Tá Robert Mizzell and the Country Kings ar stáitse ag casadh beo ag Draíocht

Open Date & Time configuration options

DÉ MÁIRT, AN 19 SAMH 2019, 8PM Príomh-Halla // €25 / lacáiste €23

Tá Robert Mizzell ag cur faoi in Éirinn le breis agus 20 bliain. Tá an chuid dua curtha aige sa Cheol Tíre ón am ar tháinig sé anseo agus anois tá sé ar dhuine de na hAmhránaithe is mó le rá sa Cheol Tíre, agus tá an-tóir air i ngach chearn den tír. Tá 12 albam aonair stiúideo curtha amach aige go dtí seo, chomh maith le 2 DVD agus tá sé ag tabhairt camchuairte timpeall na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe i gcuideachta lena bhanna ceoil. Vótáladh Robert mar ‘an Amhránaí Ceol Tíre Is Fearr in Éirinn’ i bpobalbhreith a rinne iris RSVP.

Ba é ‘Kick Ass Country’ an chéad amhrán mórdhíola a bhí ag Robert, ach ba as an amhrán sin ‘Say You Love Me’ a bhfuil sé aitheanta in Éirinn, go hiondúil. I measc a chuid amhrán mórdhíola tá ‘Mama Courtney ’, Day Job’, ‘John Deer Beer’, ‘Louisiana Saturday Night’ agus ‘Wham Bam’ gan ach roinnt bheag díobh a lua.