Féile Staire Fhine Gall 2020

Beidh Féile Staire Fhine Gall ar siúl ar líne ón 12 go 19 Meán Fómhair.

Reáchtálfar féile na bliana ar líne agus beidh na cainteanna ar fad ar fáil ar chainéal YouTube agus ardáin meán sóisialta Leabharlanna Fhine Gall i rith sheachtain na féile idir an 12 agus 19 Meán Fómhair. 

Tá comóradh céad bliain Chreach Bhaile Brigín ar siúl i mbliana agus is é sin príomhthéama ár bhFéile.  Áirítear i gclár na bliana seo arís lá Stair an Chaisleáin agus beidh cainteoirí éagsúla ag roinnt eolais faoi ábhair spéise a bhaineann le Creach Bhaile Brigín, Cogadh na Saoirse agus coinníollacha polaitiúla eile a bhaineann leis an tréimhse seo de stair na hÉireann.

Íoslódáil an clár anseo   Fingal Festival of History Brochure

Fingal Festival of History