Lá Náisiúnta ‘Bí Gníomhach Dé Domhnaigh 28 Meitheamh

Tá Oifig Spóirt Fhine Gall ar cheann de 29 Comhpháirtíocht Spóirt Áitiúil sa tír atá ag teacht le chéile chun lá gníomhaíochta corpartha agus spóirt a cheiliúradh agus ba mhaith linn go mbeifeá páirteach agus gníomhach.

 

D’fhorbair na Comhpháirtíochtaí Spóirt Áitiúla liosta inphriontáilte de chluichí agus de ghníomhaíochtaí chun inspioráid a thabhairt duit, agus tá gach ceann acu oiriúnaithe go hiomlán do dhaoine de gach cumas agus leibhéal scileanna. Is féidir é a híoslódáil anseo 

Tá comórtas á reáchtáil ag Oifig Spóirt Fhine Gall don ghníomhaíocht Lá Náisiúnta ‘Bí Gníomhach’ is cruthaithí sa chontae agus mar sin déan cinnte grianghraf nó físeán a roinnt ar na meáin shóisialta agus clib @SportIreland agus #fingalsportsoffice a chur air agus an haischlib #NationalBeActiveDay ionas go mbeidh seans ann ag buachan duais!

Mura bhfuil tú ar na meáin shóisialta, is féidir leat grianghraf nó físeán de do ghníomhaíocht a sheoladh chuig  [email protected]  ionas go mbeidh seans agat duais a bhuachan!

Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar an lá spóirt bhaile féach ar https://www.sportireland.ie/participation/beactive-day nó léigh anseo 

 

Be active day