Lamháltas Trádála ag Diméin an Droichid Nua,  Domhnach Bat

Tugtar cuireadh do pháirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh ar lamháltas chun sólaistí (uachtar reoite, deochanna teo/fuara, milseogra) a dhíol ó Dé Luain, an 1 Feabhra 2021 go dtí Dé Luain, an 31 Eanáir 2022 ag Diméin an Droichid Nua, Domhnach Bat, Contae Bhaile Átha Cliath, i limistéar riaracháin Chomhairle Contae Fhine Gall. 

Tá foirmeacha iarratais, sonraí agus coinníollacha ar fáil anseo:  Foirm Iarratais agus Coimmíollacha

Caithfear iarratais bhailí a sheoladh ar ais chuig: Roinn Oibríochtaí Bhaile Brigín/Shoird, Comhairle Contae Fhine Gall, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15, tráth nach déanaí ná 4.00pm Dé hAoine, an 8 Eanáir 2021.

 

Caithfear an méid seo a leanas a chur ar fáil le hiarratais –

  • Deimhniú Imréitigh Cánach Reatha
  • Árachas Dliteanais Phoiblí
  • Ráiteas Sláinte agus Sábháilteachta
  • Deimhniú/Deimhnithe Ródacmhainneachta Reatha
  • Polasaí Mótarárachais Reatha
  • Fianaise go bhfuil Rialacháin FSS á gcomhlíonadh.

 

Ní dhéanfar breithniú ar iarratais neamhiomlána nó dhéanacha.

 

Beartaítear an lamháltas a shannadh don iarratasóir rathúil trí Chrannchur Poiblí. Tabharfar fógra scríofa d’iarratasóirí ar am agus dáta an chrannchuir. Caithfidh iarratasóirí freastal ar an gcrannchur. Má bhíonn ceisteanna eile agat, is féidir teagmháil a dhéanamh le Ba%6c%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected] nó glaoch gutháin a chur ar: (01) 8905000.