Madra Rua, Éan, Abhainn, Can!

Eachtra fuaime do theaghlaigh de gach aois agus de gach cumas.

San áit ina mbuaileann an talamh an fharraige, seasann tú cosnocht. Tá an fharraige ag laparnach ar do chosa agus idir do ladhair. Tá an lá ag breacadh agus tá na héin ag dúiseacht na tíre agus nuair a fhéachann tú suas, feiceann tú an ghrian ag bun na spéire goirme. Ta cuma rúndiamhair uirthi inniu. Cuireann tú do lámha suas le do shúile chun déshúiligh draíochta a dhéanamh agus nuair a fhéachann tú ar bhun na spéire, feiceann tú i bhfad uait créatúr dearg clúdaithe le fionnadh a bhfuil brollach bán air agus cluasa móra agus é ina shuí go bródúil ar phíosa adhmaid, an Madra Rua críonna.

Is eachtra fuaime é an dráma raidió seo don chlann go léir a iompraíonn daoine ón bhfarraige go dtí forais atá ag canadh ar thuras eipiciúil ceoil atá idirghníomhach ina bhfuiltear ag damhsa agus ag canadh, ag léim le créatúir aisteacha. Bainfidh an chlann go léir an-taitneamh as. Tusa a chinneann an áit: do sheomra suí féin, do ghairdín nó forais. Cuir ar siúl do shamhlaíocht, cuir ar siúl an raidió agus déan an nasc fuaime a íoslódáil. Ansin, téigh ar thuras trí fhuaimdhreach saibhir agus ceol álainn i ndomhan an Madra Rua, an Éan, an Abhainn, Can! Tá treor idirchaidrimh ag dul leis a dearadh go speisialta do leanaí, do thuismitheoirí agus cúramóirí chun na céadfaí a spreagadh.

Anseo i gComhairle Contae Fhine Gall táimid ag tnúth go mór le Cruinniú na nÓg i mbliana. Ar an leathanach gréasáin seo, beimid ag postáil tuilleadh sonraí mar gheall ar ár dtionscadail de réir mar a thagann siad chun cinn, lena n-áirítear conas is féidir páirt a ghlacadh.

Féach sonraí iomlána Cruinniu na nÓg anseo