileacha

I ndiaidh na n-amanna sonracha aclaíochta inár bPáirceanna do Dhaoine Leochaileacha a fhógairt, beidh na carrchlóis seo a leanas i bhFine Gall oscailte idir 1.30pm agus 3.30pm do Dhaoine Leochaileacha a bhfuil cead acu a bheith i mbun aclaíochta laistigh de 5km óna dtithe.

Beidh carrchlóis oscailte ag na suíomhanna seo a leanas: Diméin Mhullach Íde (carrchlós an Chúlbhóthair); Teach Dhroichead Nua; Diméin Ard Giolláin; Páirc San Caitríona; Páirc na Mílaoise; Diméin Sheantraibh.

Chun spás a sholáthar do dhaoine leochaileacha, mholfaimis do dhaoine eile gan na carrchlóis a úsáid i rith an ama seo.  Beidh na carrchlóis liostaithe á mbainistiú ag foireann Chomhairle Contae Fhine Gall agus is do dhaoine leochaileacha amháin iad.

Bheimis buíoch do dhaoine eile gan na carrchlóis a úsáid i rith an ama seo.

1pm: Am sonrach do dhaoine leochaileacha i bpáirceanna Bhaile Átha Cliath

Tá ceithre údarás áitiúil Bhaile Átha Cliath i ndiaidh comhoibriú lena chéile chun am sonrach a ainmniú do dhaoine leochaileacha ar mian leo a bheith i mbun aclaíochta ina bpáirceanna áitiúla. 

Ón lá amárach ar aghaidh, Dé Céadaoin, an 6 Bealtaine, beidh tréimhse dhá uair an chloig, idir 1.30pm agus 3.30pm, ainmnithe i ngach páirc i gcathair agus i gcontae Bhaile Átha Cliath do dhaoine leochaileacha. Tá daoine os cionn 70 bliain d’aois agus daoine a bhfuil fadhbanna leighis acu san áireamh anseo.  

Iarrtar ar úsáideoirí eile na bpáirceanna cuairt a thabhairt ar na páirceanna ag amanna eile ionas go mbeidh neart spáis ag daoine leochaileacha agus go mbeidh siad muiníneach gur féidir leo cloí leis an scaradh sóisialta. 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, An Comhairleoir Eoghan O’Brien: “Cruthaíonn COVID19 go leor dúshlán dúinn agus uaireanta bíonn orainn smaoineamh ar bhealach beagán difriúil chun déileáil leis na dúshláin sin. Tacaím go hiomlán leis an bplean nuálach seo chun spás agus am sonrach amuigh faoin aer a chur ar fáil do Dhaoine Leochaileacha – ar bhealach a chinntíonn go mbeidh siad cinnte gur féidir leo a bheith amuigh faoin aer agus i mbun aclaíochta i dtimpeallacht shábháilte.” 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Táimid ag iarraidh ar shaoránaigh eile é seo a chur san áireamh agus an tréimhse dhá uair an chloig seo a chur ar fáil do dhaoine leochaileacha agus na páirceanna a úsáid ag amanna eile. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh daoine leochaileacha in ann taitneamh a bhaint as ár bpáirceanna agus a gcuid aclaíochta a dhéanamh i dtimpeallacht shábháilte.”