Siúlóid An Chósta: Domhnach Bat go Port Reachrann

The Brook Portrane

Ón líne chladaigh den chabhsa iarnróid i nDomhnach Bat, siúil soir taobh le hInbhear an Mhóinéir Leathain.

Déan do bhealach ó thuaidh chuig Galfchúrsa Bhaile Carraige.

Má tá fonn ort dul sa seans, d’fhéadfá lúb iomlán a dhéanamh timpeall ar Ghalfchúrsa an Oileáin ag an bpointe seo agus lán do dhá shúil a bhaint as an áilleacht nádúrtha ata le feiceáil ansin.

Pé rud a shocraíonn tú a dhéanamh, lean ar aghaidh chuig an Túr Martello in aice leis an Óstán Waterside i nDomhnach Bat.

Ón áit sin, is féidir dul díreach go Trá Bhá an Túir i bPort Reachrann - seans go mbeidh snámh tapaidh agat ansin!