Leideanna um Shábháil Fuinnimh

Roghanna cumraíochta SPÁS TÉIMH Oscailte

Tá Foireann Fuinnimh bunaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall agus chuir sí de chúram uirthi éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú laistigh den eagraíocht agus astaíochtaí carbóin a laghdú.

Chomh maith le hoideachas a chur ar bhaill foirne agus iad a spreagadh le bheith níos tíosaí ó thaobh fuinnimh de, ba mhaith leis an bhFoireann Fuinnimh cabhrú le saoránaigh a gcuid féin a dhéanamh chun astaíochtaí carbóin i bhFine Gall a laghdú.

Tá an leathanach seo lán le leideanna agus comhairle ó Codema, Gníomhaireacht Fuinnimh Bhaile Átha Cliath, atá tiomanta d’aistriú go carbón íseal do Bhaile Átha Cliath a threorú i dtreo 2030 agus 2050. Gníomhaíonn siad mar an gcomhairleoir fuinnimh don ceithre údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath, lena n-áirítear Comhairle Contae Fhine Gall, agus tacaíonn siad leis an aistriú chuig astaíochtaí ísealcharbóin a threorú agus tionchar a imirt air trí ár n-éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a ionchorprú agus ár n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. 

Cuimhnigh, déanfaidh gach athrú, is cuma cé chomh beag, difríocht

Seo cuid de na leideanna is fearr maidir le teach níos tíosaí ar fhuinneamh a bheith agat agus tá nasc ann freisin le Treoir Codema ar Choigilteas Fuinnimh Baile

Heating Timer Graphic

TÉAMH SPÁIS

ÚSÁID D’UAINEADÓIR TÉIMH

Socraigh na hamanna téimh do laethanta éagsúla i rith na seachtaine. Cinntigh go ndéantar an téamh a mhúchadh agus tú ag fágáil an tí agus cuimhnigh go leanfaidh radaitheoirí ag téamh do theach go ceann tamaill tar éis an teas lárnach a mhúchadh.

Hot Water Temperature Graphic

Uisce Te Teaghlaigh

Coigeartaigh an teocht

Coigeartaigh teocht do théimh uisce. Ba chóir teocht d’uisce a shocrú go 60-65ºC, ionas nach gcuirfear fuinneamh amú mar gheall ar róthéamh.

Dishwasher Graphic

Fearais Leictreacha

Úsáid miasniteoir ar theocht íseal

Déan cinnte go bhfuil do mhiasniteoir lán i gcónaí sula ndéantar é a chasadh air agus cuir ar theocht íseal é. B’fhéidir go mbeidh ort na miasa a shruthlú roimh ré. Má tá do leictreachas níos saoire san oíche, triail an fearas a rith thar oíche chun costas a shábháil. Más féidir leat, déan an miasniteoir a mhúchadh roimh an timthriall triomaithe agus lig do na miasa triomú san aer ina ionad.

Daylight Graphic

Soilsiú

Úsáid solas an lae a mhéid agus féidir

Las na soilse sa tráthnóna amháin nuair a bheidh gá leo chun an úsáid is fearr a bhaint as solas an lae.

Oven Graphic

Cócaráil

Coinnigh doras an oigheann dúnta

Ná hoscail doras an oigheann ró-mhinic le linn amanna cócaireachta, mar is féidir leat 20% den teas carntha a chailleadh.

Electric Meter Graphic

Tomhaltas Fuinnimh

Léigh do mhéadar gach seachtain

Léigh do mhéadair gháis agus leictreachais go rialta agus cuir an léamh ar aghaidh chuig d’fhóntas ar bhonn seachtainiúil

Energy Tips Booklet Front Cover

Tuilleadh Leideanna

Íoslódáil an leabhrán

Tá na leideanna uile thuas le fáil sa Treoir maidir le Coigilteas Fuinnimh Baile a chuir Codema le chéile agus is féidir é a fheiceáil trí chliceáil anseo .

Bolgáin solais

Chun féachaint ar threoir céim ar chéim maidir leis na bolgáin is éifeachtaí a roghnú do do theach cliceáil anseo le do thoil

 

Seicliosta Fuinnimh

D’fhéadfadh téamh a bheith mar chúis le beagnach leath de ghnáthbhille fuinnimh gheimhridh an teaghlaigh. Cinntigh go ndéantar seirbhísiú gairmiúil ar do choire gach bliain

Cas síos teocht do théitheoir uisce go dtí an socrú bogthe (60 ° - 65 ° C). Sábhálfaidh tú fuinneamh agus seachnóidh tú do lámha a scalladh.

Seiceáil an bhfuil seaicéad inslithe ar do shorcóir uisce te. Íocfaidh blaincéad inslithe as féin i gceann bliana nó níos lú!

Cuir soilse fluaraiseacha dlútha (CFLanna) nó dé-óidí astaithe solais (LEDanna) in ionad bolgáin tungstain. Tosaigh trí bholgáin 60-100W a athsholáthar a úsáidtear ar feadh roinnt uaireanta an chloig in aghaidh an lae agus lean ar aghaidh mar sin.

Múch na soilse i seomraí nuair nach bhfuil aon duine iontu. Tá sé níos saoire i gcónaí iad a mhúchadh ná iad a fhágáil lasta.

Múch do scáileán ríomhaire nuair nach bhfuil sé in úsáid ar feadh níos mó ná 20 nóiméad, agus múch an príomh ríomhaire agus scáileán mura bhfuil tú chun do ríomhaire a úsáid ar feadh níos mó ná 2 uair an chloig.

Seachain úsáid fuireachais thar oíche - múch trealamh ag an mballa nuair nach bhfuil sé in úsáid m.sh teilifíseáin, boscaí leathanbhanda, trealamh leictreonach.

Cuir comhlaí radaitheora atá rialaithe le teirmeastat (TRV) ar do radaitheoirí ionas gur féidir leat an teocht i ngach seomra a choigeartú.

I rith an gheimhridh, oscail cuirtíní ar do chuid fuinneoga ó dheas i rith an lae chun ligean do sholas na gréine do theach a théamh go nádúrtha, agus iad a dhúnadh san oíche chun an fuaraigh a bhraitheann tú ó fhuinneoga fuara a laghdú.

An chéad uair eile a bheidh fearas nua ag teastáil uait don teach (m.sh. coire, meaisín níocháin), seiceáil an lipéad fuinnimh agus roghnaigh an tsamhail is tíosaí ar fhuinneamh.

 

 

 

 

Le haghaidh tuilleadh faisnéise déan teagmháil le Foireann Fuinnimh Chomhairle Contae Fhine Gall ag [email protected]