Titiocht

Scéim Cheannaigh (Incriminteach) ag Tionóntaí

Scéimeanna Tithíochta

Mar thionónta atá ann cheana féin, féadfaidh go bhfuil tú incháilithe chun do theach a cheannach uainn ar lascaine bunaithe ar ioncam, ar choinníoll go gcomhlíonann tú critéir cháilitheachta na Scéime. 

  • Tá tithe áirithe atá faoi úinéireacht Chomhairle Contae Fhine Gall incháilithe faoin scéim agus ní féidir na tithe sin a dhíol ach do na tionóntaí atá iontu cheana féin.

  • Ní mór duit Ioncam Inríofa íosta doiciméadaithe de €15,000 sa bhliain a chur ar fáil chun cáiliú. 
  • Tá na lascainí do cheannaitheoirí ó luach an mhargaidh (de 40%, 50% nó 60%) nasctha le hioncam inríofa na dtionóntaí agus ioncam inríofa an chéile, an pháirtí shibhialta nó an chomhchónaitheora a chónaíonn leo; níl na lascainí nasctha le critéir ar bith eile.
  • Leagtar muirear atá nasctha leis an lascaine ar an réadmhaoin. Beidh ort luach an mhuirir atá fágtha a íoc ar ais má dhíoltar an réadmhaoin roimh dheireadh na tréimhse muirearaithe (20, 25 nó 30 bliain faoi seach). Féadfaidh go laghdófar an muirear go nialas thar an tréimhse mhuirearaithe.
  • I ndiaidh teach a cheannach baineann coinníollacha mionsonraithe le háitíocht an tí agus ar athdhíol an tí, agus an céad rogha a bheith ag an gComhairle maidir leis an teach a cheannach arís le linn na tréimhse muirearaithe.
  • Agus an teach díolta, is ortsa mar cheannaitheoir atá an fhreagracht iomlán maidir leis an teach a dheisiú agus a chothabháil. Beidh dliteanas ort freisin i leith Cánach Maoine Áitiúil a íoc.
  • Is féidir le hiarratasóirí atá ceadaithe chun réadmhaoin a cheannach cistí a chur ar fáil óna n-acmhainní féin; trí iasacht a fháil ó institiúid airgeadais phríobháideach; nó trí iarratas a dhéanamh ar iasacht ón gComhairle Contae. 
Beidh dhá chéim i gceist le próiseas iarratais Chomhairle Contae Fhine Gall agus beidh an táille iarratais le híoc in dhá céim freisin.

I gCéim 1, tá foirm iarratais chomhlánaithe le cur isteach in éineacht le doiciméid tacaíochta airgeadais, mar aon le €50 - táille iarratais Chéim 1.

Féadfaidh iarratasóirí a n-éiríonn leo sa chéim seo leanúint ar aghaidh go dtí an dara céim. 

Déanann luachálaí (arna ainmniú ag an gComhairle) an réadmhaoin a luacháil. Íocann an t-iarratasóir €100 - táille iarratais Chéim 2. 

Má tá an Leabhrán Eolais do Thionóntaí léite agat agus más maith leat do theach a cheannach faoin scéim seo, déan teagmháil linn. Tá ár sonraí teagmhála ag bun an leathanaigh seo. 

Comhlánaigh an fhoirm, agus cinntigh go léann tú an seicliosta doiciméid agus go gcuireann tú na doiciméid iomchuí faoi cheangal. Cuir ar ais chugainn í ansin ag an seoladh atá luaite ag bun an leathanaigh seo.

Tá na téarmaí agus coinníollacha sonracha a bhaineann le teach a dhíol faoin scéim leagtha amach sa Leabhrán Eolais do Thionóntaí  (insert document link). Léigh iad seo ina n-iomláine. Má tá ceist ar bith agat i dtaobh na dtéarmaí agus coinníollacha, déan teagmháil linn.

Is féidir achomharc a dhéanamh ar chinntí áirithe.  Tá tuilleadh eolais le fáil sa Doiciméad maidir le Nósanna Imeachta Achomhairc um an Scéim Cheannaigh ag Tionóntaí.

Tenant Purchase (Incremental) Information Booklet 2016, which sets out the eligibility criteria and general information on the scheme is available. 

Doiciméid Ghaolmhara

Leabhrán Eolais 2016 maidir leis an Scéim Cheannaigh (Incriminteach) ag Tionóntaí
Ioncam Inríofa
Doiciméad maidir le Nósanna Imeachta Achomhairc um an Scéim Cheannaigh ag Tionóntaí

Contact Us

Tenant (Incremental) Purchase Scheme
Fingal County Council 
Housing Department
Civic offices
Blanchardstown
Dublin 15 

By telephone : (01) 8905590
By email:  [email protected]