Iarratas a Dhéanamh chun Ócáid a reáchtáil ar Thalamh Fhine Gall

Operations

Measann Comhairle Contae Fhine Gall imeacht mar aon chruinniú eagraithe de 10 nduine nó níos mó d’aon ócáid. Más mian leat imeacht a reáchtáil ar cheann de Pháirceanna, Tránna, Spásanna Oscailte Fhine Gall nó aon talamh eile atá faoi úinéireacht na Comhairle (lena n-áirítear bóithre poiblí agus cosáin), ní mór duit iarratas a dhéanamh ar Chead Imeachta. D’fhéadfadh Laethanta Spraoi Teaghlaigh, Féilte, Siúlóidí/Rití Carthanachta, Laethanta Spóirt, Bainiseacha, Ranganna Aclaíochta agus Turais Scoile a áireamh in imeacht, ach níl sé teoranta dóibh sin amháin.

Iarratas

Ní mór gach iarratas maidir le hócáid a reáchtáil a bheith faighte tráth nach déanaí ná 6 seachtaine roimh dháta tosaigh an imeachta le haghaidh imeachtaí beaga (<250 duine), agus tráth nach déanaí ná 12 seachtain roimh dháta tosaigh an imeachta le haghaidh imeachtaí níos mó (250+ duine).

Tá na foirmeacha atá nasctha thíos le cur isteach chuig an limistéar ábhartha mar a shonraítear thíos:

Treoir Bhainistíochta Imeachtaí d’Eolas d’Iarratasóirí amháin 

Foirm Iarratais Imeachta 

Plean Bainistíochta Imeachtaí 

Foirm Dhearbhaithe Dliteanais Phoiblí/Dliteanais Táirge Árachas Imeachta 

Chomh maith leis na foirmeacha thuas, beidh ort freisin cóip de do sceideal árachaí agus cruthúnas slánaíochta a sholáthar do Chomhairle Contae Fhine Gall ar €6.5m Árachas Dliteanais Phoiblí/13m Árachas Dliteanais Fostóra. Beidh €13m Árachas Dliteanais Phoiblí ag teastáil uait má bhaineann an t-imeacht le nithe inséidte, piriteicnic nó gníomhaíocht drón.

Ba cheart aon fhaisnéis a mheasann tú a bheith ábhartha nach bhfuil clúdaithe i bhfoirmeacha iarratais an imeachta a sheoladh mar chuid de d’iarratas freisin.

Táillí

Féadfar táillí a ghearradh ar imeachtaí a ghineann ioncam de chineál tráchtála. Is iad seo a leanas na táillí tipiciúla d’iarratais ar imeachtaí:

  • €120.00 in aghaidh na huaire nó cuid de
  • €480.00 in aghaidh na leathlae (4 uair an chloig)
  • €840.00 in aghaidh an lae iomlán (suas le 7 uair an chloig)

Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil na táillí go léir faoi réir athraithe, agus socrófar an táille deiridh nuair a gheofar an doiciméadú go léir le haghaidh imeachta. Tá na táillí go léir atá liostaithe neamheisiach ó CBL. I gcás imeachtaí níos mó, d’fhéadfadh go ngearrfar banna inaisíoctha as damáistí do thalamh na Comhairle.

Ranganna Íoga, Aclaíochta agus Campa Aclaíochta & Gníomhaíochtaí Cosúla

Ní mór iarratas a dhéanamh chuig an Roinn Oibríochtaí ó duine aonair/grúpa ar mian leo talamh de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall a úsáid chun críocha Ranganna Íoga, Aclaíochta nó Campa Aclaíochta nó gníomhaíochtaí cosúla.

Áirítear ar an bhfoirm iarratais gach eolas maidir le Ranganna Íoga, Aclaíochta agus Campa Aclaíochta lena n-áirítear táillí, amlínte agus téarmaí & coinníollacha.  Tá an fhoirm iarratais ar fáil thíos

Imeachtaí – Foirm Iarratais Rang Aclaíochta

Coinníollacha a bhaineann le hImeacht a Reáchtáil

Áireofar na coinníollacha ar fad maidir le hócáid a reáchtáil ar thalamh faoi úinéireacht Fhine Gall ar an doiciméad ceada a gheobhaidh tú nuair a thugann Comhairle Contae Fhine Gall cead. Ní mór duit cloí leis na coinníollacha go léir atá leagtha amach ar an gcead, nó tá an baol ann go gcúlghairfear do cheadúnas, agus go ndiúltófar cead d’imeachtaí amach anseo. Má tá aon cheist agat faoi na coinníollacha ar do cheadúnas, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an limistéar a d’eisigh an ceadúnas chugat trí ríomhphost (liostaithe thuas). Ba cheart a thabhairt faoi deara go gcoimeádann an Chomhairle an ceart cead a dheonú/a dhiúltú ar bhonn cás ar chás, arna chinneadh ag raon fachtóirí lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do, saincheisteanna páirceála, uaireanta oscailte agus infhaighteacht suímh.

Dúnadh Bóthair

Má theastaíonn dúnadh bóthair ó d’imeacht, ní mór duit iarratas ar leith a dhéanamh air sin chuig an gCeantar Oibriúcháin ábhartha. Tabhaítear táille ar leith le hiarratas ar dhúnadh bóthair agus ní mór é a dhéanamh 6 seachtaine ar a laghad roimh dháta an imeachta bheartaithe. Molann Comhairle Contae Fhine Gall d’eagraithe imeachtaí ar bith imeachtaí a phleanáil ag láthair agus ar bhealach nach dteastaíonn bóthar a dhúnadh. Chun tuilleadh eolais a fháil ar Dhúnadh Bóithre go Sealadach, lean an nasc seo le do thoil: https://www.fingal.ie/council/service/temporary-road-closures-request