Siúlóidí ar Cheann Bhinn Éadair

Howth cliff walk

 

Tá ceithre shiúlóid marcáilte ar fad Cheann Bhinn Éadair le go mbainfidh an siúlóir díograiseach taitneamh astu. Agus tú i mbun na siúlóidí seo, is féidir leat taitneamh a bhaint as radharcanna iontacha amach ar Reachrainn agus ar Inis Mac Neasáin, agus amach ar Chuan Bhaile Átha Cliath chomh maith. Is príomhionaid iad na haillte chun éanlaith a fheiceáil, agus rónta glasa freisin.

Lúb Black Linn

Agus tú ag tús na siúlóide seo ag Stáisiún Dart Bhinn Éadair, lean na saigheada dearga agus tú ag dul amach taobh leis na haillte ag dul in airde go dtí ‘An Mullach’ agus ansin téann an tslí fillte timpeall ar Bheann Éadair agus leanann sí bealach líne an tsean-tram.

Lúb Móin na bhFroganna

Agus tú ag tús na siúlóide seo ag Stáisiún Dart Bhinn Éadair, lean na saigheada corcra chun an cosán a thógáil an bealach ar fad taobh leis na haillte go dtí go dtéann tú thar an Charraig Dhearg, ag dul thar Teach Solais Dhún Criofainn, agus ansin téann tú suas le fána chun dul timpeall ar Cheann Bhinn Éadair agus tagann tú ar ais ar bhealach líne an tsean-tram.

Lúb Chonair na hAille

Agus tú ag tús na siúlóide seo ag Stáisiún Dart Bhinn Éadair, lean na saigheada glasa chun siúl fad na n-aillte ag dul suas le fána go dtí ‘An Mullach’ agus tagann tú ar ais ar chosán a théann comhthreomhar le conair an bhealaigh amach.

Lúb an Líne Tram

Agus tú ag tús na siúlóide seo ag Stáisiún Dart Bhinn Éadair, lean na saigheada glasa chun siúl fad na n-aillte ag dul suas le fána go dtí ‘An Mullach’, agus tar ar ais fad líne an sean-tram.