Uaireanta oscailte na Nollag 2022 - Leabharlanna, Ionaid Athchursála srl

Christmas tree at office 2022.jpg

Dúnfaidh Oifigí Chomhairle Contae Fhine Gall don phobal do thréimhse na Nollag ag 4.30pm Dé hAoine an 23 Nollaig, 2022 agus athosclóidh siad ag 9am Dé Máirt an 3 Eanáir, 2023.

Maidir le héigeandálaí cuir glaoch ar 01 8905000 - tabhair ar aird nach ndéanfar monatóireacht ar an seoladh ríomhphoist   [email protected]  le linn thréimhse dúnta na Nollag.

Féach ar na sonraí thíos le haghaidh Páirceáil Saor in Aisce ag Íoc agus Taispeáin 3 Satharn i mí na Nollag chomh maith le huaireanta oscailte do Leabharlanna, Ionaid Athchúrsála, Athchúrsáil Crann Nollag, Ionaid Fág Anseo 7rl.

 

Leabharlanna

Dúnfaidh Leabharlanna Fhine Gall  Dé hAoine an 23 Nollaig, 2022 agus athosclóidh siad  Dé Máirt an 3 Eanáir, 2023. Tá achmhannaí leabharlainne ar fáil ar Leabharlanna

Féach na sonraí thíos le haghaidh Páirceáil In Aisce ag Íoc & Taispeáin 3 Satharn i mí na Nollag agus Socruithe na Nollag chun Iarratais maidir le Rialaithe Tógála a chur isteach.

Páirceanna Réigiúnacha Fhine Gall

Feidhmeoidh Páirceanna Réigiúnacha uile Fhine Gall gnáthuaireanta oscailte geimhridh le linn thréimhse na Nollag, Lá Nollag san áireamh,

Uaireanta Oscailte Pháirc Bhaile Roiséir, Baile Amhlaoibh           

Oíche Nollag / Dé Sathairn 24ú Nollaig – Oscailte (9rn-4in)

Oíche Chinn Bliana / Dé Sathairn 31ú Nollaig – Oscailte (9rn-4in

Féach thíos uaireanta oscailte na Nollag don dá Ionad Athchúrsála.

Ionad Athchúrsála an Inbhir

24 Nollaig: 8.00rn go 12.00in (Is é 11.45rn an iontráil deiridh feithicle)

25, 26 27  Nollaig: Dúnta

28, 29, 30  Nollaig: Oscailte 8.00rn go 20.00in (Iontráil feithicle deiridh 19.45pm)

31 Nollaig: Oscailte 8.00rn go 16.00in (Iontráil feithicle deiridh 15.45pm)

1, 2 Eanáir: Dúnta 2

3 Eanáir: Atosú ar ghnáthuaireanta Luan – Aoine 8.00r.n.-20.00in (Is é 19.45pm an t-iontráil dheireanach don fheithicil) Dé Sathairn 8.00rn – 18.00in (Iontráil feithicle deiridh ag 17.45pm)

 

Ionad Athchúrsála Chúil Mhín

24 Nollaig: 8.00rn go 12.00in (Iontráil feithicle deiridh 11.45rn)

25, 26, 27  Nollaig: Dúnta

28, 29, 30, 31  Nollaig: Oscailte 9.00rn go 16.00in (Iontráil feithicle deiridh 15.45pm)

1 & 2 Eanáir: Dúnta 

3 Eanáir: Atosú ar ghnáthuaireanta Luan - Satharn 9.00rn - 16.00in (Iontráil feithicle deiridh 15.45pm

Ionaid Fág Anseo – Buidéil, Teicstílí 7rl

Le linn thréimhse na Nollag, beidh Comhairle Contae Fhine Gall ag déanamh gach rud is féidir linn chun na háiseanna Ionaid Fág Anseo a choinneáil glan agus ar fáil le húsáid. Bain úsáid as ár mbainc bhuidéal agus teicstílí go freagrach le do thoil agus ná fág aon rud i do dhiaidh m.sh., Gloine, cannaí, caipíní buidéil, boscaí cairtchláir nó málaí plaisteacha mar d’fhéadfaí fíneáil €150 a ghearradh air seo faoi na hAchtanna um Thruailliú ó Bhruscar 1997-2009.

Más mian leat aon cheisteanna a bhaineann leis na háiseanna Bainc Bhuidéal agus Cannaí a thuairisciú,

Cuir r-phost le do thoil chuig [email protected]   nó glaoigh ar 01 6854400.

Maidir le haon cheisteanna a bhaineann lenár mBainc Teicstílí, cuir r-phost le do thoil chuig i%6e%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected] nó glaoigh ar 01 4642676.

Nollaig Shona daoibh go léir agus go raibh maith agaibh as ucht athchúrsáil a dhéanamh le linn 2022.

PÁIRCEÁIL SAOR IN AISCE DON NOLLAIG

I ngeall ar gur éirigh chomh maith leis an scéim áirithe seo cheana, tá sé socraithe

anois go mbeidh cead páirceáil in aisce laistigh de na limistéir Íoc agus Taispeáin i dtrí

bhaile mhór ar fud Fhine Gall ar feadh 3 Shatharn i Mí na Nollag. Is iad na bailte atá i

gceist ná Baile Brigín, an Ros, na Sceirí, Sord agus i Mullach Íde (Carrchlós Bridgefield

amháin). Is iad na dátaí ná 10ú, 17ú, 24ú Nollaig 2022.

Tacaíonn Comhairle Contae Fhine Gall le fiontraíocht áitiúil agus tá súil againn go

gcabhróidh an tionscnamh seo le gnólachtaí áitiúla trí dhaoine a spreagadh chun

“siopadóireacht áitiúil” a dhéanamh sna bailte seo ag an am siopadóireachta is gnóthaí

den bhliain.

Ba chóir, ar ndóigh, páirceáil go dleathach - gan a bheith i mbánna lódála nó i

spásanna páirceála cead gorm gan an ceadúnas cuí.

Ní mór a luaigh freisin gur féidir páirceáil in aisce laistigh na limistéir Íoc agus

Taispeáin i gCluain Saileach, Baile Átha Cliath 15, ar an Satharn ar feadh na bliana.

SOCRUITHE NA NOLLAG MAIDIR LE hIARRATAIS A DHÉANAMH

Fógraí 7 Lá – Is é 4.00i.n. ar An Aoine, 16ú Nollaig, 2022 an t-am/dáta is déanaí chun fógraí 7 lá a fháil san oifig agus d’iarratais ar líne a ghabhann le Deimhnithe Sábháilteachta Dóiteáin agus Foirmeacha Dearbhúcháin Reachtúla.

Measfar ar iarratais a fhaightear tar éis an ama seo a bheith faighte Dé Máirt, 3ú Eanáir 2023.

Fógra BCMS – Is é an dáta is déanaí chun Fógraí Tosaithe agus Iarratais (Deimhnithe Sábháilteachta Dóiteáin, Deimhnithe Rochtana Míchumais, Dispeansáidí agus Scíth) lena n-áirítear Eolas Breise nó Athbhreithnithe, a chur isteach chuig córas ar líne BCMS 11:59pm ar an 20ú Nollaig 2022. Athosclóidh BCMS d’aighneachtaí ag 12:01am ar an 2ú Eanáir 2023. 

Ní chuirfear iarratais Deimhnithe Comhlíonta ar Chríochnú leis an gClár idir 20ú Nollaig 2022 agus 2ú Eanáir 2023.

Cuimhnigh ar seo le do thoil agus fógra roimh ré ar chríochnú á chur isteach agat.

Athchúrsáil Crann Nollag saor in aisce

Íoslódáil anseo: Ionaid Bailithe Crann Nollag

Beidh Comhairle Contae Fhine Gall ag glacadh le crainn Nollag le hathchúrsáil ag na láithreacha seo a leanas ón 3ú go dtí an 17ú Eanáir 2023.

Baile Brigín/Ros/Lusca

Eolas – Iosta Oibríochta, rphost  [email protected]

  • Carrchlós Bhóthar na bhFolcadán, Baile Brigín
  • Carrchlós Bharr na gCaorach, Bóthar Bhaile Brigín
  • Spás Oscailte Bhaile Hae, An Ros
  • Bealach isteach Pháirc Orlynn, Rochtain ó Bhóthar Bhaile Átha Cliath, Lusca

 Sord/Domhnach Bat/Port Reachrann

Eolas – Iosta Oibríochta, rphost  [email protected]

  • Ionad Athchúrsála Bhóthar an Inbhir (gnáthuaireanta oscailte amháin)
  • Carrchlós páirceanna imeartha Ráth Aingil
  • Páirceanna Mhainéar Shoird
  • Carrchlós Ionad Pobail Domhnach Bat (Ní An Chearnóg i mBliana), 
  • An Sruthán, Port Reachrann
  • Carrchlós Dhiméin Sheantraibh

 Mullach Íde/Port Mearnóg/Baile Dúill/Binn Éadair

Eolas – Iosta Oibríochta, rphost  H%[email protected]

  • Carrchlós Poiblí, Cúlbhóthar, Diméin Mhullach Íde
  • Carrchlós Poiblí, Bóthar na Trá, Port Mearnóg
  • Cúirt Chionn Sáile, Cionn Sáile
  • Carrchlós na mBruach, Mullach Íde
  • Páirc Ghráinseach na Mara, Baile Dúill
  • Páirc Chill Fhionntain, Cill Fhionntain
  • Carrchlós an Chuain, Binn Éadair

 

Baile Bhlainséir/Caisleán Cnucha

Eolas – Iosta Oibríochta, rphost  [email protected]

  •  Carrchlós Pháirc na Mílaoise, Síneadh Bhóthar Snugborough, Cúil Mhín - uaireanta oscailte na páirce amháin

(Fiosrúcháin - Iosta Oibríochtaí Áitiúla, teil. 01 890 5000)

 

Tabhair ar aird le do thoil nach nglacfar ach amháin le crainn Nollag ag na suíomhanna thuas, ní ghlacfar le dramhaíl ghlas eile, seastáin crann Nollag, srl