Oíche Chultúr i bhFine Gall 18 Meán Fómhair 2020

Tá áthas an domhain ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall clár corraitheach d’imeachtaí saor in aisce a fhógairt a bheidh ar siúl in áiteanna éagsúa i bhFine Gall chun Oíche Chultúir 2020 a cheiliúradh.

Is ócáid phoiblí náisiúnta bhliantúil í Oíche Chultúir a cheiliúrann cultúr, cruthaitheacht agus na healaíona. Ar feadh oíche amháin síneoidh eagraíochtaí ealaíon agus cultúir, caisleáin agus tithe stairiúla i bhFine Gall a n-uaireanta oscailte don phobal, ag cur béime ar éagsúlacht tallainne áitiúla agus áiseanna cultúrtha iontacha. Mar gheall ar na dúshláin a d’eascraigh as COVID-19 le déanaí, cuimsíonn clár na bliana seo imeachtaí digiteacha agus beo ar líne a bheidh ar siúl Dé hAoine 18ú Meán Fómhair 2020.  Is féidir le lucht leanúna de gach aois teacht ‘Le Chéile Trí Chultúr’ agus taitneamh a bhaint as réimse ceoil, filíochta, ceardlanna, turais agus cainteanna atá leagtha amach go sonrach d’Oíche Chultúir i bhFine Gall ar líne nó ag ionaid rannpháirteacha.

Íoslódáil an Clár anseo: Clár Oíche Chultúir i bhFine Gall 2020

culture night 2020