Titiocht

Tacaíocht Tionóntachta

Tacaíocht Tithíochta

Ritheann an Chomhairle cúrsaí ionduchtaithe do thionóntaí nua. Cuireann an cúrsa seo tú ar an eolas faoi do chuid freagrachtaí mar thionónta agus tugann sé eolas tábhachtach duit faoi do phobal agus do theach nua.

Lámhleabhar Tionónta

Tugtar Lámhleabhar Tionónta do gach tionónta. Míníonn sé seo do thionóntacht, do chíos, cothabháil do thí, conas déileáil le hiompar frithshóisialta, conas do theach a chosaint agus eolas úsáideach eile.

Cúrsa Ionduchtaithe Tionóntaí

Tá ar gach tionónta nua freastal ar chúrsa ionduchtaithe. Míníonn an cúrsa seo do chuid freagrachtaí mar thionónta nua agus leagtar amach ár bhfreagrachtaí.
Déanfar teagmháil leat chun freastal ar chúrsa áit a mbeidh deis agat aon cheisteanna atá agat a chur orainn. Mura féidir leat a bheith ann ar mhiste leat muid a chur ar an eolas ionas gur féidir linn socruithe a dhéanamh duit chun gur féidir leat teacht lá eile.

Teileafón: (01) 890 5588.

Rudaí Tábhachtacha ar Chóir Duit Fios a Bheith Agat Orthu

Cuimhnigh nach hé amháin go bhfuil tú tar éis teach/árasán a fháil ar cíos ón Chomhairle, ach go bhfuil gairdíní tosaigh agus cúil ar cíos agat freisin. Mar thionónta tá tú freagrach as do theach/árasán agus do ghairdín a choinneáil glan agus néata. Ná bíodh do ghairdín ina ábhar clamhsáin ag do chomharsana más é do thoil é.

Tá ort do chíos agus aon mhuirir eile a íoc nuair a bhíonn siad dlite. Caithfidh tú na sonraí faoin ioncam uile atá sa teach a thabhairt dúinn ionas gur féidir linn an cíos atá dlite a mheas.

Caithfidh tú scríobh chuig an Rannóg Bainistíochta Eastát ag leagan amach na bpleananna atá agat chun athrú a chur ar an teach sula ndéanfar aon obair agus cead na Comhairle a iarraidh. Ná déan aon obair nó go mbeadh cead i scríbhinn faighte agat ón Chomhairle. Féach ar ár leathanach Cothabhála chun tuilleadh eolais a fháil.

Ní féidir leat gnó a rith ó do theach/árasán ón Chomhairle agus ní féidir leat cead a thabhairt d’aon duine eile gnó a rith ach an oiread.

Cuireann an Chomhairle árachas ar an struchtúr do na teaghaisí uile atá ann in aghaidh tine, tuile agus damáiste stoirme ach tá tionóntaí freagrach as na hábhair sa teach/árasán. Ba chóir duit árachas ábhair a fháil.

Ní féidir leat mias Satailíte a chur suas gan cead na Comhairle a fháil.

Síníonn tú comhaontú tionóntachta nuair a bhíonn tú i do thionónta agus tá go leor eolais ann. Bí cinnte an t-am a thógáil chun é a léamh agus bíodh a fhios agat céard iad do chuid freagrachtaí mar thionónta. Is féidir leat féachaint i do Lámhleabhar Tionónta chun tuilleadh eolais a fháil.

Is féidir leat peataí tí ar nós cait agus madraí a choinneáil fad is nach mbeidh siad ina núis do do chomharsana.

De réir an dlí caithfidh tú do ghairdín agus an cosán taobh amuigh de do theach a choinneáil glan ó bhruscar agus ní féidir leat do ghairdín ná an cosán a úsáid chun dumpáil a dhéanamh orthu. Má tá rochtain agat ar lána, tá sé de fhreagracht ar na cónaitheoirí é a choinneáil glan ó bhruscar. 

Tá páirceáil phobail ar fáil i go leor de na heastáit nua sa chontae. Úsáid do chuid céille, más é do thoil é, nuair a bhíonn tú ag páirceáil do charr agus ná blocáil rochtain na gcomharsana ar a gcuid tithe. 

Moltar do thionóntaí a bheith rannpháirteach i reáchtáil eastát tithíochta na Comhairle. Is féidir leat é seo a dhéanamh trí bhallraíocht a ghlacadh i do Chumann Cónaitheoirí áitiúil nó Cumann Cónaitheoirí a bhunú mura bhfuil ceann ann cheana féin. Má theastaíonn eolas uait faoi do Chumann Cónaitheoirí áitiúil nó má theastaíonn eolas uait faoi conas ceann a thosú, déan teagmháil leis an Rannóg Pobail ar an Teileafón: 01 890 5100. Is féidir leis an Oifigeach Pobail cúnamh a thabhairt duit chun tosú. Is féidir leo comhairle a thabhairt duit freisin faoi conas deontais a fháil chun cúnamh a thabhairt gníomhaíochtaí pobail a reáchtáil.

Mura bhfuil tú cinnte conas do chóras teasa a oibriú, cuir é sin in iúl dúinn agus is féidir linn eolas a sheoladh chugat ag míniú céard atá le déanamh. Má tá méadar gáis réamhíoctha agat, ní mór duit creidmheas a choinneáil ann chun do chóras teasa a choinneáil ag oibriú. Cuimhnigh go bhfuil muirear seasta laethúil ar mhéadair gáis réamhíoctha – má theastaíonn eolas uait faoi conas méadar gáis réamhíoctha a oibriú cuir glaoch orainn agus is féidir linn roinnt eolais a sheoladh chugat.

Ní féidir leat méadar leictreachais réamhíoctha a shuiteáil gan cead a fháil ón Chomhairle.

Déan Teagmháil Linn

Teileafón: (01) 890 5588 chun deimhniú go mbeidh tú ag freastal ar an chúrsa, lá an chúrsa a athrú nó tuilleadh eolais a iarraidh.

Íoslódáil Lámhleabhar Tionónta

Déan teagmháil leis an Rannóg Pobail
Teileafón: (01) 890 5100

Déan teagmháil leis an Rannóg Bainistíochta Eastát
Teileafón: (01) 890 5588

Cead a Iarraidh chun mo theaghais a athrú 

Teileafón: (01) 890 5588

Ríomhphost:  [email protected]

I scríbhinn: 
An Rannóg Bainistíochta Eastát, 
An Rannóg Tithíochta,
Bóthar an Gharráin, 
Baile Bhlainséir,
Baile Átha Cliath 15