Faisean Inbhuanaithe Éireann – ceardlanna chun tacú le scoileanna atá rannpháirteach sa Chomórtas Relove Fashion

relove workshop info

I saol an mhearfhaisin, cén costas iarbhír a ghabhann lenár gcuid éadaigh? Leis na ceardlanna ar líne seo, atá á n-urrú ag Comhairle Contae Fhine Gall, tabharfar tús eolais do dhaltaí ar chastachtaí an tionscail dhomhanda faisin agus ar an tionchar atá aige ar ár bpláinéad agus ar dhaoine araon. Ós rud é go bhfuil sé deimhnithe anois go bhfuil an tionscal ar cheann de na rannchuiditheoirí is mó ar domhan leis an athrú aeráide, conas is féidir linn aistriú agus faisean inbhuanaithe a bhaint amach? Ós rud é go mbíonn tomhaltóirí óga trína chéile go minic faoi conas is féidir leo páirt a ghlacadh sa ghluaiseacht faisin inbhuanaithe, treoróidh Circular Fashion Ireland daltaí trí shaol an fhaisin inbhuanaithe trí threoir a thabhairt maidir le hathúsáid, le deisiú, le huaschúrsáil, le brandaí inbhuanaithe, le cé ba cheart a leanúint agus le conas snas glas a sheachaint. Má thugtar faisnéis do dhaltaí chun cabhrú le tomhaltachas comhfhiosach, laghdaítear lorg carbóin a gcuid éadaigh. Tá na ceardlanna sin deartha go sonrach chun cabhrú le daltaí agus le múinteoirí araon i bpleanáil, taighde agus forbairt a dhéanamh ar a n-iontráil sa chomórtas.

Cuir áit in áirithe anseo nó trí ríomhphost a sheoladh chuig: [email protected]