Ceardlann Bia Naíonán Éasca

Baby Food Made Easy

Is ceardlann seisiúin amháin í Bia Naíonán Éasca do thuismitheoirí/chaomhnóirí de naíonáin idir 3 agus 9 mhí atá réidh le tosú ar ar an gcothú le spúnóg nó atá á mbaint den chíoch. Tá an t-eolas a thugtar sa cheardlann de réir treoirlínte reatha na Roinne Sláinte agus Leanaí.

Clúdaíonn an cheardlann topaicí ar nós – comharthaí go bhfuil an leanbh réidh le baint den chíoch, agus an saghas bia ar chóir a thabhairt ar dtús, na céimeanna a bhaineann leis an leanbh a bhaint den chíoch, méaróga bia, ailléirgí bia agus tuilleadh lena chois.

Beidh léiriú cócaireachta praitiúil ann freisin a thaispeánann cé chomh éasca is atá sé bia leanaí a dhéanamh le haghaidh na céimeanna éagsúla. Bainfear úsáid as comhábhair úr agus beidh comparáid bhlais ann idir bia leanaí úchócaireáilte agus bia leanaí a cheannaítear sna siopaí.

Is bealach iontach é Bia Naíonán Éasca chun foghlaim faoi chúrsaí cothúcháin do leanaí beaga agus chun bonn láidir a chur faoi na nósanna itheacháin a chothaítear le leanaí.

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le Suzanne Bayley – [email protected]