Titiocht

Measúnú ar Thithíocht Shóisialta

Housing Support

Fógra faoi Mheasúnú ar Thithíocht Shóisialta 2023

Líon isteach an iarratais anseo here  faoin 16 Deireadh Fómhair

Tá Achoimre ar an Measúnú ar Thithíocht Shóisialta á hullmhú ag Comhairle Contae Fhine Gall faoi láthair i gcomhréir le hAlt 21 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 2009.

Iarrann an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil ar na hÚdaráis Áitiúla go léir chun an measúnú seo a dhéanamh ar gach duine a chuir isteach ar thacaíocht tithíochta sóisialta.

Is é cuspóir an Mheasúnaithe chun an líon mór teaghlach a dheimhniú a cháiligh do thacaíocht tithíochta sóisialta ar fud an chontae nach bhfuiltear ag freastal ar a riachtanas tithíochta sóisialta, chun tuiscint a fháil ar a mhéid a theastaíonn an tacaíocht sin.

Tá teagmháil á déanamh ag an gComhairle le hiarratasóirí áirithe a chuir isteach ar thacaíocht tithíochta sóisialta i ndiaidh an 30 Iúil 2020 lena dheimhniú go dteastaíonn tacaíocht tithíochta sóisialta uathu go fóill. Caithfidh gach iarratasóir a dheimhniú don Chomhairle go dteastaíonn an tacaíocht uathu tríd an bhfoirm mheasúnaithe ar líne a líonadh.

Ní scríobhfar chuig iarratasóirí a rinne iarratas i ndiaidh an 12 Lúnasa 2022 mar gheall go ndearnadh measúnú ar do chomhad le déanaí agus ní gá teagmháil a dhéanamh leis an gComhairle murach go dtagann athrú ar chúinsí.

Ní chuirtear iarratasóirí ar aistriú, iarratasóirí a bhfuil an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT) á fáil acu agus tionóntaí na Scéime Cóiríochta Cíosa san áireamh sa mheasúnú seo.

Líon isteach d’fhoirm tráth nach déanaí ná an 16 Deireadh Fómhair 2023 lena chinntiú go gcuirtear d’iarratas san áireamh sa mheasúnú seo.

Beidh foirmeacha cóip chrua fós ar fáil do na hiarratasóirí sin ar mian leo tuairisceán cóip pháipéir a dhéanamh - íoslódáil anseo . Is féidir cúnamh a thabhairt d’iarratasóirí chun an fhoirm ar líne a chomhlánú trí na hAonaid Chúraim Chustaiméirí in oifigí na Comhairle:

Comhairle Contae Fhine Gall, Oifigí Cathartha, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15, D15 W638

Uaireanta Oscailte:      Ó Luan go Déardaoin idir 9.00am agus 5.00pm, an Aoine idir 9.00am agus 4.30pm

Comhairle Contae Fhine Gall, Áras an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Contae Bhaile Átha Cliath, K67 X8Y2

Uaireanta Oscailte:      Ó Luan go Déardaoin idir 9.00am agus 5.00pm, an Aoine idir 9.00am agus 4.30pm

 

Déanfar measúnú ar gach foirm a sheoltar chuig an gComhairle lena chinntiú go leanann tacaíocht tithíochta sóisialta a bheith ag teastáil i gcónaí ó gach iarratasóir. Tá sé thar a bheith tábhachtach go líontar foirmeacha go hiomlán agus go gcuirtear an t-eolas ábhartha go léir ar fáil orthu.

Mura dteastaíonn tacaíocht tithíochta sóisialta ó iarratasóir a thuilleadh nó mura bhfuil sé/sí incháilithe é a fháil a thuilleadh, dúnfar a gcomhad.

Glacfar leis nach spéis le/nach dteastaíonn tacaíocht tithíochta sóisialta ó iarratasóirí a thuilleadh nach seolann a bhFoirmeacha Measúnaithe Tithíochta Sóisialta ar ais agus dúnfar a gcomhad.

 

Ba mhaith le Comhairle Contae Fhine Gall buíochas a ghlacadh leat roimh ré as do chomhoibriú.

Níos mó anseo.