Ceardlanna Tótaim & Wigwam

Is sraith de cheardlanna iontach é seo ina rachaidh 5+ páiste ar thuras chun a ngairdín nó spás glas a iompú in áit spraoi iontach don samhradh dóibh féin agus dá gcairde. Taispeánfar do pháistí agus do dhaoine fásta conas ábhar a chuardach agus tótamchuaille ardmhaisithe, dathúil agus cruthaitheach a chruthú mar aon le Wigwam iontach, spraoiúil a bheidh ann don samhradh ar fad.

9.00 a.m. Ceardlann a hAon: Ábhar a chuardach – tógfaidh Aoife páistí agus tuismitheoirí isteach sna háiteanna glasa áitiúla, i gcoillte agus lánaí chun ábhar oiriúnach a chuardach don tótamchuaille agus don wigwam.

11.00 a.m. Ceardlann a Dó: Do Thótamchuaille a dhéanamh – Sa cheardlann seo taispeánfar do na páistí conas an tótamchuaille a ghlanadh, a phéinteáil agus a chur suas faoi threoir tuismitheora.

1.00 p.m. Ceardlann a Trí: Wigwam a thógáil- Sa cheardlann seo taispeánfar do na páistí agus na tuismitheoirí conas Wigwam a thógáil ag baint úsáide as an ábhar a bhailigh siad. Foghlaimeoidh siad freisin conas an wigwam a fhí, a cheangal agus a thacú ionas go mairfidh sé an samhradh ar fad!

3.00 p.m. Ceardlann a Ceathair: Do Wigwam a mhaisiú – Foghlaimeoidh na páistí conas a wigwam a mhaisiú ag baint úsáide as olann, téad, péint agus teicnící uaschúrsála.

Moltar go mbeidh cúnamh tuismitheora ann le linn na sraithe físeáin. Tá sé tábhachtach go mbeidh feasacht ann maidir le suíomhanna neadaithe agus le hinmharthanacht agus pléifear iad seo sa cheardlann foráiste. Seo thíos liosta den trealamh atá molta.

Seo thíos liosta uirlísí do thuismitheoirí (duine fásta freagrach) agus liosta d’ábhar maisiúcháin:

 

Físeán 1 - deimheas bhearrtha   

Físeán 2 - páipéar gainimh éatrom, péint do pháistí, scuabanna péinteála   

Físeán 3 – ceangal cábla nó téad, scriúire mór , téip tomhais   

Físeán 4 – péint do pháistí, téad, ribín, cnaipí, coirníní, stiallbhratacha  etc. 

Ní mór do dhuine fásta freagrach amháin úsáid a bhaint as na huirlisí go léir.

Beifear ábalta gach ceardlann a fheiceáil anseo ag an am liostaithe thuas ar Dé Sathairn, 12 Meitheamh, 2021.

 

 

Físeán 1 -   https://www.youtube.com/watch?v=mxqTaRkihUI  9am

Físeán 2 -    https://youtu.be/zIypq7EZJgU 11am 

Físeán 3 –   https://youtu.be/w8zEwTTxjqI 1pm

Físeán 4 –  https://youtu.be/8LQkBg1r3Iw  3pm

Tá an t-imeacht ar líne seo ‘covid-bháúil’ chun suim a mhúscailt in aonaid theaghlaigh nó faighneoga, agus beidh páistí agus tuismitheoirí ábalta obriú le chéile agus taitneamh a bhaint as Cruinniú na nÓg ina spás féin.

Wicklow willow